English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Comhaontaíonn na hAirí Sláinte Meabhrán Comhthuisceana idir Rialtas na hÉireann agus Feidhmeannas Thuaisceart Éireann

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 7 Aibreán 2020
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Tá Meabhrán Comhthuisceana comhaontaithe go foirmiúil idir na Ranna Sláinte don Phoblacht agus do Thuaisceart Éireann chun bonn a chur faoin gcomhoibriú Thuaidh Theas maidir leis an bhfreagairt sláinte poiblí ar an bpaindéim COVID-19.

Díríonn an doiciméad, atá le fáil thíos, ar chomhoibriú níos mó a éascú ar réimsí mar:

  • teachtaireachtaí sláinte poiblí
  • taighde
  • cláir athraithe iompraíochta
  • eitic
  • bonn fianaise / samhaltú
  • bearta sláinte poiblí agus neamh-chógaisíochta

Breithneofar réimsí eile, mar shampla soláthar, i gcás go mbeidh leas as an dá thaobh as.

Tá sé comhaontaithe ag an Aire Sláinte Simon Harris TD agus ag an Aire Sláinte Robin Swann MLA agus ag an dá Phríomhoifigeach Leighis an Dr Tony Holohan agus an Dr Michael McBride.

Tacaíonn Feidhmeannas TÉ agus Rialtas na hÉireann leis an doiciméad.

Dúirt an tAire Harris:

"Bhí rannpháirtíocht shuntasach idir na hAirí, na Príomh-Oifigigh Leighis, agus na ranna le linn na paindéime seo. Cinnteoidh an MOU seo cumarsáid agus cinntí tráthúla freagracha i dtimpeallacht atá ag gluaiseacht go tapa; go bhféachfaidh an dá Riarachán le cur chuigí comhchosúla a ghlacadh, nuair is iomchuí sin a dhéanamh ar chomhairle na bPríomhoifigeach Leighis faoi seach.

“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le mo chomhghleacaithe i dTuaisceart Éireann as a gcomhoibriú go dtí seo. Is paindéim dhomhanda í seo. Níl aon teorainneacha aici agus is ionann an cás dúinn go léir. Tá sé riachtanach go leanfaimid orainn ag déanamh gach rud is féidir linn ar fud an oileáin chun an phaindéim seo a throid. "

Dúirt an tAire Swann:

“Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt don obair chomhoibritheach leanúnach idir mo roinn, an Ghníomhaireacht Sláinte Poiblí agus an Bord um Chúram Sláinte agus Sóisialach agus a gcomhghleacaithe i bPoblacht na hÉireann. Is amhlaidh a bhí an cás ón gcéad lá agus is léiriú é ar an gcomhoibriú agus ar na caidrimh atá ann le fada an lá. Tá dúshlán coitianta romhainn, agus is dúshlán mór é. Leanfaimid orainn ag déanamh gach rud is féidir chun oibriú le chéile chun an toradh is fearr is féidir a fháil. "

Dúirt an Dr Michael McBride:

“Cuirim fáilte roimh an MOU a athdhearbhaíonn ár dtiomantas oibriú le chéile ar mhaithe leis na daoine a ndéanaimid freastal orthu. Tá comhoibriú Thuaidh Theas maidir le sláinte agus folláine ár saoránach a chosaint seanbhunaithe le blianta fada. Tá sé riachtanach go leanfaimid orainn ag obair le chéile chomh dlúth agus is féidir ag an am seo. "

Dúirt an Dr Tony Holohan:

“Tá an-áthas orm go bhfuil an MOU curtha i gcrích anois agam féin agus ag an Dr Michael McBride le rannpháirtíocht iomlán agus cúnamh na ranna agus na nAirí faoi seach. Táimid ag obair go dlúth lenár gcomhghleacaithe i dTuaisceart Éireann ó thosaigh an ghéarchéim COVID-19. Déanfaidh MOU an lae inniu an dlúth-chomhoibriú leanúnach atá ar siúl a chur ar bhonn foirmiúil."

Memorandum of Understanding between Irish Government and Northern Ireland Executive in Relation to COVID-19
Amharc amharc

CRÍOCH