Bunú an Choiste Chomhairligh Othar Ailse
- Foilsithe: 10 Eanáir 2019
- An t-eolas is déanaí: 25 Meitheamh 2019
Chuir Simon Harris TD, an tAire Sláinte, fáilte inniu roimh bhunú an Choiste Chomhairligh Othar Ailse.
“Céim eile i gcur chun feidhme na Straitéise Náisiúnta Ailse 2017-2026 is ea an chéad chruinniú de chuid an Choiste Chomhairligh Othar Ailse, rud atá ar siúl inniu”
“Táim ag tnúth le hionchur a bheith á thabhairt ag an gCoiste nuair a bhíonn cláir á bhforbairt d’othair a bhfuil ailse orthu.”
“Bhí freagairt rídhearfach ann d’obair an Fhóraim Othar Ailse sa Straitéis Náisiúnta Ailse a fhorbairt. Samhlaím go gcuirfidh an Coiste le hobair an Fhóraim agus go n-éascóidh sé ionchur othar nuair a bhíonn maoirseacht á déanamh ar chur chun feidhme na Straitéise.”
Fuarthas a lán aighneachtaí i leith an ghlao a rinne an Roinn ar Léirithe Spéise i gComhaltas de Choiste Comhairleach Othar Ailse. Bhí an próiseas roghnúcháin faoi stiúir ag grúpa a chuimsigh ionadaithe ó Chumann Ailse na hÉireann, ón gClár Náisiúnta Rialaithe Ailse atá á reáchtáil ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus ón Roinn Sláinte agus comhalta den Fhóram Othar Ailse a bhí ann roimhe seo. Cuimsíonn an Coiste 15 chomhalta.
Dúirt an tAire Harris freisin,
“Tá rannpháirtíocht othar ríthábhachtach maidir le seirbhísí sláinte a fhorbairt chun freastal ar riachtanais othar, agus cabhróidh bunú an Choiste Chomhairligh Othar Ailse go mór leis an rannpháirtíocht sin a éascú. Creidim go mbrúfaidh an Coiste cur chun feidhme na Straitéise Náisiúnta Ailse chun cinn chun tairbhe d’othair ailse in Éirinn.”
Dúirt Mairéad Mangan, comhalta den Choiste,
“Is mór an onóir agus an phribhléid dom gur tugadh cuireadh dom a bheith i mo chomhalta den Choiste Comhairleach Othar Ailse. Creidim go bhfuil rannpháirtíocht othar ailse ina cuid dhílis de chúram ailse a sholáthar, de sheirbhís marthanais a fhorbairt agus dá chinntiú go n-éistfear le tuairimí othar le linn chur chun feidhme na Straitéise Náisiúnta Ailse 2017-2026. Tá othair ailse in ann dearcadh uathúil a chur in iúl faoi sheirbhísí ailse a fhorbairt ar leibhéal áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta. Mar sin, cuirim fáilte roimh fhorbairt an Choiste, a leanfaidh ar aghaidh leis an obair a thosaigh an Fóram Othar Ailse.”
Tá an chéad chruinniú de chuid an Choiste Chomhairligh Othar Ailse ar siúl inniu, Déardaoin an 10 Eanáir, agus tiocfaidh sé le chéile ar bhonn ráithiúil.
Moladh 39: Cuirfidh an Roinn Sláinte Coiste Comhairleach Othar Ailse ar bun chun ionchur a thabhairt nuair a bhíonn cláir á bhforbairt d’othair a bhfuil ailse orthu. Beidh an comhaltas den choiste sin ag teacht le cineál éagsúil na n-othar a bhfuil tionchar á imirt ag an ailse ar a saol agus cinnteoidh sé go ndéanfar ionadaíocht do na riachtanais atá ag othair a chónaíonn i gceantair iargúlta.
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
Na Comhaltaí den Choiste Comhairleach Othar Ailse:
Ainm | Contae |
Michael Conroy (Cathaoirleach) | An Roinn Sláinte |
Louise Carolan McKeon | An Cabhán |
Sarah Carty | Cill Mhantáin |
Edel Chadwick | An Clár |
Ann Cullen | Baile Átha Cliath |
Noelle Duddy | Dún na nGall |
Deirdre Fitzpatrick | Baile Átha Cliath |
Ken Loughran | Cill Mhantáin |
Mairéad Mangan | Baile Átha Cliath |
Fiona McEntee | Baile Átha Cliath |
Ciara Morris | Baile Átha Cliath |
Michael Nowlan | Baile Átha Cliath |
Miriam O’Driscoll | Corcaigh |
Mary Powell | Baile Átha Cliath |
P.J. Rainey | Maigh Eo |
Mary-Claire Rennick | An Mhí |