Cuireann an tAire Butler fáilte roimh shíniú an Bhille Sláinte (Forálacha Ilghnéitheacha) (Uimh. 2) 2024 ina dhlí ag an Uachtarán
- Foilsithe: 18 Iúil 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Tá fáilte curtha ag an Aire Meabhairshláinte agus Daoine Scothaosta, Mary Butler, roimh shíniú an Bhille Sláinte (Forálacha Ilghnéitheacha) (Uimh.2), 2024 ina dhlí ag an Uachtarán Ó hUigínn tar éis don bhille dul trí gach céim i dTithe an Oireachtais ar an 10 Iúil 2024.
Tugtar isteach leis an mBille roinnt athruithe ar an Acht Sláinte 2007, ar an Acht fán Scéim um Thacaíocht Tithe Banaltrais (NHSS) 2009 (Cothrom na Féinne) agus ar an Acht Meabhair-Shláinte, 2001. Ina measc tá:
- Cumhachtaí forfheidhmithe nua do Phríomhchigire Seirbhísí Sóisialta den Údarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte (HIQA), lena n-áirítear an chumhacht chun fógraí comhlíonta a eisiúint, chun comhlíonadh Rialachán in ionaid chúraim chónaithe a fheabhsú, le cónaitheoirí a chosaint tuilleadh.
- Forálacha nua a neartóidh cumhachtaí chun sonraí ó thithe altranais a bhailiú agus a fhoilsiú ar mhaithe le faisnéis níos fearr agus pleanáil náisiúnta níos comhtháite a sholáthar ar fud earnáil na dtithe altranais.
- Baill bhreise teaghlaigh, lena n-áirítear garpháistí, sin-nianna, sin-neachtanna, col ceathracha, col cúigir, col seisir agus col seachtair lena mheas mar 'chomharba teaghlaigh' ar fheirm teaghlaigh nó ar shócmhainní gnó faoin NHSS.
- An tréimhse gur féidir le daoine a bheith ar an bpainéal den Bhinse Meabhairshláinte a shíneadh ó thrí bliana go cúig bliana.
Dúirt an tAire Butler:
“Cuirfidh na leasuithe ar an Acht Sláinte 2007 leis an gcreat rialála atá ann cheana féin d'ionaid chúraim chónaithe a rialaítear faoin Acht, neartóidh siad cumhachtaí reatha an Phríomhchigire, agus feabhsóidh siad na forálacha reatha chun a chinntiú go soláthraíonn siad na cosaintí is fearr is féidir do na daoine atá ina gcónaí sna hionaid sin. Seo cuid de na daoine is leochailí timpeall orainn, agus tá sé ríthábhachtach go mbeadh córas láidir rialála againn lena chinntiú go bhfuil cúram sábháilte ar ardchaighdeán á fháil acu.
"Tríd an sainmhíniú ar 'chomharba teaghlaigh' ar fheirm theaghlaigh nó ar ghnó táirgiúil a leathnú tuilleadh faoin NHSS, rachaidh sé chun tairbhe do ghrúpa daoine aonair gan garghaolta agus atá ag iarraidh leas a bhaint as an bhfaoiseamh reatha sa NHSS. Is beart tábhachtach é seo chun tacú le hinbhuanaitheacht agus inmharthanacht feirmeacha teaghlaigh agus gnó.
“Ligfidh an leasú ar an Acht Meabhair-Shláinte 2001 don Choimisiún Meabhair-Shláinte pleanáil a dhéanamh anois chun comhaltaí den bhinse a cheapadh ar feadh cúig bliana. Is beart pragmatach é seo agus beidh tionchar dearfach láithreach aige maidir le caiteachas poiblí."
Nótaí
Bhunaigh an tAcht Sláinte 2007 HIQA agus Oifig Phríomhchigire na Seirbhísí Sóisialta. Soláthraítear leis freisin an creat rialála maidir le seirbhísí cónaithe do dhaoine scothaosta (tithe banaltranais), daoine faoi mhíchumas agus leanaí a bhfuil gá acu le cúram agus cosaint. Déanann Príomh-Chigire Seirbhísí Sóisialta monatóireacht ar chomhlíonadh an chreata rialála sin.
Tá na leasuithe ar Acht 2007 mar fhreagra ar phríomh-mholtaí i dTuarascáil Phainéal Saineolaithe Tithe Altranais COVID-19, inar iarradh go bhfeabhsófaí agus go ndéanfaí nuachóiriú ar an gcreat rialála lena rialaítear tithe altranais.
I measc na leasuithe ar an Acht Sláinte 2007 tá:
- Cumhachtaí nua a thabhairt isteach don Phríomhchigire Seirbhísí Sóisialta chun fógraí comhlíonta a eisiúint chun uirlis níos aclaí agus níos comhréirí a sholáthar le haghaidh idirghabhála chun tacú le comhlíonadh in ionaid chónaithe do dhaoine scothaosta agus do dhaoine faoi mhíchumas, rud a chomhlánaíonn próisis reatha Alt 51 faoin Acht. Tá na forálacha cosúil le samhlacha fógra um chomhlíonadh i reachtaíocht eile.
- Feidhm nua a chur ar fáil don Phríomhchigire chun príomhshonraí oibríochtúla maidir le tithe altranais a bhailiú, a roinnt agus a fhoilsiú. Cabhróidh sé seo le maoirseacht agus pleanáil amach anseo ar earnáil na dtithe altranais in Éirinn.
- Amlínte a laghdú d'fhorálacha forfheidhmithe reatha arna dtionscnamh faoi Alt 51, chun dlús a chur leis an gcóras reatha chun coinníollacha a fhorchur ar chlárú nó ar chlárú a chealú agus chun comhsheasmhacht a choinneáil leis na Rialacha Cúirte Dúiche reatha chun foriarratais a thabhairt chun achomhairc.
- Bunús soiléir dlí a chur ar fáil don Phríomhchigire chun dul isteach in áitreabh atá neamhchláraithe agus é a iniúchadh, má tá forais réasúnacha aige nó aici chun a chreidiúint go bhfuil gnó ionaid ainmnithe neamhchláraithe á sheoladh.
Bhunaigh an tAcht fán Scéim um Thacaíocht Tithe Banaltrais 2009 an NHSS faoina gcuirtear tacaíocht airgeadais ar fáil dóibh siúd a bhaineann leas as seirbhísí cúraim chónaithe fhadtéarmaigh. Leathnóidh na leasuithe an sainmhíniú orthu siúd atá incháilithe lena mheas mar 'chomharba teaghlaigh' ar fheirm theaghlaigh nó ar shócmhainní gnó táirgiúla lena n-áirítear garpháistí, sin-nianna, neachtanna agus col ceathracha nuair a bhaintear iad faoi dhó agus faoi thrí. Faoin Acht fán Scéim um Thacaíocht Tithe Altranais (Leasú) 2021, is féidir uasteorainn a chur le ranníocaíochtaí ó shócmhainní feirme agus gnó tar éis trí bliana i gcúram, ar choinníoll go leanfaidh an comharba teaghlaigh a cheapfar de rith na sócmhainne ar feadh tréimhse ama.
Leasuithe ar an Acht fán Scéim um Thacaíocht Tithe Banaltrais 2009 ar:
- An sainmhíniú orthu siúd atá incháilithe lena mheas mar 'chomharba teaghlaigh' a leathnú chuig feirm theaghlaigh nó sócmhainní gnó chun garpháistí, sin-nia agus sin-neachtanna agus col ceathracha a áireamh uair amháin, faoi dhó agus faoi thrí.
- Déantar foráil maidir le tuilleadh leasuithe teicniúla ar Acht 2009.
Leagtar amach san Acht Meabhair-Shláinte 2001 na nósanna imeachta dlíthiúla maidir le ligean isteach agus cóireáil in ionaid mheabhairshláinte cheadaithe. Tá sé mar aidhm aige cearta gach duine a úsáideann seirbhísí meabhairshláinte a chosaint agus cinntíonn sé go dtugtar tús áite do leas an othair.
Cuirfidh an Coimisiún Meabhair-Shláinte tús go luath lena fheachtas earcaíochta chun baill de phainéal an bhinse a cheapadh arís. Tá an t-athrú reachtaíochta seo tráthúil, rud a fhágann gur féidir an síneadh a chur isteach sa phróiseas earcaíochta seo. Is fiú a thabhairt faoi deara go gcosnaíonn gach feachtas earcaíochta thart ar €250,000 agus go bhfuil ualach riaracháin ar an gCoimisiún.
Leasú ar an Acht Meabhair-Shláinte 2001 chun:
- An tréimhse is féidir le duine fónamh ar bhinse meabhairshláinte a athrú, arna oibriú ag an gCoimisiún Meabhair-Shláinte, ón téarma reatha trí bliana go cúig bliana.
Forbrófar reachtaíocht thánaisteach anois chun na forálacha maidir le bailiú, comhroinnt agus foilsiú príomhshonraí ó thithe altranais a chumasú.