English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Bunaíonn na hAirí Sláinte Grúpa Comhairleach COVID -19

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 8 Aibreán 2022
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

D'fhógair an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD, agus an tAire Stáit le freagracht as Sláinte Poiblí, Folláine agus an Straitéis Náisiúnta Frithdhrugaí, Frank Feighan TD, inniu go mbunófar Grúpa Comhairleach COVID -19.

Cuirfidh an grúpa comhairle ar an Aire Sláinte agus ar an Rialtas maidir leis an gcaoi is fearr chun ullmhacht mheántéarmach go fadtéarmach na hÉireann i gcoinne SARS-CoV-2 a uasmhéadú. Déanfaidh an Grúpa an méid seo a leanas:

  • Tabharfaidh siad dá n-aire an measúnú eipidéimeolaíoch atá ag teacht chun cinn ar COVID-19, arna sholáthar ag na próisis mhonatóireachta atá i bhfeidhm trí Oifig an Phríomhoifigigh Leighis (CMO).
  • Faireachán a dhéanamh ar fhianaise nua agus ar fhianaise atá ag teacht chun cinn maidir leis na teicneolaíochtaí, na cleachtais agus na hidirghabhálacha atá ann cheana maidir le SARS-CoV-2 a bhrath agus a rialú.
  • Tabhairt faoi faire na fáistine, lena n-áirítear go hidirnáisiúnta, sa chaoi go bhféadfar teicneolaíochtaí, cleachtais agus idirghabhálacha nua a chomhtháthú go hiomchuí sa fhreagairt sláinte poiblí ar aon bhagairt SARS-CoV-2 atá ag teacht chun cinn.
  • Comhairle a chur ar an Aire agus ar an Rialtas maidir le heispéiris i dtíortha agus i ndlínsí eile i ndáil le SARS-CoV-2, áit a bhfuil impleachtaí agus/nó foghlaim fhéideartha nó gníomhartha d'Éirinn.
  • Comhairle a chur ar an Aire agus ar an Rialtas maidir le freagraí meántéarmacha agus fadtéarmacha a d'fhéadfadh a bheith riachtanach mar chuid den fhreagra ar COVID -19.

Ón gcruinniú deireanach den Fhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí (NPHET) do COVID -19, tá Éire tar éis aistriú ó chéim éigeandála na paindéime go céim inar aistrigh an fócas ó rialáil agus srianta daonra go comhairle sláinte poiblí, breithiúnas pearsanta agus iompraíochtaí cosanta pearsanta.

Éilíonn an chéim nua seo de fhreagairt na hÉireann ar COVID -19 cur chuige atá bunaithe ar fhianaise náisiúnta agus idirnáisiúnta, bunaithe ar an gcleachtas sláinte poiblí is fearr, le ballraíocht leathan, ildisciplíneach a chuimsíonn baill a bhfuil saineolas agus taithí ar leith acu i réimsí freagrachta straitéisí agus/nó oibríochta.

Dúirt an tAire Donnelly:

“Tá ríméad orm Grúpa Comhairleach Covid-19 agus a bhallraíocht a fhógairt inniu. Tá réimse leathan saineolais sa ghrúpa iontach seo. Tá líon na ndaoine san ospidéal ag titim faoi láthair, rud atá ag cur daoine ar a suaimhneas. Ttá Covid-19 fós ina bhagairt, áfach, agus níl aon bhealach cinnte ann chun a fháil amach cad atá amach romhainn. Ní mór dúinn a bheith ullamh. Bainfidh Grúpa Comhairleach Covid an leas is fearr as saineolas náisiúnta, sonraí idirnáisiúnta agus fianaise.

“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le baill an ghrúpa as a gcuid ama agus fuinnimh a thabhairt go deonach do fhreagairt leanúnach na hÉireann ar an bpaindéim seo."

Dúirt an tAire Feighan:

“Chruthaigh COVID-19 dúshláin fhollasacha dár gcóras sláinte poiblí. Tá sé ríthábhachtach anois go n-úsáidfimid an saineolas agus an fhianaise go léir atá ar fáil dúinn chun leanúint ar aghaidh ag cosaint ár seirbhíse sláinte agus ag ligean dúinn freagra a thabhairt ar aon rioscaí a d'fhéadfadh a bheith ag baint le COVID-19 amach anseo.

“Táim ag tnúth le bheith ag obair leis an nGrúpa Comhairleach maidir le COVID-19 agus muid ag bogadh chuig an gcéad chéim eile dár gcomhfhreagairt ar COVID."

CRÍOCH

NÓTAÍ

Baill de Ghrúpa Comhairleach COVID-19

Cathaoirleach - Príomhoifigeach Leighis An Dr Tony Holohan
Leas-Phríomhoifigeach Leighis An Dr Ronan Glynn
Príomhoifigeach Cliniciúil, FSS An Dr. Colm Henry
Cathaoirleach an IEMAG An tOllamh Philip Nolan
Cathaoirleach ar Shainghrúpa Comhairleach COVID-19 HIQA An tOllamh Máirín Ryan
Cathaoirleach AMRIC An Dr Eimear Brannigan
Stiúrthóir, HPSC An Dr Derval Igoe
Stiúrthóir Réigiúnach Sláinte Poiblí An Dr John Cuddihy
Liachleachtóir Ginearálta An Dr Tadhg Crowley
Uachtarán RCPI An tOllamh Mary Horgan
Micribhitheolaí Comhairleach An Dr Anne Rose Prior
Comhairleoir ar Ghalair Thógálacha An tOllamh Paddy Mallon
Aonad Taighde Iompraíochta an ESRI An tOllamh Pete Lunn
Stiúrthóir, an tSeirbhís Tagartha Náisiúnta maidir le Víris An Dr Cillian de Gascun
Ollamh le Ceimic Fhisiceach An tOllamh John Wenger
Léachtóir Sinsearach sa Bhithcheimic An Dr Anne Moore
Ollamh le Bithcheimic agus Imdhíoneolaíocht An tOllamh Luke O’Neill
Ollamh, Cathaoirleach ar an Imdhíoneolaíocht Chomparáideach An tOllamh Clíona O’Farrelly
Ceann an Rannáin um Chosaint Sláinte, An Roinn Sláinte An tUas. Fergal Goodman
Ionadaí ó Roinn an Taoisigh TBC

Baill de Ghrúpa Comhairleach COVID-19

  • Tuairisceoidh Cathaoirleach an Ghrúpa Chomhairligh COVID-19 don Aire Sláinte thar ceann an Ghrúpa.
  • Eagróidh an Grúpa a chuid oibre trí chruinnithe iomlánacha rialta, arna dtionól ag an gCathaoirleach.
  • Ag a chéad chruinniú, glacfaidh an Grúpa lena Théarmaí Tagartha agus lena théarmaí iomlána rannpháirtíochta.
  • Más gá, féadfaidh an Grúpa a chuid oibre a eagrú trí fhoghrúpaí a bhunú.
  • De réir an phrionsabail ‘Duine Amháin Tuarastal Amháin', ní bhfaighidh na baill aon luach saothair nó liúntas breise as a gcuid oibre ar Ghrúpa Comhairleach COVID-19.
  • Beidh riarachán agus tacaíocht an Ghrúpa de réir na ngnéithe ábhartha den GDPR agus de réir na reachtaíochta um Shaoráil Faisnéise.
  • De réir phrionsabal na trédhearcachta, cuirfear doiciméid agus miontuairiscí cruinnithe ar fáil go poiblí ag an am cuí trí láithreán gréasáin na Roinne Sláinte.