Cruinniú ag an Aire Harris le hAirí Sláinte na hEorpa i nGlao Físchomhdhála maidir le COVID-19

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Cruinniú ag an Aire Harris le hAirí Sláinte na hEorpa i nGlao Físchomhdhála maidir le COVID-19

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 15 Aibreán 2020
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Bhí cruinniú neamhfhoirmiúil ardleibhéil ag an Aire Sláinte, Simon Harris TD inniu i nGlao Físchomhdhála le hAirí Sláinte na hEorpa chun paindéim leanúnach COVID-19 (Coróinvíreas) a phlé.

Phléigh na hAirí an gá leanúnach atá le cur chuige comhordaithe agus pleanáilte ar fud na hEorpa mar bhonn agus mar thaca ag comhairle agus treoir sláinte poiblí. In Éirinn, is í an Fhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí (NPHET) a thugann comhairle mar gheall air seo.

Ag labhairt dó ar an nglao, dúirt an tAire Harris:

"Ag an am cuí, tacóidh Éire le cur chuige imeachta a bheidh dea-chomhordaithe agus pleanáilte ar fud na hEorpa. Tá sé riachtanach go n-oibreoidh an Eoraip le chéile chun pleanáil a dhéanamh agus chun foghlaim óna chéile.

“Cé gur féidir le Ballstáit foghlaim óna chéile agus taithí shuntasach a roinnt, tá sé riachtanach go leanfaidh daoine anseo ar aghaidh ag leanúint na comhairle sláinte poiblí.

"Níl an galar faoi smacht fós. Ní mór a chinntiú go bhfuil an galar laghdaithe go suntasach agus cobhsaithe ar feadh tréimhse leanúnaí. I measc cuid de na táscairí a bhfuilimid ag déanamh monatóireachta orthu tá líon na n-ionfhabhtuithe nua, na ndaoine ag dul isteach san ospidéal, na n-othar atá faoi dhianchúram agus na bpatrún tarchuir.

"Níl Éire réidh fós chun tús a chur le laghdú na mbeart sláinte poiblí, ach tá pleanáil maidir lenár straitéis imeachta amach anseo ar bun.

“Beidh iarrachtaí phobal na hÉireann thar na trí seachtaine amach romhainn ríthábhachtach maidir leis seo. Caithfimid coinneáil orainn go deireadh agus ní mór dúinn scaipeadh an víris seo a chur faoi smacht. Tá gá le hiarracht mhór ó gach duine. Tá bhur gcuid iarrachtaí ag cabhrú linn daoine a shábháil."

CRÍOCH

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat