Comóireann na hAirí Sláinte an Lá Domhanda SEIF 2019
- Foilsithe: 1 Nollaig 2019
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Chomóir Simon Harris, an tAire Sláinte, agus Catherine Byrne, an tAire Stáit le Freagracht as Cur Chun Cinn na Sláinte, an Lá Domhanda SEIF 2019 inniu (Dé Domhnaigh an 1 Nollaig) agus d’aithin siad an dul chun cinn suntasach a rinneadh i mbliana ar dhul i ngleic le VEID in Éirinn.
Is é téama an imeachta dhomhanda i mbliana ná aitheantas a thabhairt don ról tábhachtach a imríonn pobail sa fhreagairt don dúshlán a ghabhann le VEID. Mhol na hAirí an obair comhpháirtíochta atá ar bun idir seirbhísí sláinte agus grúpaí pobail. Ba mar thoradh ar an obair sin a tugadh Taoiseach and Ministers for Health announce HIV PrEP programme isteach an mhí seo caite agus a chláraigh Éire le tionscnamh domhanda na Mear-Chathracha VEID níos luaithe i mbliana.
Dúirt Simon Harris, an tAire Sláinte:
“Ar an Lá Domhanda SEIF, tapaímid an deis chun machnamh a dhéanamh ar staid an chomhraic in aghaidh VEID sa tír seo. Ba chúis áthais dúinn dhá mhórthionscnamh a sheoladh i mbliana chun géarú ar ár bhfreagairt do VEID in Éirinn. Sa chéad cheann díobh, chuaigh Éire isteach i dTionscnamh na Mear-Chathracha, ar tionscnamh domhanda é a bhfuil mar aidhm leis cosc agus cóireáil VEID a fheabhsú agus stiogma a laghdú. Úsáidfear an cistiú a sholáthrófar ar aon dul le téama an Lae i mbliana – ‘Déanann Pobail an Difear’ – chun cur le feasacht an phobail ar VEID agus chun tacú le tástáil VEID sa phobal i mBaile Átha Cliath, i gCorcaigh, i Luimneach agus i nGaillimh. Úsáidfear é chomh maith chun feachtas náisiúnta um laghdú stiogma a reáchtáil.
"Ba é an fhorbairt ba shuntasaí sa bhliain 2019, ar ndóigh, ná an clár próifiolacsais réamhnochta le haghaidh VEID a tugadh isteach cúpla seachtain ó shin. Is é an toradh a bheidh ar an gclár ná go laghdófar an líon daoine a tholgfaidh VEID amach anseo. Tá an clár faoi shiúl ag roinnt láithreacha tábhachtacha anois agus, tar éis infheistíocht shuntasach a fháil faoi Bhuiséad 2020, leathnófar é arís eile sa bhliain 2020. Is clár ríthábhachtach é agus, dá bharr, cuirfear go mór leis an iarracht atá ar bun againn chun ionfhabhtuithe VEID a chomhrac.
“Ní gá a rá go bhfuil tuilleadh oibre le déanamh againn go fóill. Sa bhliain 2020, déanfaimid an [external-link https://www.gov.ie/en/policy-information/8feae9-national-sexual-health-strategy/ | Straitéis um Shláinte Ghnéasach ] uainn a athbhreithniú agus a athnuachan agus leagfaimid amach na spriocanna atá againn ina leith sin.”
Dúirt Catherine Byrne, an tAire Stáit le freagracht as Cur Chun Cinn na Sláinte:
“Tugann an lá seo deis fhiúntach dúinn cuimhneamh ar na daoine uile a chailleamar de dheasca tinnis a bhaineann le SEIF. Meabhraíonn sé dúinn freisin gur gá dúinn díriú ar na nithe is féidir linn a dhéanamh chun treisiú leis an obair atá ar bun chun VEID a chosc agus chun tacaíocht a thabhairt do dhaoine a bhfuil VEID orthu.
"Baineann tábhacht le dea-shláinte ghnéasach agus dea-fholláine ghnéasach maidir lenár sláinte fhisiciúil agus lenár meabhairshláinte i gcoitinne, agus tá siad tábhachtach go háirithe dár ndaoine óga. Chun a chinntiú go mbeidh dea-thorthaí sláinte gnéasaí ag gach duine, tá sé ríthábhachtach go laghdóimis an stiogma atá i gceist agus go gcabhróimis le hoideachas agus sláinte ghnéasach a chur chun cinn.
"Táimid ag díriú ar an Lá Domhanda SEIF i mbliana ar an ról a imríonn an pobal, agus ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na comhpháirtithe go léir, amhail Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, eagraíochtaí neamhrialtasacha agus comhpháirtithe áitiúla agus grúpaí tathanta agus pobail, atá ag obair linn chun sláinte ghnéasach a fheabhsú agus chun VEID a chosc.”
CRÍOCH