Athbhreithniú Náisiúnta ar Sheirbhísí Cairdiacha Speisialtóra - 8ú Cruinniú Grúpa Stiúrtha
- Foilsithe: 4 Nollaig 2018
- An t-eolas is déanaí: 29 Nollaig 2020
Tionóladh an 8ú cruinniú den mhéid thuas Dé Luain 12 Samhain 2018.
Fuair an Grúpa Stiúrtha cur i láthair ó ionadaithe ó Chomhoibriú an Bhoird Taighde Sláinte in Éirinn le haghaidh Athbhreithnithe ar Éifeachtacht Chliniciúil (HRB-CICER) ar an bprótacal beartaithe le haghaidh Sintéis Fianaise-Bhunaithe. Thug Rúnaíocht an Athbhreithnithe nuashonrú don Ghrúpa Stiúrtha maidir leis na pacáistí oibre éagsúla a chuimsíonn an tAthbhreithniú. Tá an suirbhé comhairliúcháin phoiblí dúnta anois, agus ullmhaíodh dréacht-tuarascáil leis na sonraí agus na príomhthéamaí agus cuireadh ar fáil don Ghrúpa Stiúrtha é le trácht a dhéanamh air. Bhí príomhimeacht comhairliúcháin le páirtithe leasmhara ar siúl Dé hAoine 30 Samhain 2018 sa Roinn Sláinte.
Beidh an chéad chruinniú eile den Ghrúpa Stiúrtha Dé hAoine 1 Feabhra 2019.
Foilsítear achoimre ar na cruinnithe agus na doiciméid ghaolmhara go léir ar an Suíomh Gréasáin na Roinne Sláinte.
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir:
Cathaoirleach
Tá an tOllamh Philip Nolan ina Uachtarán ar Ollscoil Mhaigh Nuad le 6 bliana anuas áit a raibh sé i gceannas ar fhorbairt straitéiseach a bhfuil cumas taighde chun cinn aige agus a rinne curaclaim fochéime a chlaochlú. Faoi láthair tá sé ina Uachtarán ar Chumann Ollscoileanna na hÉireann (IUA) agus ina Chathaoirleach ar Thascghrúpa IUA ar Athchóiriú ar Roghnú agus Iontráil Ollscoile.
Léiríonn gairme acadúil an Ollaimh Philip Nolan, a chuimsíonn PhD agus gradaim éagsúla taighde eolaíochta, tiomantas láidir do dhéine na modheolaíochta chun fianaise a ghiniúint. Lean sé seo céim bhunscoile i bhFiseolaíocht i 1988 agus céimeanna leighis MB BCh BAO i 1991 ó Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath (UCD). Ansin chaith an tOllamh Nolan tamall gairid i gcleachtadh míochaine ionas go dtuigeann sé an tseirbhís sláinte agus an gá atá le sonraí agus fianaise a úsáid agus a chur i bhfeidhm chun torthaí othar a bharrfheabhsú. I 1996 chuaigh an tOllamh Nolan le foireann Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, áit a bhfuair sé Dámhachtainí Taighde agus Teagaisc Uachtarán UCD. Bhí sé i gceannas ar fhorbairt Ionad Eolaíochtaí Sláinte UCD, a osclaíodh i 2005, agus a bhí ina Stiúrthóir ar Institiúid Conway UCD ó 2003-2004. Ceapadh an tOllamh Nolan mar Chláraitheoir agus Leas-Uachtarán UCD i 2004, áit ar lean sé i gceannas ar fhorbairtí go dtí gur ceapadh é i Maigh Nuad.
Grúpa Stiúrtha
Cuimsíonn an Grúpa Stiúrtha othair, gairmithe sláinte ábhartha, bainistíocht shinsearach FSS agus oifigigh shinsearacha roinne. I dteannta a chéile, tá saineolas ag an nGrúpa ar sholáthar cliniciúil, bainistíocht seirbhíse, beartas seirbhíse, éifeachtúlacht chliniciúil agus sábháilteacht othar, sláinte phoiblí agus taithí othar. Tá liosta na mball ar fáil ar an leathanach gréasáin tiomnaithe.
Aidhm
Is é aidhm an Athbhreithnithe Náisiúnta na torthaí othar is fearr a bhaint amach ar leibhéal an daonra le béim ar leith ar shábháilteacht, cháilíocht agus inbhuanaitheacht na seirbhísí a fhaigheann othair tríd an ngá leis an gcumraíocht is fearr is féidir a dhéanamh ar sheirbhís cairdiach náisiúnta d'aosaigh. Ó thaobh scóip de, cumhdóidh an tAthbhreithniú Náisiúnta seirbhísí sceidealta agus neamhsceidealaithe ospidéalbhunaithe chun diagnóis agus cóireáil galar cairdiach in aosaigh.
Modhanna
Déanfaidh an tAthbhreithniú Náisiúnta a ghnó trí: cheisteanna lárnacha a ghiniúint ar a ndéanfar athbhreithnithe córasacha déine ar an bhfianaise trí mhodheolaíocht a aithnítear go hidirnáisiúnta a úsáid; dul i gcomhairle leis an bpobal agus le páirtithe leasmhara ábhartha - lena n-áirítear glao ar aighneachtaí; dea-chleachtas idirnáisiúnta a aithint; roinnt cuairteanna a thabhairt ar láithreáin; agus, anailís a dhéanamh ar shonraí faoi sheirbhísí agus dhaonraí atá ann cheana. Ina theannta sin, bunófar Painéal Tagartha Idirnáisiúnta ar a mbeidh saineolaithe idirnáisiúnta chun athbhreithniú neamhspleách piaraí a sholáthar don phróiseas. Tiocfaidh an Coiste le chéile go míosúil i gcoitinne.