English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

An tAire Sláinte chun aitheasc a thabhairt do Thionól Sláinte Domhanda WHO

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 18 Bealtaine 2020
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Tabharfaidh an tAire Sláinte Simon Harris TD aitheasc inniu (Dé Luain) do Thionól Sláinte Domhanda bliantúil na hEagraíochta Sláinte Domhanda.

De ghnáth bíonn an Tionól ar siúl sa Ghinéiv, ach i mbliana beidh sé ar siúl go fíorúil ag baint úsáide as teicneolaíocht físchomhdhála, le clár oibre ag díriú beagnach go heisiach ar fhreagairt COVID-19.

Dúirt an tAire Harris

“Cé go gcuireann an paindéim cosc orainn bualadh san fhormáid thraidisiúnta, tabharfaidh cruinniú an lae inniu deis thábhachtach don WHO agus dá Bhallstáit aghaidh a thabhairt le chéile ar an tsaincheist sláinte dhomhanda is práinní i dtréimhse géarchéime.

“Tá sé riachtanach go leanfaimid orainn ag obair le chéile chun aghaidh a thabhairt ar an mbagairt dhomhanda seo.

“Is deis í freisin d’Éirinn a tacaíocht don Eagraíocht Dhomhanda Sláinte a thaispeáint.

“Le linn na géarchéime seo, teastaíonn aontacht uainn, ní deighilt. Ní féidir linn an phaindéim seo a pholaitiú. Seasann Éire gualainn ar ghualainn leis an WHO."

Tabharfaidh Ard-Stiúrthóir WHO Tedros Adhanom Ghebreyesus aitheasc do thoscairí maidir le hullmhacht agus freagairt phaindéimeach COVID-19, agus beidh ráitis ó airí sláinte ina dhiaidh sin.

Tabharfaidh an tAire Harris ómós d’oibrithe cúram sláinte, agus leagfaidh sé béim ar a thábhachtaí atá sé go mbeidh rochtain chothrom ar vacsaíní, diagnóisic, teiripic agus trealamh i gcomhthéacs COVID-19.

Bítear ag súil go nglacfaidh na Ballstáit rún domhanda maidir le freagairt COVID-19 a éilíonn go ndéanfar an comhar agus an comhoibriú a threisiú ar gach leibhéal chun an paindéim COVID-19 a choinneáil faoi smacht, a rialú agus a mhaolú.

CRÍOCH