Casann an tAire Donnelly le Painéal Saineolaithe Tithe Altranais COVID-19

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Casann an tAire Donnelly le Painéal Saineolaithe Tithe Altranais COVID-19

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 9 Iúil 2020
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Chas an tAire Sláinte Stephen Donnelly TD le Painéal Saineolaithe Tithe Altranais COVID-19 inniu trí fhíschomhdháil.

Ag labhairt ag an Roinn Sláinte, dúirt an tAire Donnelly

“Chas mé inniu leis an bPainéal Saineolaithe Tithe Altranais, agus ba mhaith liom buíochas a ghabháil leo as an obair shuntasach atá déanta acu i dtréimhse an-ghearr ama. Thug an Painéal Saineolaithe a dtuarascáil eatramhach dom, agus foilseoidh mé é sna laethanta atá amach romhainn, a luaithe a gheobhaidh páirtithe leasmhara eile a gcóipeanna.

"Léiríonn an tuarascáil eatramhach cur chuige láidir an Phainéil i leith a gcuid oibre, agus an próiseas suntasach rannpháirtíochta páirtithe leasmhara atá curtha ar bun acu, go háirithe cuimsiú an ghutha agus eispéiris na ngcónaitheoirí agus na foirne i dtithe altranais.

"Táim ag tnúth le tuarascáil deiridh an Phainéil Saineolaithe a fháil faoi lár mhí Iúil agus guím gach rath ar an bPainéal agus é ag críochnú a chuid oibre tábhachtach sna seachtainí atá amach romhainn.”

CRÍOCH

Nótaí don Eagarthóir

Bunaíodh Painéal Saineolaithe Tithe Altranais ar mholadh ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí. Is é cuspóir an Phainéil ná freagraí náisiúnta agus idirnáisiúnta ar ghéarchéim COVID-19 a scrúdú, agus an cleachtas is fearr atá ag teacht chun cinn a scrúdú. Is galar nua é COVID-19, ar féidir leis a bheith aitíopúil i measc daoine scothaosta lag, agus tá fianaise nua agus an cleachtas is fearr maidir lena bainistíocht ag teacht chun cinn i gcónaí.

Tá tuilleadh eolais, lena n-áirítear Téarmaí Tagartha, Ballraíocht agus Nóiméid ar fáil ar láithreán gréasáin an Roinn Sláinte

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat