English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Baineann Éire ceannródaíocht dhomhanda amach maidir le hidir-inoibritheacht aip rianaithe teagmhálaithe – an tAire Donnelly

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 31 Iúil 2020
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Ón lá inniu, tá cur chuige uile-oileáin ceannródaíoch domhanda bainte amach ag Éirinn i dtaobh aipeanna rianaithe teagmhála.

Is cuma má úsáideann daoine Aip Rianaire COVID-19 na hÉireann, nó aip rianaithe teagmhála Thuaisceart Éireann, tugtar cinntiú dóibh go mbeidh a ngutháin in ann ‘teagmháil a dhéanamh lena chéile’ trí úsáid a bhaint as eochracha rollacha gan ainm/ croitheadh láimhe Bluetooth.

Tugann an dá aip foláireamh anois do dhaoine nuair a bhíonn teagmháil dhlúth déanta acu le duine a bhfuil diagnóis dhearfach COVID-19 faighte acu – gan aird ar cibé acu ar diagnóisíodh an duine sin Laisteas nó Lastuaidh den teorainn nó cibé acu an bhfuil aip Thuaisceart Éireann nó na hÉireann á húsáid acu.

Ag labhairt inniu (Dé hAoine), dúirt an tAire Donnelly:

“Táim thar a bheith bródúil as an méid atá bainte amach ag Éirinn maidir leis seo. Chuireamar ceann de na seoltaí aipe ba rathúla ar siúl, agus thosaigh méid ollmhór daoine le húsáid a bhaint as sna chéad 24 uair an chloig. Amhail ón lá inniu, tá an aip íoslódáilte ag 1.46 milliún duine. Tá ceannródaíocht dhomhanda eile bainte amach againn anois freisin maidir le hidir-inoibritheacht trasteorann.

“Iarracht uile-oileáin a bhí i sláinte phoiblí i gcónaí, agus tugadh faoi rianú teagmhálaithe i gcónaí trasna na teorann ón dá thaobh. Uirlis thábhachtach eile atá sna haipeanna a d’fhorbair Éire agus Tuaisceart Éireann san iarracht sin, a chinnteoidh, is cuma cén áit a bhfuil tú ar an oileán, go n-oibreoidh d’aip agus go dtabharfar fógra duit, más gá, má rinne tú aon teagmháil dhlúth le daoine a bhfuil an víreas orthu.

De réir mar a dhruideann an deireadh seachtaine Saoire Bhainc linn agus go mbainimid taitneamh as roinnt am saor, ba mhaith liom iarraidh ar dhaoine arís eile chun a dtionóil a choimeád beag, aithne a bheith agat ar na daoine a ndéanann tú teagmháil leo, agus an aip a íoslódáil ó shiopaí Apple nó Play, bheith sábháilte i gcónaí agus a chéile a chosaint.”

CRÍOCH

Nótaí don Eagarthóir

Tá eolas breise ar fáil, eolas mionsonraithe faoi phríobháideachas agus úsáid sonraí san áireamh, ar covidtracker.ie