Buaileann an tAire Sláinte le hAirí Sláinte an AE

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Buaileann an tAire Sláinte le hAirí Sláinte an AE

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 4 Meán Fómhair 2020
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Ghlac an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD, páirt i gcruinniú ad-hoc d’Airí Sláinte an AE chun tuairimí a mhalartú lena chomhghleacaithe Eorpacha agus leis an gCoimisiún Eorpach maidir le soláthar vacsaíní COVID-19 chomh maith le cuir chuige ar fud an AE maidir le taisteal.

Is é seo an dara cruinniú d’Airí Sláinte an AE ó ghlac an Ghearmáin Uachtaránacht ar bhonn sealaíochta ar Chomhairle an AE an 1 Iúil. Bhí an tUasal Jens Spahn, Aire Sláinte Cónaidhme na Gearmáine, ina chathaoirleach ar an gcruinniú. Rinne an Coimisinéir Sláinte Stella Kyriakides ionadaíocht don Choimisiún Eorpach agus bhí oifigigh ón Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc & a Rialú i láthair freisin. Mar gheall ar phaindéim Covid-19, tionóladh an cruinniú go fíorúil, i bhfoirm físchomhdhála.

Maidir le soláthar vacsaíní COVID-19, dúirt an tAire Donnelly:

"Tacaíonn Éire go hiomlán leis an aidhm réimse leathan vacsaíní iarrthóra a fháil a chuimsíonn raon cineálacha cur chuige teicneolaíochta éagsúla, a thugann an deis is fearr dúinn vacsaín sábháilte agus éifeachtach a fháil i gcoinne COVID-19."

Agus é ag cur leis an bplé maidir le taisteal, dúirt an tAire Donnelly:

"Fáiltíonn Éire roimh an bplé ar chur chuige i leith taistil ar fud na hEorpa agus tacaíonn sé go háirithe le tionscnaimh chun comhroinnt agus inchomparáideacht sonraí a neartú chun aon bheartais ghaolmhara a threorú."

CRÍOCH

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat