Ceadaíonn an tAire Sláinte an Plean Caipitil don tSláinte 2021
- Foilsithe: 4 Lúnasa 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
D’fhógair an tAire Sláinte, Stephen Donnelly, inniu (an 4 Lúnasa) gur ceadaíodh agus gur foilsíodh Plean Caipitil Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte don bhliain 2021.
Tugann an Plean Caipitil atá á fhoilsiú inniu le fios go bhfuil infheistíocht á déanamh go leanúnach inár seirbhís sláinte. Tacóidh an plean seo le hathchóiriú straitéiseach agus le haistriú i dtreo cúram sláinte uilíoch a sholáthar, agus cuirfidh sé leis na hathruithe dearfacha agus nuálacha a rinneadh i rith phaindéim COVID-19.
Is é an leithdháileadh caipitil Sláinte in 2021 €983 chun áiseanna sláinte a thógáil agus trealamh a sholáthar dóibh. Cuireann an infheistíocht seo ar chumas FSS na tionscadail a phleanáil agus a chistiú a cuireadh san áireamh i bpleananna roimhe seo agus le tionscadail bhreise a ndearnadh meastóireacht orthu agus ar tugadh tús áite dóibh in 2021, cláir agus tionscadail chaipitil mhóra a dtugann an Rialtas tús áite dóibh san áireamh, a thabhairt chun cinn.
Tá príomhról le glacadh ag infheistíocht chaipitil chun feabhas a chur ar sholáthar seirbhíse, a chinntíonn go soláthraítear sláinte agus cúram sóisialta ardchaighdeáin agus sábháilte, agus a chuireann na hathchóirithe chun cinn a leagtar amach in Sláintecare. Áirítear leis seo infheistíocht lena éascú an tsamhail chúraim a athdhíriú i dtreo suíomhanna príomhúla agus pobail, agus dul i ngleic le heasnaimh thoillte agus bhonneagracha.
Dúirt an tAire Donnelly:
“Tá gliondar croí orm Plean Caipitil FSS a cheadú inniu. Is ionann an infheistíocht mhór i mbonneagar sláinte a léirítear sa phlean seo agus fianaise i leith a thábhachtaí atá sé don Rialtas cúram sláinte a fheabhsú in Éirinn agus tacú leis an aistriú i dtreo cúram sláinte uilíoch.
“Leagtar béim sa tionscadal ar eispéireas an othair agus ar sheirbhís ardchaighdeáin sláinte agus cúraim shóisialta a sholáthar. Bíonn thart ar 350 tionscadal caipitil ar siúl sa tsláinte in aon tráth amháin agus leanann an plean seo leis an dul chun cinn chun nuathógáil, bonneagar athsholáthair agus níos mó cúram sláinte pobail a sholáthar.”
Is iomaí tionscadal agus clár caipitil sláinte tábhachtach atá ar bun agus a bhfuil céimeanna éagsúla d’fhorbairt bainte amach acu san earnáil sláinte poiblí. Áirítear leo seo:
- An tOspidéal Leanaí Nua
- Tionscadail le toilleadh breise a sholáthar inár n-ospidéil
- An Clár Oinceolaíochta Radaíochta i gCorcaigh, Baile Átha Cliath agus Gaillimh
- Clár tógála an Ionaid Chúraim Phríomhúil
- Aonaid altranais pobail a athsholáthar agus a athchóiriú do dhaoine breacaosta agus aonaid agus tithíocht chúraim cónaithe fhadtéarmaigh sa phobal do dhaoine faoi mhíchumas
- Tionscadail mheabhairshláinte chun áiseanna a uasghrádú agus a fhairsingiú
- Áirítear leis an bPlean Caipitil 2021 cistiú caipitil freisin don chlár athsholáthair trealaimh náisiúnta, an flít otharcharranna a athsholáthar agus mionchaipiteal a sholáthar chun déileáil le tosaíochtaí riosca bhonneagraigh.
Ar aon dul leis an gCód Caiteachais Phoiblí, caithfidh gach togra forbartha caipitil dul chun cinn a dhéanamh trí chéimeanna mionsonraithe breithmheasa, pleanála agus dearaidh, soláthair, tógála agus coimisiúnaithe sular féidir amlíne dhian nó riachtanas cistithe a dheimhniú.
CRÍOCH