Ceiliúrann an tAire Sláinte Lá Domhanda um Shábháilteacht Othar 17 Meán Fómhair 2021
- Foilsithe: 17 Meán Fómhair 2021
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Inniu cheiliúraigh an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD., Lá Domhanda um Shábháilteacht Othar 2021. Tacaíonn Éire leis an tionscnamh idirnáisiúnta seo, faoi stiúr na hEagraíochta Domhanda Sláinte (EDS), a dhíríonn ar ardú feasachta agus cinnte a dhéanamh de go mbunófar sábháilteacht othar mar thosaíocht sláinte ar fud an domhain. Is é an téama atá ann i mbliana ná ‘Cúram Máthreacha agus Naíonán Nuabheirthe’.
Dúirt an tAire Donnelly:
“Tá áthas orm go bhfuilim ábalta Lá Domhanda um Shábháilteacht Othar na bliana seo, leis an téama ‘Cúram na Máthar agus Naíonán Nuabheirthe’, a cheiliúradh agus a chur chun cinn. Le blianta beaga anuas, tá béim spriocdhírithe curtha d’aon ghnó ag Éirinn ar sheirbhísí máithreachais a fhorbairt. Tríd an Straitéis Mháithreachais Náisiúnta a chur i bhfeidhm agus caighdeáin mháithreachais agus méala de chuid an Údaráis um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte, tá feabhsuithe inbhraite le feiceáil anois a chuireann feabhas ar shábháilteacht agus ar an eispéireas a bhíonn ag mná, ag naíonáin agus ag teaghlaigh.”
Dúirt an Dr. Peter McKenna, Stiúrthóir Cliniciúil de Chlár Sláinte Náisiúnta um Mná & Naíonáin de chuid FSS:
“Is iomaí eilimintí tábhachtacha a bhaineann le seirbhís mháithreachais den scoth a sholáthar. Ní mór go mbeidh an sábháilteacht i gcroílár gach seirbhís mháithreachais– sábháilteacht máithreacha agus naíonán. Éiríonn go maith le hÉire i dtéarmaí torthaí maithe do mháithreacha agus do naíonáin. Cé gur ábhar faoisimh é seo, níl ann ach céim amháin chun seirbhís a sholáthar a chinnteoidh go mbeidh an toradh is sábháilte agus is fearr ann do gach máthair agus naíonán. Tá gach duine atá i mbun cúram máithreachais a sholáthar tiomanta don sprioc seo.”
Mhol an tAire tiomantas na n-oibrithe cúraim sláinte atá i mbun cúram a sholáthar do mháithreacha agus do naíonáin nuabheirthe:
“Tá daoine dochreidte againn ag obair inár seirbhísí máithreachais agus inár dtimpeallachtaí pobail agus ospidéil, agus tá baill foirne tiomanta agus cumasach ag soláthar cúram den scoth ó cheann ceann na bliana.”
Dúirt Rachel Kenna, Príomhoifigeach Altranais, an Roinn Sláinte:
“Ar Lá Domhanda um Shábháilteacht Othar, ba mhaith liom ár gcnáimhseacha iontacha, agus go deimhin an fhoireann mháithreachais go léir, a cheiliúradh agus aitheantas a thabhairt dóibh, ní amhain as an lúcháir, atrua agus sólás a thugann siad do mháithreacha agus do theaghlaigh ach freisin as an ról lárnach a imríonn siad chun máithreacha agus naíonáin a choimeád sábháilte.”
Tá infheistíocht shuntasach déanta ó foilsíodh an Straitéis Náisiúnta Mháithreachais chun a chinntiú go bhfuil seirbhísí níos sábháilte, rochtain níos tapúla, rogha níos mó agus áiseanna níos cuí ann. Ó 2015, foilsíonn ospidéil agus aonaid mháithreachais in Éirinn, Ráitis Míosúla maidir le Sábháilteacht Othar Máithreachais. An aidhm a bhaineann leis na ráitis seo a fhoilsiú ná an pobal a chur ar a shuaimhneas go bhfuil seirbhísí máithreachais á seachadadh i dtimpeallacht a chuireann chun cinn nochtadh oscailte agus a chuireann lucht bainistíochta ospidéil ar an eolas chun go mbeidh ar a gcumas feabhas a chur ar shábháilteacht agus ar cháilíocht.
Rinneadh an chéad Suirbhé Náisiúnta ar an Eispéireas Máithreachais in Éirinn in 2019 agus áiríodh ceisteanna ar mheas agus ar dhínit, rannpháirteachas i gcinntí agus ceisteanna ar chumarsáid. Tá an chéad suirbhé eile pleanáilte do 2023
DEIREADH
NÓTAÍ D’EAGARTHÓIRÍ
Lá Domhanda um Shábháilteacht Othar:
Is cuid é Lá Domhanda Sábháilteachta Othar d’fheachtas domhanda EDS chun feasacht a ardú agus cinnte a dhéanamh de go mbunófar sábháilteacht othar mar thosaíocht sláinte ar fud an domhain. Bunaíodh sa bhliain 20219 é chun tuiscint dhomhanda maidir le sábháilteacht othar a fheabhsú, rannpháirteachas an phobail a mhéadú i dtaca le sábháilteacht othar agus cúram sláinte, agus gníomhartha domhanda a chur chun cinn chun sábháilteacht othar a fheabhsú agus an dochar a dhéantar d’othair a laghdú.
Iarann Lá Domhanda Sábháilteachta Othar 2021 ar pháirtithe leasmhara “Gníomhaigh anois ar mhaithe le breith shábháilte agus mheasúil!” leis an téama “Cúram Máthreachais agus Naíonán Nuabheirthe Sábháilte”.
Deir an EDS go bhfaigheann thart ar 810 bean bás gach bliain ó chúiseanna inchoiscthe a bhaineann le toircheas agus breith clainne. Nuair a chuirtear san áireamh an t-ualach suntasach nó na rioscaí agus an dochar a bhfuil mná agus naíonáin nuabheirthe neamhchosanta orthu de bharr cúraim nach bhfuil sábháilte, agus ina theannta sin an cur isteach ar sheirbhísí sláinte riachtanacha de bharr na paindéime COVID-19, tá Lá Domhanda Sábháilteachta Othar 2021 níos tábháchtaí ná riamh i mbliana.
Ar an dea-uair, is féidir formhór na marbh-bhreitheanna agus bás máthar a sheachaint trí chúram sábháilte agus ardchaighdeáin a sholáthar i dtimpeallachtaí tacúla ina bhfuil gairmithe sláinte oillte ag obair.
Tá tuilleadh sonraí maidir leis an bhfeachtas domhanda EDS le fáil ag: https://www.who.int/news-room/events/detail/2021/09/17/default-calendar/world-patient-safety-day-2021
Tionscnaimh de chuid na Roinne Sláinte a thacaíonn le cúram máithreachais agus naíonáin nuabheirthe:
In Eanáir 2016, foilsíodh Straitéis Náisiúnta Mháithreachais na hÉireann: Todhchaí Níos Fearr a Chruthú le Chéile 2016 - 2026. Is í fís na Straitéise ná seirbhísí dírithe ar mhná atá sábháilte, comhtháite agus foireannbhunaithe, a sholáthar le meas agus dínit. I measc rudaí eile, tá struchtúir rialachais nua ann, mar aon le bainisteoirí Cáilíochta agus Sábháilteachta breise, agus foirne Cnámhseachais shinsearach atá ag obair chun a chinntiú go bhfuil sé an-sábháilte leanbh a bheith agat in Éirinn.
I mbliana, soláthraíodh cistiú de €17m, rud nach bhfacthas riamh roimhe seo, le haghaidh sláinte ban, agus tugadh €7.3m go sonrach do sheirbhísí máithreachais. Cinnteoidh an infheistíocht seo go mbeidh seirbhísí níos sábháilte, rochtain níos tapúla, rogha níos nó agus áiseanna níos cuí ann.
Tá na Roinn Sláinte tiomanta do tháscairí cáilíochta cúraim sláinte a chur san áireamh ina gcuirfear béim ar chúram máithreachais sa Tuarascáil Bhliantúil ar Chóras Náisiúnta Tuairiscithe um Cháilíocht Cúraim Sláinte.Sa Tuarascáil 2020 áiríodh sonraí náisiúnta ar rátaí gearrtha Caesarach agus eispéireas máithreacha, agus bhí comparáidí ann le córais chúram sláinte idirnáisiúnta.
Torthaí an tSuirbhé Náisiúnta ar Eispéireas Máithreacha 2020:
- Ghlac os cionn 3,200 bean páirt sa Suirbhé Náisiúnta ar Eispéireas Máithreacha
- Bhí 19 ospidéal agus aonad máithreachais páirteach ann.
- Dúirt 85% de na rannpháirtithe go raibh eispéireas maith nó an-mhaith acu ar an iomlán.
- Baineadh úsáid go minic as an bhfocal ‘cnáimhseach’ in os cionn 6,000 tuairim scríofa a bhí sa Suirbhé
Náisiúnta ar Eispéireas Máithreacha. Bhí siad thar a bheith dearfach agus tharraing siad ard ar thábhacht na gcnáimhseacha maidir le cúram a sholáthar.