Cuireann an Bille um Fhíochán Daonna (Trasphlandú, Scrúdú Iarbháis, Scrúdú Anatamaíoch agus Taispeáint Phoiblí) tús le Próiseas Reachtach sa Dáil
- Foilsithe: 24 Eanáir 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Tabharfaidh an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD, an Bille um Fhíochán Daonna (Trasphlandú, Scrúdú Iarbháis, Scrúdú Anatamaíoch agus Taispeáint Phoiblí) isteach le haghaidh díospóireachta Dara Céim sa Dáil níos déanaí inniu.
Cuimsíonn an Bille forálacha maidir le deonú agus trasphlandú orgán, cleachtas agus nósanna imeachta iarbháis i suíomhanna ospidéil, scrúdú anatamaíoch, agus taispeáint phoiblí na gcorp tar éis bháis.
Ag labhairt dó roimh an díospóireacht, dúirt an tAire Donnelly:
“Táim bródúil as an bpíosa reachtaíochta suntasach seo a thabhairt isteach sa Dáil. Den chéad uair riamh, cuirfidh an Bille creat náisiúnta reachtaíochta ar fáil chun tacú le seirbhísí deonaithe agus trasphlandaithe in Éirinn. Cuideoidh sé seo le líon na ndeontóirí a mhéadú, ach tá sé tábhachtach a rá go rachfar i gcomhairle le teaghlaigh fós roimh dheonú agus go mbeidh na daoine sin a chuireann ina choinne, ar chúis ar bith, in ann tarraingt as.
“Is é trasphlandú an t-aon chóireáil atá ar fáil faoi láthair maidir le cliseadh croí, scamhóg agus ae sa chéim dhéanach. Is í seo an chóireáil is éifeachtaí ó thaobh costais de freisin le haghaidh galar duáin sa chéim dhéanach, agus tugann sé tairbhí cliniciúla agus sóisialta ollmhóra d’othair a bheadh tar éis fanacht ar scagdhealú murach sin.”
Ar leithligh, tabharfaidh an Bille isteach réimeas rialála nua chun a chinntiú go leantar an cleachtas is fearr maidir le scrúdú iarbháis agus coinneáil orgán.
Tugann an Bille um Fhíochán Daonna forálacha toilithe isteach le maidir le scrúduithe iarbháis neamhchróinéara agus leagtar amach ann creat soiléir maidir leis an gcaoi ar cheart toiliú a fháil.
Dúirt an tAire Donnelly:
“Aithnítear sa Bhille an gá atá le cosaintí a thabhairt isteach chun sláine chorp an duine a chosaint roimh an mbás agus ina dhiaidh. Beidh sé éigeantach toiliú a fháil le haghaidh scrúdú iarbháis neamhchróinéara agus feabhsóidh sé cumarsáid agus comhroinnt faisnéise le teaghlaigh maidir le gach scrúdú iarbháis, lena n-áirítear iad siúd a dhéantar faoi threoir an chróinéara."
Cuireann an Bille socruithe i bhfeidhm freisin maidir le cleachtadh anatamaíochta agus reachtóidh sé chun rialú a dhéanamh ar thaispeáint phoiblí corp in Éirinn.
Nótaí chuig an Eagarthóir:
Tá an Bille um Fhíochán Daonna (Trasphlandú, Scrúdú Iarbháis, Scrúdú Anatamaíoch agus Taispeáin Phoiblí) dréachtaithe d'fhonn reachtaíocht a dhéanamh chun:
- Coinníollacha ginearálta a sholáthar chun orgáin agus fíocháin a bhaint, a dheonú agus a úsáid ó dhaoine éagtha agus ó dhaoine beo le haghaidh trasphlandaithe; cleachtas agus nósanna imeachta le haghaidh scrúduithe iarbháis i suíomhanna ospidéil a rialáil.
- Coinníollacha agus rialacháin ghinearálta a chur ar fáil le haghaidh scrúdú anatamaíoch; agus
- Coinníollacha agus rialacháin ghinearálta a chur ar fáil chun coirp a thaispeáint go poiblí tar éis bháis.
Tugtar isteach leis an mBille ceanglas reachtúil nua maidir le toiliú ar fud na ngníomhaíochtaí seo go léir chomh maith le cosaintí chun sláine chorp an duine a chosaint roimh an mbás agus ina dhiaidh agus chun cosc a chur ar choinneáil orgán ar bith gan toiliú sa todhchaí.
Deonú orgán agus trasphlandú:
Leis an mBille um Fhíochán Daonna tugtar isteach córas toilithe rogha an diúltaithe bog chun orgáin a dheonú. Faoin gcóras seo, measfar toiliú le deonú orgán murar chláraigh an duine, agus é beo, a mhian nó a mian gan a bheith ina dheontóir orgáin tar éis bháis. Is athrú é seo ón gcóras reatha ina bhfuil an neasghaol freagrach as cinntí maidir le deonú orgán agus ina nglactar leis gur mian le duine aonair a n-orgán a dheonú tar éis a b(h)áis mura ndéanann siad ráiteas agóide maidir le deonú.
Cé gur cheart go mbeadh mianta an duine nach maireann lárnach d'aon chinneadh, leanfar ag dul i gcomhairle le teaghlaigh mar chuid de phróiseas deonaithe orgán sábháilte agus measúil.
Soláthraíonn an Bille creat breise maidir le deonú orgán agus fíochán agus ceall ó dheontóirí beo lena n-áirítear bunús reachtach a thabhairt isteach le haghaidh deonú beo altrúíoch neamhthreoraithe.
Meastar go gcuideoidh na bearta seo leis an líon deontóirí sa Stát a mhéadú agus spreagfaidh siad deonú orgán chun beatha a shábháil in imthosca inar féidir sin a dhéanamh.
Cleachtas agus Nós Imeachta maidir le Scrúduithe Iarbháis:
Tugann an Bille um Fhíochán Daonna forálacha toilithe isteach le haghaidh scrúduithe iarbháis neamhchróinéara agus leagtar amach ann creat soiléir maidir leis an gcaoi ar cheart toiliú a fháil agus an fhaisnéis nach mór a thabhairt do theaghlaigh nuair atá toiliú den sórt sin á lorg.
Leasaítear leis an mBille freisin na hAchtanna Cróinéirí 1962-2020 chun forálacha breise a thabhairt isteach maidir le cumarsáid agus comhroinnt faisnéise le teaghlaigh i gcásanna ina dteastaíonn scrúdú iarbháis cróinéara (sonraí breise thíos).
Déanann an Bille foráil bhreise do rialáil a dhéanamh ar choinneáil, stóráil, úsáid, diúscairt agus aischur orgán agus fíochán ó dhaoine éagtha tar éis gach scrúdú iarbháis i suíomhanna ospidéil.
Beidh caighdeáin chleachtais níos fearr ar fud an chórais chróinéara agus neamhchróinéara mar thoradh ar an reachtaíocht agus comhlánóidh sí treoirlínte nuashonraithe atá á ndréachtú ag FSS faoi láthair agus atá sceidealaithe lena bhfoilsiú faoi dheireadh na bliana.
Leasuithe ar an Acht Cróinéirí:
Déanfaidh an leasú ar alt 33 den Acht Cróinéirí an méid seo a leanas:
- A chinntiú go gcuirfear an teaghlach ar an eolas a luaithe is indéanta go bhféadfar ábhar a baineadh le linn an scrúdaithe a choinneáil chun críocha imscrúdú báis agus maidir le suíomh an ospidéil nó na saoráide eile.
- A chinntiú go gcuirtear an teaghlach ar an eolas go bhféadfadh údarú breise a bheith ag teastáil uathu maidir le diúscairt ábhair arna choinneáil.
- A fhoráil go ndéanfar aon ábhar a aistreofar ón gcorp in ospidéal a chaomhnú, a stóráil agus a thaifeadadh de réir rialachán arna ndéanamh ag an Aire Sláinte nó ag an Aire Dlí agus Cirt i leith saoráide eile.
Déanfaidh an leasú ar alt 57 den Acht Cróinéirí an méid seo a leanas:
- Próiseas níos foirmiúla a thabhairt isteach le haghaidh na n-idirghníomhaíochtaí deiridh idir cróinéir, an teaghlach agus duine ainmnithe in ospidéal nó i saoráid eile.
- Ní mór do chróinéir a chinntiú go gcuirtear baill teaghlaigh ar an eolas, a luaithe is indéanta, nach bhfuil gá a thuilleadh le haon ábhar a choinnítear i ndiaidh scrúdú iarbháis.
- Tabharfaidh an fógra seo comhairle don bhall teaghlaigh dul i dteagmháil leis an duine ainmnithe in ospidéal nó i saoráid eile chun socrú a dhéanamh maidir le húdarú chun an t-ábhar a dhiúscairt go críochnaitheach.
- Ansin gníomhóidh an duine ainmnithe ar an údarú sin.
- I gcás nach bhfuarthas aon údarú nó nár éirigh le hiarrachtaí teagmháil a dhéanamh, tá cróinéir údaraithe chun diúscairt ábhar a ordú. Féadfar a áireamh ar ábhar den sórt sin ábhar a mheastar a bheith stairiúil, a d'fhéadfadh a bheith stóráilte ar feadh tréimhse fada agus nach bhfuil aon fheidhm lena choinneáil.
Scrúdú Anatamaíoch:
Aisghaireann an Bille um Fhíochán Daonna an Anatomy Act 1832 agus cuireann sé socruithe i bhfeidhm maidir le coirp a dheonú do scoileanna anatamaíochta agus forálacha maidir le caighdeáin a leagan síos a bheidh le comhlíonadh i gcleachtadh anatamaíochta.
Coirp a Thaispeáint go Poiblí:
Níl aon reachtaíocht ann faoi láthair a rialaíonn coirp a thaispeáint to poiblí. Dá bhrí sin, níl aon chumhachtaí ag an Stát chun imscrúdú a dhéanamh ar bhunús na gcorp atá ar taispeáint go poiblí agus chun idirghabháil a dhéanamh más gá.
Faoin mBille, beidh ceadúnas ag teastáil chun coirp a thaispeáint go poiblí tar éis bháis. Tabharfaidh na forálacha sa reachtaíocht breac-chuntas ar na socruithe toilithe a theastaíonn chun corp nó baill choirp a dheonú lena taispeáint go poiblí agus áiritheoidh siad foinse na samplaí a úsáidtear.