Athdhearbhaíonn an tAire Sláinte go dtabharfar tacaíocht do chontaetha ar imir bearta sláinte poiblí a cuireadh i bhfeidhm le déanaí tionchar orthu

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Athdhearbhaíonn an tAire Sláinte go dtabharfar tacaíocht do chontaetha ar imir bearta sláinte poiblí a cuireadh i bhfeidhm le déanaí tionchar orthu

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 9 Lúnasa 2020
  • An t-eolas is déanaí: 12 Lúnasa 2020

I ndiaidh gur tháinig méadú ar chásanna COVID-19 i gCill Dara, Laois agus Uíbh Fhailí le roinnt laethanta anuas, agus i ndiaidh gur fógraíodh bearta sláinte poiblí breise Dé hAoine, cuireadh réimse tacaíochtaí i bhfeidhm le cabhair a thabhairt chun srian a chur ar tharchur breise agus chun tacaíocht a thabhairt dóibh siúd a ndéantar difear dóibh.

Áirítear leo seo:

  • Tá go leor tástála ar bun i measc na saoráidí go léir a bhaineann le briseadh amach agus gach duine a ndearna na daoine a bhain tástáil dhearfach amach teagmháil dhlúth leo.
  • Tá ionaid tástála áitiúla ar oscailt agus chuir an tSeirbhís Náisiúnta Otharcharranna prabionaid bhreise i bhfeidhm.
  • Tá cumarsáid agus aon tacaíocht riachtanach á gcur ar fáil ag Foirne Freagartha Pobail réigiúnacha FSS do shaoráidí Cúram Cónaithe Fadtéarmach i Laois, Uíbh Fhailí agus Cill Dara, agus do gach teach altranais san áireamh, idir tithe altranais poiblí agus príobháideacha. Tá cumarsáid leanúnach á déanamh le DGanna sa cheantar.
  • Tá saoráidí aonraithe á gcur ar fáil dóibh siúd nach féidir leo féinaonrú a dhéanamh ina dtithe nó ina suíomhanna pobail.
  • Tá foirne áitiúla briste amach atá faoi stiúir Shláinte Phoiblí FSS i bhfeidhm i gcás gach briste amach agus tá teagmháil agus comhordú gníomhach á ndéanamh acu leis na gníomhaireachtaí ábhartha agus le bainistíocht na saoráidí.
  • Leanfar le clár réamhghníomhach de thástáil shrathach a dhéanamh i dtithe altranais fud fad na tíre an tseachtain seo agus leanfar lena mhacasamhail de chlár tástála go luath i láithreacha comhchónaithe eile, ar nós soláthar díreach.
  • Bunaíodh Buanchoiste Náisiúnta chun maoirseacht a dhéanamh ar chásanna agus briseadh amach COVID-19 in Ionaid Phróiseála Bia agus sa Tionscal Tógála Dé hAoine, an 7 Lúnasa 2020 agus chas siad le chéile an lá céanna. Scrúdóidh sé prótacail agus bearta comhlíonta reatha chun aon bhearta rialaithe breise a shainaithint agus déanfaidh é breithniú freisin ar bheartas tástála amach anseo d’oibrithe sa dá thionscal seo chomh maith le moladh a dhéanamh ina thaobh.
  • Tá tacaíochtaí um chosaint shóisialta COVID-19 ar fáil dóibh siúd ar gá dóibh aonrú nó srian a chur ar ghluaiseachtaí.

Dúirt an tAire Sláinte, Stephen Donnelly, T.D.;

“Thug an Rialtas bearta breise sláinte poiblí a thabhairt isteach i gCill Dara, Laois agus Uíbh Fhailí i ndiaidh gur mhol an FÉSPN amhlaidh a dhéanamh Dé hAoine. Tuigim go hiomlán an díomá agus an frustrachas a bhfuil daoine sna réigiúin seo thíos leis an deireadh seachtaine seo. Bhí sé ina ríthábhacht go rachaimis i mbun gnímh anois sular scaip an víreas ní ba mhó isteach sa phobal – chun sláinte phoiblí a chosaint, chun grúpaí leochaileacha a chosaint, iad siúd ina measc i dtithe altranais, agus chun athoscailt scoileanna agus atosú seirbhísí sláinte agus cúraim shóisialta a dhéanamh faoi mar a bhí beartaithe.

“Chuir FSS réimse tacaíochtaí breise i bhfeidhm don réigiún do na seachtainí amach romhainn, acmhainn bhreise tástála agus sláinte poiblí, agus cóiríocht aonraithe ina measc, dóibh siúd óna dteastaíonn sé. Tá foirne rialaithe briste amach i bhfeidhm do gach briseadh amach. Bhunaigh FSS Buanchoiste Náisiúnta freisin chun breithniú a dhéanamh ar agus dul i ngleic le ceisteanna a bhaineann leis na tionscail phróiseála bia agus tógála i gcoitinne nuair a chuirtear san áireamh an patrún cásanna le déanaí.”

Dúirt an tAire Donnelly mar fhocal scoir:

“Leanfaidh mé ag oibriú le comhghleacaithe ar fud an Rialtais lena chinntiú go dtéitear i mbun na mbeart go léir chun tacú le muintir Chill Dara, Laoise agus Uíbh Fhailí sna laethanta agus seachtainí amach romhainn.”

CRÍOCH

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat