English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Bunaíonn an tAire Donnelly Grúpa Stiúrtha chun Polasaí Cúraim Mhaolaithigh nua do Dhaoine Fásta a fhorbairt.

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 30 Bealtaine 2022
  • An t-eolas is déanaí: 7 Meitheamh 2022

Tá grúpa stiúrtha bunaithe ag an Aire Sláinte, Stephen Donnelly TD, chun Polasaí cúraim Mhaolaithigh nua do Dhaoine Fásta a fhorbairt. Is í an tOllamh Karen Ryan a bheidh ina cathaoirleach air. Is Comhairleach cúraim mhaolaithigh í in Ospidéal an Mater agus in Ospís Phroinsias, agus tá sí ina hOllamh Cliniciúil .sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.

Tá 16 ball sa Ghrúpa Stiúrtha (chomh maith leis an gcathaoirleach) ina bhfuil gairmithe sláinte, ionadaithe othar, ionadaithe ó eagraíochtaí deonacha, lucht ardbhainistíochta ó FSS agus oifigigh shinsearacha ón roinn. Lena chois sin, beidh an Dr Bridget Johnson, ó Choláiste na Tríonóide Baile Átha Cliath ag cuidiú chun an polasaí a dhréachtú agus taighde a dhéanamh air.

Dúirt an tAire Donnelly:

“Ar go leor bealaí, ba pholasaí réabhlóideach é an polasaí 2001, ina raibh fís go mbeadh rochtain ag cách ar an gcúram maolitheach agus go mbeadh spiorad comhoibrithe idir seirbhísí reachtúla agus deonacha maidir le seirbhísí a sholáthar. Mar sin féin, tá réimsí ann fós nach mór iad a fheabhsú agus ní mór na hathruithe atá tarlaithe le 20 bliain anuas sa tsochaí Éireannach agus sa chúram sláinte a léiriú sa pholasaí nua.

“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le Cathaoirleach an Ghrúpa Stiúrtha, an tOllamh Karen Ryan, agus le gach ball den ghrúpa stiúrtha a bhí sásta páirt a ghlacadh i bpíosa oibre chomh tábhachtach sin. Tá eolas suntasach agus saineolas ag an Ollamh Ryan ar an gcúram maolitheach a fheidhmeoidh mar threoir thar a bheith luachmhar don ghrúpa stiúrtha.”

Reáchtáladh an chéad chruinniú den ghrúpa stiúrtha ar Déardaoin 26 Bealtinae 2022 sa Roinn Sláinte. Cuirfidh an polasaí nua san áireamh an fhorbairt shuntasach agus an taighde ábhartha a rinneadh ó forbraíodh an polasaí deireanach, is é sin an tuarascáil ón mbliain 2001 a chuir an Coiste Comhairleach Náisiúnta um Chúram Maolitheach le chéile. Táthar ag súil go bhfoilseofar an polasaí nua go luath sa bhliain 2023.

DEIREADH


Nótaí d’Eagarthóirí

Ballraíocht

Seo a leanas baill an Ghrúpa Stiúrtha:

  • An tUasal Brendan Kennelly, ionadaí ón nGrúpa Voices 4 Care.
  • An Dr. Brendan O’Shea, ionadaí ó Choláiste Dhochtúirí Teaghlaigh Éireann.
  • An Dr. Eibhlín Connolly, Leas-Phríomhoifigeach Leighis, An Roinn Sláinte.
  • An Dr. Feargal Twomey, Ceannasaí Cliniciúil Náisiúnta don Chúram Maolitheach.
  • An tUasal. Fintan Fagan, ionadaí de chuid an Ghrúpa Ospíse Dheonaigh.
  • An tUasal. Karen Charnley, POF, Institiúid Ospíse agus Cúraim Mhaolaithigh uile-Éireann.
  • An tOllamh Karen Ryan, Comhairleach Cúraim Mhaolaithigh in Ospidéal an Mater agus in Ospís Phroinsias agus Ollamh Cliniciúil .sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.
  • An tUasal Marian O’Mahony, ionadaí ón nGrúpa Voices 4 Care.
  • An tUasal Margaret McMahon, ionadaí Sláinte agus Cúraim Shóisialta ón gClár Cúraim Chliniciúíl don Chúram Maolitheach.
  • An tUasal Mary Flanagan, ionadaí Chumann na hÉireann um Stiúrthóirí Altranais agus Chnáimhseachais.
  • An tUasal Maurice Dillon, Ceannasaí Náisiúnta don Chúram Maolitheach, d’OIbríochtaí Comhtháite agus don Phleanáil, FSS
  • An tUasal Michelle Quinn, Oifigeach Tionscadail Altranais sa Phríomhoifig Altranais, an Roinn Sláinte.
  • An tUasal Paul Rowe, Príomhoifigeach an Aonaid Straitéise um Dhaoine Breacaosta, An Roinn Sláinte. .
  • An tUasal Sarah Treleaven, Príomhoifigeach an Mháistirphlean Sláintecare um Chúram do Shaoránaigh, An Roinn Sláinte. .
  • An tUasal Sharon Foley, POF, Foras Ospíse na hÉireann.
  • An Dr. Siobhán Ní Bhriain, Ceannasaí Náisiúnta an Chláir um Chúram Comhtháite, FSS.
  • An tUasal Terry Hanan, ionadaí an an Chláir Náisiúnta Rialaithe Ailse, FSS.

Téarmaí Tagartha

Seo a leanas na téarmaí tagartha don ghrúpa stiúrtha:

  • Dréachtpholasaí cúraim mhaolaithigh do dhaoine fásta a fhorbairt le bheith faofa ag an Aire Sláinte, ina leagfar amach fís agus plean cur i bhfeidhm chun cúram maolitheach agus deiridh saoil a sheachadadh in Éirinn.
  • Tar éis Sláintecare a chur san áireamh mar aon le Múnla an Chúraim Mhaolaithigh do Dhaoine Fásta de chuid an Chláir Chliniciúil Náisiúnta, plé a dhéanamh ar conas is fearr is féidir rochtain a fheabhsú agus déileáil le bearnaí sa chúram ginearálta agus sa chúram maolitheach speisialtóra chun a chinntiú go bhfaigheann othair agus a dteaghlaigh an cúram ceart ag an am ceart san áit cheart.
  • Bheith ar aon intinn maidir le bearta cuí agus le príomhtháscairí feidhmíochta chun éifeachtacht an pholasaí athbhreithnithe a mheasúnú.
  • Bheith ar aon intinn maidir le plean gníomhaíochta atá dírithe ar an tasc agus a chloíann le spriocdhátaí, ina leagfar amach na príomhthosaíochtaí, na garspriocanna, na costais agus na húinéirí.
  • Bheith ar aon intinn maidir le struchtúir chun an polasaí nua a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear socruithe chun athbhreithniú agus measúnú a dhéanamh.
  • An fhianaise is fearr atá ar fáil a léiriú agus na torthaí ábhartha a ionchorprú ó na rudaí a leanas:
  • An Comhairliúchán poiblí de chuid na Roinne Sláinte ar an nuashonrú ar an bpolasaí cúraim mhaolaithigh
  • An tAthbhreithniú seachtrach ar chur i bhfeidhm an pholasaí 2001
  • An tAchoimre ar an bhFianaise ón HRB maidir leis an bpolasaí cúraim mhaolaithigh i gceithre dhlínse ardfheidhmíochta.