English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Athruithe ar Chlár Vacsaínithe COVID-19 na hÉireann fógartha ag an Aire Sláinte - 21 Feabhra 2022

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 21 Feabhra 2022
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Tá glactha ag an Aire Sláinte, Stephen Donnelly TD, le moltaí nua maidir le clár vacsaínithe COVID-19 na hÉireann.

Ba é an Coiste Comhairleach Náisiúnta um Imdhíonadh (NIAC) a chuir na moltaí faoi bhráid an Phríomhoifigigh Leighis (CMO), atá tar éis glacadh leis na moltaí.

Mhol NIAC go dtairgfí teanndáileog de vacsaín COVID-19 do gach leanbh agus duine óg idir 12-15 bhliain d’aois.

Ba cheart teanndáileog de vacsaín mRNA, Comirnaty, an vacsaín atá á déanamh ag Pfizer/BioNTech, a thabhairt sé mhí nó níos faide i ndiaidh na príomhvacsaíne.

Maidir leis na leanaí agus daoine óga atá idir 12 – 15 bhliain d’aois a raibh ionfhabhtú acu, ba cheart an teanndáileog a iarchur le haghaidh sé mhí ar a laghad i ndiaidh an ionfhabhtaithe.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Donnelly:

“I gcás aosach, feabhsaíonn teanndáileog de vacsaín mRNA cosaint i gcoinne torthaí tromchúiseacha, galar siomptómach agus ionfhabhtú ó athraitheach Omicron de COVID-19. Thug NIAC le fios go raibh éifeachtúlacht vacsaíne i gcoinne ionfhabhtú siomptómach agus tréimhse san ospidéal cothrom le 60-75% agus 90% faoi seach, idir coicís agus ceithre seachtaine i ndiaidh teanndáileog a thabhairt d’aosaigh.

Is léir ó fhianaise ó chlár teanndáileoige Iosrael go raibh laghdú suntasach le tabhairt faoi deara sa ráta deimhnithe ionfhabhtaithe i measc leanaí agus daoine óga idir 12-15 bhliain d’aois i ndiaidh dóibh an teanndáileog a fháil i gcomparáid le daoine ar comhaois leo a fuair a gcéad vacsaíní cúig nó sé mhí roimhe sin.

“Tá na buntáistí a bhaineann le vacsaíniú soiléir – cuirtear cosc ar thinneas tromchúiseach agus bás, ach tá an laghdú sa ráta ionfhabhtaithe tábhachtach freisin le linn dúinn anseo in Éirinn deireadh a chur le cuid de na srianta sláinte poiblí atá fós i bhfeidhm.

"Is léir go bhfuil vacsaíní COVID-19 thar a bheith éifeachtach agus, dá bhrí sin, tá sé tábhachtach go bhfaigheann aon duine nach bhfuil vacsaín COVID-19 faighte aige/aici, vacsaín chomh luath agus is féidir, lena n-áirítear daoine atá idir 5 – 11 bhliain d’aois atá incháilithe chun vacsaín Pfizer a fháil.

“Is léir ón bhfianaise nach bhfuil baol ionfhabhtaithe chomh suntasach céanna luaite le daoine a bhfuil teanndáileog faighte acu agus, má fhaigheann siad ionfhabhtú, nach mbeidh siad chomh hionfhabhtaíoch céanna chomh fada is a bhaineann le daoine eile a ionfhabhtú, i gcomparáid leo siúd nach bhfuil teanndáileog faighte acu. Mura bhfuil teanndáileog faighte agat fós, faigh ceann chomh luath agus is féidir leat – cosnóidh tú tú féin agus na daoine atá mórthimpeall ort.”

Ainneoin príomhvacsaíniú le vacsaíní mRNA a bheith údaraithe ag an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach don aoisghrúpa seo, níl a leithéid d’údarú ann don teanndáileog. Tá iarratas chun Comirnaty a údarú mar theanndáileog d’ógánaigh ó 12 bhliain d’aois ar aghaidh á mheas ag EMA i láthair na huaire.

I gcomhthéacs úsáid sheachlipéid dá leithéid, cinnteoidh an Roinn Sláinte agus FSS go dtabharfar aird ar leith ar thacaíocht agus ar eolas treorach a sholáthar mar chuid den phróiseas toilithe eolasaigh do leanaí agus daoine óga agus dá dtuismitheoirí/caomhnóirí.

Cuirfidh an Roinn Sláinte agus FSS obair i gcrích anois bunaithe ar na hathruithe seo.

CRÍOCH