English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Comóireann an tAire Sláinte Lá Domhanda na nDeontóirí Fola agus spreagann sé daoine aonair fuil a dheonú

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 14 Meitheamh 2019
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Chomóir Simon Harris TD, an tAire Sláinte, Lá Domhanda na nDeontóirí Fola inniu (an Aoine).

Ón mbliain 2004 i leith, aithníonn an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte gurb é an 14 Meitheamh Lá Domhanda na nDeontóirí Fola chun feasacht a mhéadú ar an ngá a bhíonn ann le deonú fola. I mbliana, tá an ócáid á hóstáil ag Ruanda agus is é “Fuil Shábháilte do Chách” téama an fheachtais.

Dúirt an tAire Harris:

“Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt ar Lá Domhanda na nDeontóirí Fola do ghnaíúlacht na ndeontóirí fola agus buíochas a ghabháil leo as an méid a chuireann siad le seirbhís sláinte na hÉireann. Gach bliain, teastaíonn fuilaistriú ó thart ar 1% den daonra agus teastóidh fuil ó dhuine amháin as gach ceathrar dínn am éigin sa saol. Teastaíonn 3,000 deonú fola gach seachtain ó Sheirbhís Fuilaistriúcháin na hÉireann chun freastal ar an éileamh. Is cuid bhunriachtanach den chóireáil laethúil a chuirtear ar othair inár n-ospidéil ar fud na tíre í an fháil réidh ar fhuil le haghaidh fuilaistriú.”

Ghabh an tAire buíochas le foireann Sheirbhís Fuilaistriúcháin na hÉireann as sárcháilíocht na Seirbhíse Fuilaistriúcháin a choinneáil ar bun agus ghabh sé buíochas leis an mBord, a bhfuil de chúram air an eagraíocht a threorú.

Mar fhocal scoir, mhol an tAire Harris don phobal fuil a dheonú. Dúirt an tAire:

“Chun a chinntiú go gcoimeádfaidh Seirbhís Fuilaistriúcháin na hÉireann soláthar chun freastal ar éilimh na n-ospidéal le linn thréimhse an tsamhraidh, táim ag tathant ar gach deontóir fola agus ar gach duine ar mhaith leo a bheith ina ndeontóirí fola cuairt a thabhairt ar an gclinic is gaire dóibh agus fuil a dheonú.”

Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi incháilitheacht deontóirí agus faoi na clinicí atá lonnaithe sa tír, téigh chuig an suíomh Gréasáin www.giveblood.ie

CRÍOCH