Cuireadh áirithintí do choraintín óstáin éigeantach ar fionraí go sealadach ar feitheamh athbhreithniú ar thoilleadh

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Cuireadh áirithintí do choraintín óstáin éigeantach ar fionraí go sealadach ar feitheamh athbhreithniú ar thoilleadh

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 13 Aibreán 2021
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Chomhaontaigh an Roinn Sláinte agus Grúpa Óstán Tifco chun stop sealadach a chur leis an tairseach áirithinte coraintín óstáin éigeantach.

Rinneadh seo mar bheart réamhchúramach lena chumasú measúnú breise a dhéanamh ar thoilleadh laistigh den chóras coraintín óstáin éigeantach go ceann roinnt laethanta amach romhainn.

Ní dhéantar difear dóibh siúd a rinne a n-áirithint do choraintín óstáin éigeantach cheana féin. Is féidir áirithintí a dhéanamh go fóill do dhátaí ó Dé Luain, an 19 Aibreán ar aghaidh.

Leanfar le hathbhreithniú a dhéanamh ar an stopadh sealadach, sa chás go gcuirfear toilleadh breise ar fáil.

Molann an chomhairle sláinte poiblí go tréan gan aon taisteal idirnáisiúnta neamh-bhunriachtanach a dhéanamh.

Beart sláinte poiblí é coraintín óstáin éigeantach a cuireadh i bhfeidhm chun Éire a chosaint ó COVID-19, go háirithe athraithigh arb ábhar buartha iad, a thabhairt isteach sa tír.

CRÍOCH

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat