Buiséad 2020: Beocht a chur sa chlár Sláintecare inár bPobail ach 1,000 Ball Foirne Túslíne sa Bhreis, 1 mhilliún Uair Cúram Baile sa Bhreis agus €100 milliún don Chiste Náisiúnta um Cheannach Cóireála a sholáthar - Airí Sláinte
- Foilsithe: 9 Deireadh Fómhair 2019
- An t-eolas is déanaí: 10 Deireadh Fómhair 2019
An incháilitheacht le haghaidh Seirbhísí Cúraim Phríomhúil a mhéadú tuilleadh agus costais chógas a laghdú tuilleadh
- €60 milliún chun 1,000 ball foirne túslíne a earcú sa phobal faoi dheireadh na bliana 2021;
- €45 mhilliún chun tacú le bearta a thacaíonn le teaghlaigh, lena n-áirítear cúram lia-chleachtóra ghinearálta saor in aisce a sholáthar do leanaí faoi bhun 8 mbliana d’aois agus cúram fiacla saor in aisce a sholáthar do leanaí faoi bhun 6 bliana d’aois;
- Aon mhilliún uair cúnamh baile sa bhreis a sholáthar agus treoirscéim reachtúil a chur i bhfeidhm;
- Infheistíocht €100 milliún chun cabhrú le liostaí feithimh a laghdú;
- Costas an chúraim sláinte a laghdú agus teorainneacha ioncaim le hincháilitheacht le haghaidh cártaí liachta a mhéadú do dhaoine os cionn 70 bliain d’aois.
Dúirt Simon Harris TD, an tAire Sláinte, inniu (an Chéadaoin) gurb é an aidhm atá le Buiséad 2020 ná beocht a chur sa chlár athchóirithe sláinte Sláintecare i bpobail ar fud na tíre ach infheistíocht a dhéanamh i bpríomhthacaí straitéiseacha.
Dúirt an tAire Harris go ndéanfaí soláthar leis an mBuiséad d’incháilitheacht mhéadaithe, lena n-áirítear cúram lia-chleachtóra ghinearálta saor in aisce do leanaí faoi bhun 8 mbliana d’aois, cúram fiacla saor in aisce do leanaí faoi bhun 6 bliana d’aois agus teorainneacha méadaithe ioncaim do dhaoine os cionn 70 bliain d’aois chun cáiliú le haghaidh cárta liachta iomlán. Laghdófar costas na gcógas freisin ar aon dul le Buiséid roimhe agus leis an bPlean Sláintecare.
“Tá céim mhór ar aghaidh á tógáil ag an gclár Sláintecare inniu, rud a chuirfidh leis an obair a rinneadh le bliain anuas. Is é an toradh a bheidh ar an gceangaltas cistiúcháin fadtéarmach i mBuiséad 2020 ná go gcuirfear tús dáiríre leis an aistriú chuig cúram pobail. Earcófar 1,000 ball foirne túslíne i gcúram sláinte pobail, lena n-áireofar teiripeoirí, altraí agus gairmithe eile.”
Tá na nithe seo a leanas i measc na dtograí eile:
• Soláthrófar €100 milliún don Chiste Náisiúnta um Cheannach Cóireála chun cabhrú le liostaí feithimh a laghdú;
• Laghdófar muirir oidis faoi 50c ó mhí Iúil i leith;
• Leathnófar cúram lia-chleachtóra ghinearálta saor in aisce chuig leanaí faoi bhun 8 mbliana d’aois agus leathnófar cúram fiacla saor in aisce chuig leanaí faoi bhun 6 bliana d’aois ó mhí Mheán Fómhair i leith;
• Laghdófar an tairseach mhíosúil €124 don Scéim Íocaíochta Drugaí faoi €10 go €114 ó mhí Mheán Fómhair i leith;
• Osclófar 55 leaba ospíse nua i gContae Chill Dara, i gContae Mhaigh Eo, i gContae Phort Láirge agus i gContae Chill Mhantáin;
• Osclófar Ospidéal nua na Seirbhíse Náisiúnta Meabhairshláinte Fóiréinsí i bPort Reachrann;
• Cuirfear clár próifiolacsais réamhnochta le haghaidh VEID i bhfeidhm go hiomlán;
• Soláthrófar €25 mhilliún i gcistiú do sheirbhísí do dhaoine faoi mhíchumas;
• Déanfar infheistíocht sna straitéisí máithreachais, ailse agus néaltraithe agus i bplean nua uathachais.
“Cinnteoidh aon mhilliún uair cúram baile sa bhreis go mbeimid ag tacú le daoine cúram a fháil sa bhaile ar feadh na tréimhse is faide is féidir, in ionad cúram ospidéil nó cúram cónaithe a fháil. Ina theannta sin, cuirfimid tús le Scéim Reachtúil Cúram Baile a thriail an bhliain seo chugainn chun go bhféachfar ar chúram baile mar cheart ar an mbealach céanna a fhéachtar ar chúram cónaithe fadtéarmach mar cheart.
“Ar aon dul leis an gclár Sláintecare, táimid ag leanúint leis an incháilitheacht le haghaidh seirbhísí cúraim phríomhúil a leathnú agus costas na gcógas a laghdú do theaghlaigh agus do dhaoine scothaosta. Ó mhí Mheán Fómhair i leith, tabharfaimid cúram lia-chleachtóra ghinearálta saor in aisce isteach do leanaí ach é a leathnú chuig leanaí faoi bhun 8 mbliana d’aois. Tabharfaimid cúram fiacla saor in aisce isteach do leanaí faoi bhun 6 bliana d’aois freisin.
“I mBuiséad 2020, thug mé tús áite d’athchóiriú na seirbhíse sláinte, agus infheistíocht á déanamh inár bhfoireann agus costas an chúraim sláinte á laghdú dár n-othair.”
Dúirt Finian McGrath TD, an tAire Stáit le Freagracht Speisialta as Míchumas:
“Tá áthas orm go raibh mé in ann cur leis na hacmhainní suntasacha atá ann cheana agus cistiú breise a áirithiú le haghaidh seirbhísí do dhaoine faoi mhíchumas ag an am céanna. De bharr an airgid bhreise sin, is mó ná €2 billiún an Buiséad foriomlán do sheirbhísí míchumais sa bhliain 2020.”
Tá méadú tagtha ar chistiú do Sheirbhísí Meabhairshláinte Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) ó €711 mhilliún sa bhliain 2012 go €1 billiún sa bhliain 2020. Is méadú de níos mó ná 40% é sin.
Dúirt Jim Daly TD, an tAire Stáit le freagracht as Meabhairshláinte agus Daoine Scothaosta:
“Is é atá i bhfógairt an leithdháilte €1 billiún ar Sheirbhísí Meabhairshláinte FSS inniu ná léiriú ar a thiomanta atá an Rialtas do dhíriú ar an meabhairshláinte mar réimse tosaíochta. Chomh maith leis sin, athdheimhníonn sí ár dtacaíocht leantach d’fhorbairt agus feabhsú seirbhíse i seirbhísí meabhairshláinte laistigh de FSS."
Ag féachaint don éiginnteacht eacnamaíoch a bhaineann leis an mBreatimeacht, tá áthas orm go háirithe nach é amháin go gcoinneofar an infheistíocht sa mheabhairshláinte ar bun ach go méadófar í freisin. Bainfear leas as an leithdháileadh méadaithe seo chun seirbhísí ríthábhachtacha a sholáthar ar fud na tíre ar aon dul le Plean Seirbhíse Náisiúnta FSS don bhliain 2020, leis an gclár Sláintecare agus leis an athnuachan atá le teacht ar ‘Fís don Athrú’.”
Dúirt Catherine Byrne TD, an tAire Stáit le freagracht as Cur Chun Cinn na Sláinte agus an Straitéis Náisiúnta Drugaí:
“Fáiltím roimh an gcistiú breisithe don Straitéis Náisiúnta Drugaí agus don chreat Éire Shláintiúil. Tá ríméad orm gur éirigh liom acmhainní breise a fháil chun cur chun feidhme a dhéanamh ar an gclár atreoraithe sláinte do dhaoine a shealbhaíonn drugaí le haghaidh úsáid phearsanta, rud ar fhógair an Rialtas é le déanaí. Chomh maith leis sin, beidh mé ag soláthar acmhainní le haghaidh feachtas feasachta ina bpléifear na contúirtí a bhaineann le húsáid drugaí. Spriocdhíreofar san fheachtas sin ar ghrúpaí ardriosca. Tosaíocht eile dom is ea cur leis na seirbhísí a sholáthraítear inár n-ospidéil mháithreachais do mhná torracha agus iarbhreithe atá thíos le mí-úsáid substaintí agus dá leanaí nuabheirthe.
“Má táimid chun Éire Shláintiúil a bhaint amach, tá sé ríthábhachtach go n-infheistímid i gcosc agus go dtacaímid le daoine dea-shláinte fhisiciúil, meabhrach agus ghnéasach a bheith acu. Tá an-áthas orm, dá bhrí sin, go mbeimid ag cistiú clár próifiolacsais réamhnochta le haghaidh VEID a chur i bhfeidhm go hiomlán sa bhliain 2020. Eochairthosaíocht faoinár Straitéis um Shláinte Ghnéasach is ea an líon daoine a ndiagnóisítear go bhfuil VEID orthu a laghdú.
“Mar fhocal scoir, tá ríméad orm a fhógairt go mbeidh leithdháileadh €6 mhilliún ann ar an gCiste Éire Shláintiúil sa bhliain 2020, ar méadú é ón leithdháileadh €5 mhilliún a cuireadh ar fáil i mBuiséad 2019.”
CRÍOCH