Cuireann an tAire Simon Harris agus an tAire Catherine Byrne fáilte roimh thosach Sheachtain Shláinte na bhFear 2019
- Foilsithe: 10 Meitheamh 2019
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Chuir Simon Harris TD, an tAire Sláinte, agus Catherine Byrne TD, an tAire Stáit le freagracht as Cur Chun Cinn na Sláinte, fáilte inniu (an Luan) roimh thosach Sheachtain Shláinte na bhFear 2019.
Tá an tseachtain á comhordú ag Fóram Shláinte na bhFear in Éirinn agus beidh sí ar siúl ón Luan an 10 Meitheamh go dtí an Domhnach an 16 Meitheamh (Lá na nAithreacha). Is é an aidhm atá léi feasacht a mhéadú ar fhadhbanna sláinte is féidir a chosc, tacaíocht a thabhairt d’fhir agus buachaillí saol níos sláintiúla a bheith acu agus iad a spreagadh cabhair nó cóireáil a iarraidh go luath san fhadhb.
Dúirt an tAire Harris:
“Is eol dúinn go bhfuil fir faoi mhíbhuntáiste ó thaobh roinnt príomhthorthaí sláinte de. Mar shampla, is airde i measc fear atá rátaí caitheamh tobac, rátaí ólacháin, rátaí murtaill agus rátaí féinmharaithe.
“Sin é an fáth ar fhoilsíomar an Plean Gníomhaíochta Náisiúnta um Shláinte na bhFear sa bhliain 2017 agus cuirim fáilte roimh an tseachtain seo mar rud a chuirfidh go mór le sláinte na bhfear in Éirinn.
“Tá sé ríthábhachtach go leanaimid le tacaíocht a thabhairt d’fhir agus buachaillí roghanna stíl mhaireachtála níos sláintiúla a dhéanamh agus iad a spreagadh cabhair nó cóireáil a iarraidh go luath san fhadhb.”
Dúirt an tAire Byrne:
“Sa chreat Éire Shláintiúil, ár gcreat náisiúnta gníomhaíochta chun sláinte agus folláine mhuintir na tíre a fheabhsú, leagtar béim shonrach ar aghaidh a thabhairt ar neamhionannais sláinte, lena n-áirítear iad sin a eascraíonn as cúrsaí inscne. Faoi mar a rinne an tAire Harris, ba mhaith liom fáilte a chur roimh thosach Sheachtain Shláinte na bhFear. Molaim Fóram Shláinte na bhFear in Éirinn, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus an líon ard eagraíochtaí comhpháirtíochta eile as an obair atá á déanamh acu ar dhea-shláinte fhisiciúil agus dea-mheabhairshláinte d’fhir a chur chun cinn ar fud na seachtaine seo agus sa todhchaí.”
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
Comóirtear Seachtain Shláinte na bhFear ar fud na hEorpa, i Stáit Aontaithe Mheiriceá, i gCeanada, sa Nua-Shéalainn, san Astráil agus i lear tíortha eile.
In Éirinn, is é Fóram Shláinte na bhFear in Éirinn a chomhordaíonn Seachtain Shláinte na bhFear. Faigheann sé tacaíocht ina leith ó níos mó ná 80 eagraíocht comhpháirtíochta. Faightear tacaíocht airgeadais ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus ón nGníomhaireacht Sláinte Poiblí.
Is carthanas a oibríonn ar bhonn uile-oileáin chun sláinte na bhfear agus na mbuachaillí a fheabhsú é Fóram Shláinte na bhFear in Éirinn (www.mhfi.org). Is líonra deonach é atá comhdhéanta de dhaoine aonair, idir fhir agus mhná, agus d’eagraíochtaí. Féachann sé lena fháil amach cé na príomhábhair imní a bhaineann leis an tsláinte i measc fear agus an tuiscint atá orthu sin a mhéadú.
Is féidir faisnéis thábhachtach faoi Sheachtain Shláinte na bhFear ar oileán na hÉireann a fháil ar líne
- Forbhreathnú iomlán ar Sheachtain Shláinte na bhFear 2019
- Bileog threorach ina dtugtar freagra ar gach ceann de na ceisteanna is coitianta
- Póstaeir agus íomhánna do Sheachtain Shláinte na bhFear
- Moltaí praiticiúla d’eagraíochtaí ar conas is féidir leo páirt a ghlacadh inti
- Na forbairtí is déanaí: http://www.facebook.com/MensHealthWeek agus http://www.twitter.com/MensHealthIRL