Buaileann an tAire Donnelly lena Chomhpháirtithe ón AE chun cúrsaí maidir le COVID-19 a phlé agus chun aghaidh a thabhairt ar an am atá le teacht
- Foilsithe: 2 Nollaig 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Bhuail an tAire Sláine, Stephen Donnelly, lena chomhghleacaithe ón AE inniu chun cúrsaí i ndáil le COVID-19 a phlé, agus chun go ndéanfaidís a machnamh ar na ceachtanna atá foghlamtha agus ar thograí meántéarmacha a neartódh an tslándáil sláinte san AE. Reáchtáladh an cruinniú fíorúil seo, a mhair an lá go léir, in ionad an chruinnithe fhoirmeálta EPSCO de chuid na Comhairle Sláinte a reáchtáltar de ghnáth sa Bhruiséil.
Le linn an chruinnithe, d’iarr an tAire Sláinte ar a chomhghleacaithe Eorpacha go gcinnteoidís go mbeadh comhoibriú leanúnach ann maidir le gach ábhar a bhaineann le COVID-19.
Dúirt an tAire Donnelly:
"Tá rochtain ag gach tír san AE are eolas agus ar shonraí a chuidíonn leo sa troid in aghaidh COVID-19. Táimid ag obair go dlúth le chéile cheana féin ag leibhéal an AE agus ba mhaith liom go méadófaí agus go gcuirfí leis an gcomhoibriú sin. Tacaím go háirithe leis na hiarrachtaí atá ann an teicneolaíocht a úsáid chun sonraí a roinnt agus chun an comhoibriú a fheabhsú sa todchaí. Trí shonraí a roinnt go sábháilte agus go héifeachtach, is féidir linn an mhonatóireacht a dhéanaimid ar bhagairtí sláinte trasteorann a fheabhsú. D’fháiltigh mé freisin roimh an dul chun cinn atá á dhéanamh ar an bhfoirm aimsitheora paisnéirí. Beidh cumhacht dhochreidte ag baint le comhroinnt na faisnéise seo, agus cabhróidh sé linn go léir líon na gcásanna covid-19 a shrianú ar fud na hEorpa."
Ar maidin, phléigh na hAirí Sláinte tograí ón gCoimisiún Eorpach maidir le hAontas Sláinte Eorpach a Thógáil: Acmhainneacht an AE a threisiú chun dul i ngleic le bagairtí sláinte trasteorann.
Dúirt an tAire Donnelly:
"De bharr COVID-19 tháinig dúshláin shuntasacha chun cinn do gach Ballstáit and aibhsíodh na laigí atá ann inár n-acmhainneacht aonarach agus comhchoiteann déileáil le héigeandálaí sláinte. Ní mór dúinn foghlaim ón bpaindéim seo agus ó na cinn a bhí ann roimhe seo chun go mbeimid ullmhaithe níos fearr i gcomhair géarchéimeanna sláinte amach anseo.” Dúirt sé freisin, “Freagraíonn moltaí an Choimisiúin ar an ngá atá ann ullmhúchán agus freagairt ar phaindéim níos fearr a dhéanamh ag leibhéal an AE. Fáiltímid go háirithe roimh thograí a chuireann le mandáid an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (EDCD) agu an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA)."
Um thrathnóna, mhalartaigh na hAirí tuairimí ar Straitéis Chógaisíochta an AE a foilsíodh le déanaí. Cuireann Éire fáilte mhór roimh sheoladh na Straitéise agus aithníonn sí go bhfuil an Straitéis an-uaillmhianach agus go bhfuil scóip leathan aici thar shaolré na gcógas.
Dúirt an tAire Donnelly:
"Anois níos mó ná riamh, ní mór don AE cinnte a dhéanamh de go bhfuil rochtain aige ar chógas atá sábháilte agus éifeachtach agus ar phraghas réasúnta chun sláinte agus folláine ár saoránaigh go léir a chosaint. Beidh tábhacht faoi leith ag baint lenár n-iarrachtaí comhchoiteann maidir le spriocanna uaillmhianacha na Straitéise seo a sheachadadh ionas go mbeimid ábalta córas ata othar-láraithe i ndáiríre a sheachadh."
CRÍOCH