Béim á leagan ag an Aire Sláinte ar an méadú atá tagtha ar an lucht saothair cúraim sláinte
- Foilsithe: 17 Márta 2025
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Leag an tAire Sláinte, Jennifer Carroll MacNeill TD, béim inniu ar mhéaduithe ar an lucht saothair cúraim sláinte agus ar ghníomhaíocht de chúram sláinte de réir mar a fhoilsítear na táblaí sonraí náisiúnta is déanaí maidir le Item was unpublished or removed. Tugann na sonraí seo rochtain thráthúil do thaighdeoirí agus don phobal i gcoitinne ar fhaisnéis náisiúnta agus tugann sé léargas níos fearr dóibh ar shonraí na hÉireann ar réimse topaicí sláinte.
I measc na dtáblaí a foilsíodh tá staitisticí náisiúnta cúraim sláinte, a bhí bailithe ag an Roinn Sláinte, mar chuid den cheistneoir Staitisticí um Chúram Sláinte NeamhAirgeadaíochta, arna riar i gcomhpháirtíocht le Eurostat, an OEC agus an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (WHO). Is é seo an tríú heagrán de na táblaí a fhoilsítear go bliantúil, sula n-eiseoidh Eurostat agus an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (OECD) iad.
Dúirt an tAire Carroll MacNeill:
"Léiríonn sonraí do 2024 méadú seasta ar an lucht saothair cúraim sláinte in Éirinn. Tá méadú 4% ar lianna, méadú 3% ar chnáimhseacha, agus méadú 6% ar altraí i gcomparáid le 2023. Ina theannta sin, tá méadú leanúnach tagtha ar chéimithe sna réimsí seo.
"Tríd an méadú ar líon na ngairmithe cúraim sláinte atá ag cleachtadh agus na staitisticí a bailíodh agus a bhaineann le gnáthaimh mháinliachta, léirítear tiomantas an Rialtais seo chun cáilíocht na seirbhísí cúraim sláinte in Éirinn a fheabhsú, agus na torthaí is fearr is féidir a chinntiú d'othair.
"Tríd na staitisticí náisiúnta cúraim sláinte seo a fhoilsiú, leagtar béim freisin ar ár dtiomantas do thrédhearcacht agus do scaipeadh na faisnéise sláinte atá tábhachtach. Trí rochtain éasca a chinntiú ar na sonraí seo, táimid ag cumhachtú taighdeoirí agus an phobail leis na huirlisí a theastaíonn uathu chun tuiscint níos doimhne a fháil ar sheirbhís sláinte na hÉireann."
Léiríonn na sonraí:
- B'ionann líon na n-altraí a bhí ag cleachtadh in Éirinn in 2024 agus 76,558, méadú 5.5% ó 2023.
- Measadh gurbh ionann líon na bhfiaclóirí atá ag cleachtadh in Éirinn do 2024 agus 2,560, méadú 3.8% ó 2023.
- B'ionann líon na gcógaiseoirí a bhí ag cleachtadh in Éirinn in 2024 agus 6,250, méadú 8.8% ó 2023.
- B'ionann líon na gcéimithe i réimsí staidéir a bhaineann le sláinte agus 3,455 mac léinn in 2023, méadú 1.6% ón mbliain roimhe sin. I measc na réimsí staidéir seo tá leigheas, altranas, cnáimhseachas, fiaclóireacht agus cógaisíocht.
- Ba í máinliacht chatarachta an gnáthamh máinliachta ba choitianta in Éirinn in 2023 le 44,105 gnáthamh déanta san iomlán, i gcomparáid le 39,347 gnáthamh in 2022.
- Bhí 13,491 gnáthamh d’athchur cromáin ann in 2023, i gcomparáid le 12,830 gnáthamh in 2022.
- In 2024, bhí 89 aonad MRI ag feidhmiú in Éirinn, agus úsáideadh beagnach 85% díobh i suíomh ospidéil.
Nótaí:
Staitisticí Náisiúnta Cúraim Sláinte 2025
Is cleachtadh bliantúil é sonraí na Staitisticí Náisiúnta Cúraim Sláinte a dhéanann an Roinn Sláinte. Bailítear na staitisticí sin mar chuid den cheistneoir maidir le Staitisticí um Chúram Sláinte NeamhAirgeadaíochta, arna riar go comhpháirteach ag Eurostat, OECD agus WHO chun rialachán Eorpach (AE) 2022/2294 a chomhlíonadh.
Déantar an fhaisnéis a óstáil ar gov.ie, agus áit lárnach á cur ar fáil chun a chinntiú go mbeidh rochtain ag an bpobal ar shonraí agus ar a mheiteashonraí. Tá sé ar fáil freisin ar data.gov.ie, ag teacht le tiomantas an Rialtais do Threoir an Aontais Eorpaigh maidir le Sonraí Oscailte.
Sásaíonn foilsiú táblaí sonraí oscailte na moltaí athbhreithnithe Piaraí Eorpachagur chóir d'Éirinn sonraí náisiúnta a chur ar fáil sula bhfoilseofar iad trí Eurostat agus OECD.