Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Buiséad na seirbhísí Míchumais ag ardú go €2.4 billiún mar thoradh ar mhéadú ar mhaoiniú

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 28 Meán Fómhair 2022
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

D'fhógair an tAire Anne Rabbitte inniu gur ionann an Buiséad foriomlán do sheirbhísí míchumais in 2023 agus €2.4 billiún, lena n-áirítear leibhéal suntasach maoinithe do shainseirbhísí míchumais. Ag tógáil ar an mbliain roimhe sin, is leibhéal maoinithe gan fasach é seo do sheirbhísí Míchumais.

Ag labhairt dó faoin mBuiséad méadaithe, dúirt an tAire Rabbitte: “Leanann an méadú seo méaduithe suntasacha sa bhuiséad in 2021 agus 2022; agus léiríonn sé tiomantas an Rialtais seo an maoiniú a chuirtear ar fáil don earnáil mhíchumais a neartú."

Tá €109 milliún á sholáthar chun tacú le Leibhéil Seirbhíse atá ann cheana (ELS), is ionann maoiniú d'fhorbairtí nua agus €29.3 milliún agus maoiniú aonuaire á sholáthar do chostais a bhaineann le gníomhaíocht le linn Covi -19 arb ionann é agus €39 milliún. Tá tacaíochtaí breise á gcur ar fáil freisin chun cabhrú le heagraíochtaí Alt 39 chun cabhrú i gcomhthéacs na ndúshlán suntasach atá rompu faoi láthair.

  • Soláthrófar an méid seo a leanas i mBuiséad na Seirbhísí Míchumais in 2023:
  • Maoiniú chun leanúint leis na seirbhísí lárnacha lena n-áirítear cónaithe agus cónaithe éigeandála, Seirbhísí Faoisimh, PA agus aistriú daoine óga ó thithe altranais go háiteanna cónaithe níos oiriúnaí a éascú.
  • Maoiniú breise le haghaidh sainseirbhísí míchumais do leanaí nó do dhaoine óga i seirbhísí cúraim Túsla, nó do leanaí atá ag aistriú amach astu, agus
  • Maidir le lucht fágála scoile, soláthróidh maoiniú breise a chuirfear ar fáil in 2023 socrúchán i seirbhísí lae d'aosaigh do thart ar 1,200 duine óg a fhágann an scoil den chuid is mó, a dteastaíonn tacaíocht leanúnach uathu ag ceann de na tréimhsí aistrithe is tábhachtaí dá saol.
  • Maoiniú chun an Ciste Rannpháirtíochta agus Feasachta maidir le Míchumas a mhéadú agus leanúint lenár gcuid oibre ar Theicneolaíocht Chúnta Dhigiteach, lena n-áirítear obair leis an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte.
  • Cuirfear maoiniú breise ar fáil chun Straitéis Néara-athshlánúcháin a chur i bhfeidhm go náisiúnta.

Tabharfaidh an maoiniú deis do FSS dhá fhoireann ildisciplíneach eile a bhunú in dhá CHO, ag leathnú ar na cinn phíolótacha atá ann cheana in CHO 6 agus CHO 7.

Déanfaidh sé foráil freisin do 23 Altra Néareolaíochta chun acmhainn a mhéadú ag clinicí néareolaíochta ar fud na tíre ag tacú le néareolaíocht aosach agus Péidiatraiceach. Beidh na haltraí seo tiomnaithe d'othair a bhfuil MS, Galar Parkinson, Galar Huntington, Titimeas nó Galar Néaramhatánach orthu.

  • Tá maoiniú breise aonuaire €39 milliún á sholáthar chun an liosta feithimh maidir le Measúnú Riachtanais a laghdú agus chun socrúcháin in ionaid chónaithe a mhaoiniú (costais a bhaineann le gníomhaíocht le linn Covid-19).

Dúirt an tAire Rabbitte: “I gClár an Rialtais, thugamar gealltanais saol daoine faoi mhíchumas a fheabhsú agus le linn dúinn é sin a dhéanamh chuireamar in iúl dóibh siúd faoi mhíchumas go bhfuilimid dáiríre faoi dhifríocht a dhéanamh. Tabharfaidh an maoiniú seo níos mó rogha, neamhspleáchais agus smachta do dhaoine faoi mhíchumas a saol a chaitheamh agus páirt a ghlacadh ina bpobal áitiúil.

“Cuirfidh an leibhéal méadaithe maoinithe in 2023 ar ár gcumas leanúint orainn ag tógáil ar thionscnaimh atá ar bun faoi láthair."

Tacaíochtaí breise d'eagraíochtaí Alt 39:

  • Beidh eagraíochtaí Alt 39 i seirbhísí míchumais chomh maith le seirbhísí cónaithe, ospísí agus eagraíochtaí Alt 39 eile incháilithe chun tacaíocht bhreise aonuaire a fháil ó laistigh den chiste earnála Sláinte foriomlán atá dírithe ar na soláthraithe seo ar fiú €100m í, a d'fhógair an tAire McGrath inné i mBuiséad 2023.
  • Is gníomhaireachtaí iad gníomhaíochtaí Alt 39 faoi Alt 39 den Acht Sláinte 2004 ina soláthraíonn FSS deontas chun ligean don ghníomhaireacht seirbhísí cosúil le FSS nó seirbhísí coimhdeach do FSS a sholáthar.
  • Tá an ciste seo á leithdháileadh an geimhreadh seo ag an Rialtas chun tacú leis na heagraíochtaí seo a sholáthraíonn seirbhísí sláinte riachtanacha i gcomhthéacs na ndúshlán suntasach atá rompu faoi láthair.

Dúirt an tAire Rabbitte:

“I bhfianaise mhéid an bhuiséid mhíchumais, bheinn ag súil go bhfaighidh soláthraithe Alt 39 san earnáil mhíchumais sciar an suntasach den chiste foriomlán €100m aonuaire. Samhlaím freisin go ndéanfaí an tacaíocht d'eagraíochtaí aonair a chinneadh go ginearálta ag tagairt do luach reatha socrú leibhéal seirbhíse gach eagraíochta le FSS.

Mar fhocal scoir dúirt an tAire:

“Tá na mionsonraí fós á n-oibriú amach ag m'oifigigh ach is é an cuspóir atá agam anseo an maoiniú breise aonuaire a fháil chomh tapa agus chomh héasca ó thaobh riaracháin de agus is féidir.”