Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Béim á leagan ag an Roinn Sláinte ar na hiarrachtaí leanúnacha atá ar bun maidir le hathchóiriú na sláinte poiblí agus í ag cur fáilte roimh thoscaireacht na Gearmáine le haghaidh cruinnithe trí-lá

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 8 Aibreán 2024
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Chuir an Roinn Sláinte fáilte inniu roimh thoscaireacht na Gearmáine d'oifigigh shláinte le haghaidh cruinnithe trí-lá, atá dírithe ar fheabhas a chur ar chórais shláinte phoiblí.

Tá sé mar aidhm ag an gcuairt seo comhoibriú, comhroinnt faisnéise agus foghlaim a chothú idir oifigigh shláinte sa dá thír.

In Éirinn, tá obair ar bun faoi láthair trí chlár uaillmhianach um athchóiriú na sláinte poiblí, lena n-áirítear infheistíocht shuntasach sa lucht saothair sláinte poiblí, breithniú agus cur i bhfeidhm mholtaí na Sainghrúpaí Comhairleacha um Athchóiriú na Sláinte Poiblí, straitéis um shláinte phoiblí a fhorbairt agus scrúdú a dhéanamh ar an mbealach is fearr chun freagairt do bhagairtí sláinte amach anseo agus bagairtí sláinte atá le teacht chun cinn.

Chinntigh freagairt láidir na hÉireann ar phaindéim COVID-19 go raibh sí ar cheann de sheacht dtír de chuid an OECD nach raibh farasbarr básanna ann le linn na paindéime. Bhí an ráta glactha do vacsaínithe príomhúla COVID-19 i measc na rátaí is airde san Aontas freisin.

Agus tíortha eile ag iarraidh foghlaim ó thaithí na hÉireann, is deis í cuairt thoscaireacht na Gearmáine d'Éirinn aird a tharraingt ar na tionscadail leanúnacha a neartóidh córais shláinte phoiblí a thuilleadh, chomh maith le foghlaim ó thaithí ár gcomhghleacaithe Gearmánacha.

Tabharfaidh an grúpa, lena n-áirítear an Státrúnaí Sláinte, an Dr Antje Draheim agus Comhairleoir Sinsearach sa tSláinte Phoiblí, an Dr Elke Jakubowski, cuairt ar roinnt suíomhanna agus áiseanna cúraim sláinte chun tuiscint níos fearr a fháil ar an gcaoi a gcuirtear seirbhísí ar fáil ar an láthair.

Agus í ag cur fáilte roimh an ngrúpa go hÉirinn, dúirt an Príomhoifigeach Leighis, an tOllamh Breda Smyth:

“Tá an-áthas orm fáilte a chur roimh an Dr Antje Draheim, an Dr Elke Jakubowski agus an toscaireacht uilig go Baile Átha Cliath ar feadh trí lá de chomhroinnt agus d'fhoghlaim faisnéise. Tharraing paindéim COVID-19 béim ar an tábhacht a bhaineann le seirbhísí sláinte poiblí láidre laistigh den tseirbhís sláinte i gcoitinne. Agus an dá thír ag plé na bhfeidhmeanna sláinte poiblí, seo an t-am iontach le foghlaim óna chéile agus tús a chur leis an idirphlé leanúnach maidir le hathchóiriú agus forbairt na sláinte poiblí.

"Tá an Roinn ag an gcéim thosaigh faoi láthair chun straitéis um shláinte phoiblí a fhorbairt a thabharfaidh aghaidh ar na ceithre réimse sláinte poiblí: Feabhsú Sláinte, Feabhsú na Seirbhíse Sláinte, Cosaint Shláinte agus Faisnéis Shláinte. Áireofar leis seo straitéis coiscthe, a thacóidh le sláinte agus folláine sa bhaile, a mbeidh sé mar aidhm aici cúram a mhéadú sa phobal, agus an gá atá le cúram ospidéalbhunaithe a laghdú."

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat