Ceapachán Ard-Rúnaí na Roinne Sláinte
- Foilsithe: 16 Aibreán 2026
- An t-eolas is déanaí: 16 Aibreán 2026
D’fhógair an tAire Sláinte, Jennifer Carroll MacNeill TD, inniu go bhfuil Derek Tierney ceaptha mar Ard-Rúnaí nua na Roinne Sláinte, tar éis don Rialtas an ceapachán a cheadú.
Dúirt an tAire Carroll MacNeill:
“Is mór agam fáilte a chur roimh Derek Tierney mar Ard-Rúnaí i mo Roinn. Tá saibhreas taithí ag Derek ar fud na seirbhíse sláinte, go háirithe maidir le tionscadail mhóra bonneagair agus acmhainne a chur i gcrích, atá ríthábhachtach do thodhchaí ár seirbhísí. Tá teist láidir aige ar infheistíocht straitéiseach a thiontú ina feabhsuithe fíor-inláimhsithe do na hothair.”
Faoi láthair, is é Derek Tierney Rúnaí Cúnta sa Roinn Sláinte, áit a bhfuil sé i gceannas ar Bhonneagar Sláinte, ar chur chun cinn na Sláinte Digití agus ar chomhordú chlár oibre athchóirithe Sláintecare. Roimhe sin, bhí sé ina Stiúrthóir Cláir i dTascfhórsa Vacsaínithe Covid-19 an Rialtais. Bhí róil shinsearacha aige sna hearnálacha Dlí agus Cirt agus Iompair agus sa Rialtas lárnach, le freagracht as cláir mhórscála, cur i bhfeidhm leasuithe, rialachas córas agus freagairtí uile-Rialtais. Sular tháinig sé isteach sa Státseirbhís, bhí róil shinsearacha aige freisin i gcomhlacht leathstáit iompair tráchtála agus san earnáil phríobháideach, ag obair sna tionscail chógaisíochta, ríomhaireachta agus teileachumarsáide.
Cuireann an tréimhse atá romhainn dúshláin thábhachtacha straitéiseacha agus oibríochtúla os comhair sheirbhís sláinte phoiblí na hÉireann. Ina measc seo tá rochtain ar sheirbhísí agus torthaí d’othair a fheabhsú, cúram comhtháite a neartú trí na Réigiúin Sláinte, agus táirgiúlacht agus luach ar airgead a fheabhsú laistigh de na hacmhainní atá ar fáil. Beidh tionchar ag an éileamh méadaithe, de bharr athruithe daonra agus brú ar an lucht saothair, ar thosaíochtaí na seirbhíse freisin, agus díreofar ar athchóirithe Sláintecare a chur chun cinn chun cúram níos fearr, níos tapa agus atá ullamh don todhchaí a chur ar fáil sa tréimhse amach romhainn. Beidh Uachtaránacht Chomhairle an AE ag Éirinn sa dara leath de 2026, agus beidh fócas suntasach ar na hullmhúcháin don fhreagracht seo agus ar a cur i gcrích.
Dúirt an tAire Carroll MacNeill:
“Ag am ina bhfuil sé ríthábhachtach acmhainn a leathnú, cinnteoidh a cheannaireacht go dtógfar na saoráidí agus na córais a theastaíonn ó othair agus ónár lucht saothair don todhchaí. Éileoidh an chéad chéim eile d’athchóiriú na sláinte díriú leanúnach ar infheistíocht acmhainne agus ar leasuithe a ailíniú le héileamh déimeagrafach, le tosaíochtaí cliniciúla agus le feidhmíocht an chórais. Táim ag tnúth le bheith ag obair le Derek agus leis an bhfoireann sa Roinn Sláinte chun seirbhís a thógáil atá freagrúil do na saincheisteanna atá romhainn inniu agus atá athléimneach don todhchaí.”
Lean an tAire Carroll MacNeill:
“Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt don cheannaireacht den scoth agus don díograis a léirigh Robert Watt le linn a thréimhse sa Roinn Sláinte. Nuair a ghlac mé leis an bpost mar Aire Sláinte anuraidh, ba léir an tionchar fíor a bhí ag Robert, ní hamháin ar an Roinn a stiúir sé go gairmiúil, ach ar an tseirbhís sláinte i gcoitinne freisin. Rinne na leasuithe iomadúla a chuir Robert i bhfeidhm - go háirithe cur chun cinn Sláintecare, athruithe ar an lucht saothair lena n-áirítear an Conradh Comhairleora Poiblí Amháin, méadú ar líon na n-áiteanna oiliúna leighis agus tabhairt isteach na Seirbhíse Coinníollacha Coitianta chuig ár gcógaslanna - difear fíor i bhfeabhsú cúraim d’othair níos cóngaraí don bhaile. Táimid i suíomh níos fearr chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá romhainn gach lá inár seirbhís sláinte, agus is de bharr a thiomantais don tseirbhís phoiblí agus d’fheabhsú torthaí sláinte ar fud na tíre é sin.”
Nótaí:
Tagann an ceapachán sna sála ar chomórtas a rinne an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí thar ceann an Choimisiúin um Cheapacháin Ardleibhéil.
I gcomhréir le socruithe Choimisiúin um Cheapacháin Ardleibhéil d’Ard-Rúnaithe, mairfidh an ceapachán ar feadh téarma seacht mbliana.