Cuireann an tAire Sláinte agus Aire um Meabhairshláinte agus Daoine Níos Scothaosta fáilte roimh Threoir nuashonraithe um Chuairt ar Thithe Altranas
- Foilsithe: 22 Aibreán 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Chuir an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD agus an tAire um Meabhairshláinte agus Daoine Scothaosta, Mary Butler TD, roimh fhormheas na Foirne Náisiúnta Éigeandála Sláinte Phoiblí (NPHET) den Treoir COVID-19 athbhreithnithe de chuid an Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte (HPSC) i dtaca le cuairteanna ar Áiseanna Cúraim Chónaithe Fhadtéarmaigh. Tiocfaidh an treoir nua i bhfeidhm an 4 Bealtaine.
Bhí tionchar as cuimse ag paindéim COVID-19 ar an tsochaí uile, go háirithe i measc daoine scothaosta. Aithnítear go bhfuil éifeachtaí ag na bearta cosanta sláinte poiblí is gá, ar nós na srianta ar chuairteanna in áiseanna cúraim chónaithe fhadtéarmaigh ar fholláine shóisialta, shíceolaíoch agus mhothúchánach na gcónaitheoirí agus a dteaghlach. Tugann an soláthar fairsing de vacsaíní d’áitritheoirí tithe altranais misneach dúinn agus cuirtear an deis de chuairteanna breise ar fáil.
Leanann an treoir athbhreithnithe ar chuairteanna ag cur leis an bhfoghlaim ón tionchar dearfach a bheidh ag rolladh amach na vacsaíne go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta agus soláthróidh sé maolú breise ar shrianta cuairteanna de réir mar a leanaimid orainn na buntáistí ollmhóra as rolladh amach na vacsaíní a fheiceáil ar fud an phobail.
Is féidir a éascú anois do chónaitheoirí ceithre ghnáthchuairt a fháil in aghaidh na seachtaine. Beidh sé seo indéanta tar éis coicíse tar éis an vacsaínithe iomláin a dhéanamh ar thart ar 8 as 10 de na cónaitheoirí go léir sa teach altranais. Seachas sin, ba cheart dhá chuairt in aghaidh na seachtaine a éascú. Ba cheart go mbeadh fad na gcuairteanna oiriúnach do riachtanais an chónaitheora agus níor chóir go mbeidís níos lú ná uair a chloig amháin. Sa chás go bhfuil clúdach ard vacsaíne ann, féadfaidh beirt dhuine cuairt a thabhairt ag an am céanna ach níl aon riachtanas teorainn a chur ar líon na gcuairteoirí ainmnithe.
Leanann an leibhéal méadaithe cuairteanna dá bhforáiltear faoin treoir nua an t-aistriú go dtí dhá chuairt in aghaidh na seachtaine, rud a fógraíodh an mhí seo caite.
Tá an chuid is mó de chónaitheoirí tithe altranais vacsaínithe go hiomlán i gcoinne COVID-19 anois agus, mar aitheantas air seo, agus an fhianaise mhéadaitheach ar an gcosaint a thugtar trí vacsaíniú iomlán, cuireadh le chéile treoir nua a leathnaíonn raon feidhme na cuairte. Cé go bhfuil feabhas mór tagtha ar an staid i dtithe altranais, tá an riosca a bhaineann le COVID-19 an-dáiríre. Tá an baol ann fós go dtabharfar ionfhabhtú isteach, lena n-áirítear an fhéidearthacht d’athraitheach nua de COVID-19. Tá imní ar leith ann faoin bhféidearthacht d’athraitheach nua a thabhairt isteach, a bhféadfadh éifeacht níos lú a bheith ag an vacsaín ina choinne. Dá bhrí sin, tá gá le bheith cúramach fós.
Caithfear a bheith ar an airdeall i gcónaí ar na bearta ginearálta um chosc agus rialú ionfhabhtaithe agus ní mór dúinn leanúint ar aghaidh ag cloí le comhairle sláinte poiblí, agus cuairt á tabhairt san áireamh, chun scaipeadh COVID-19 a laghdú agus iad siúd atá ina gcónaí inár bpobail a chosaint. Coinneofar athbhreithniú leanúnach ar an treoir de réir mar a thagann fianaise agus sonraí nua chun cinn.
Tar éis dó an treoir nua a fhormheas, dúirt an tAire Donnelly:
“Réitigh an treoir is déanaí, a foilsíodh i mí an Mhárta, an bealach chun filleadh ar chuairt a thabhairt ar ár ngaolta i dtithe altranais agus thug sé lúcháir agus dóchas d’áitritheoirí tithe altranais agus dá dteaghlaigh agus dá gcairde. Agus anois, agus an leas breise a bhaineann le vacsaíniú iomlán don oiread sin cónaitheoirí i dtithe altranais, is céim mhór é, tríd an treoir nua seo, go bhfilltear ar chuairteanna níos gnáiche d’áitritheoirí tithe altranais.
“Bhí agus tá an taithí a bhaineann leis an bpaindéim seo deacair agus tá sé fós le mothú go géar ag na daoine atá ina gcónaí i dtithe altranais. Trí na bearta is gá chun muid féin a chosaint ar an víreas, chailleamar go léir naisc shóisialta thábhachtacha le daoine muinteartha, caillteanas a mhothaigh ár dteaghlach agus ár gcairde i dtithe altranais go háirithe.
“Tá teagmháil bhríoch lenár dteaghlaigh agus lenár gcairde chomh tábhachtach sin dár bhfolláine, agus is rud é a rinneamar iarracht a sholáthar ar bhealach chomh sábháilte agus is féidir. Agus leibhéil arda vacsaínithe bainte amach anois i go leor tithe altranais, is mór an t-údar misnigh dúinn go dtugann sé seo an deis do chónaitheoirí tithe altranais níos mó deiseanna a bheith acu an teagmháil bhríoch sin a athmhothú.”
Agus í ag cur fáilte roimh na treorach nua, dúirt an tAire Butler:
“Níl aon amhras ach go raibh na 14 mhí dheireanacha thar a bheith deacair agus dúshlánach d’fhoireann tithe altranais, do chónaitheoirí agus dá dteaghlaigh agus ab an-mhór na híobairtí a rinneadh. Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt d’fhoireann tithe altranais agus buíochas a ghabháil leo as a n-iarrachtaí gan staonadh agus a gcuid oibre crua chun daoine a choinneáil chomh slán agus is féidir. "
“Tuigim go bhféadfadh imní a bheith ann do roinnt daoine faoi mhéadú a chur ar chuairteanna, i bhfianaise na ndúshlán mór atá ann ó theacht na paindéime. Ní mór cothromaíocht a bhaint amach, áfach, idir cónaitheoirí agus baill foirne a chosaint ar riosca COVID-19, agus cearta an duine aonair chun cuairteanna ó theaghlaigh agus ó chairde. Cuid dhílis d’fholláine na gcónaitheoirí agus de cháilíocht an chúraim a chuirtear ar fáil is ea cuairteanna, naisc shóisialta agus teagmhálacha bríocha. Leis na buntáistí a thagann ó na vacsaíní, tá athrú ag teacht ar chuairteanna rialta ó chúinsí ginearálta agus atruacha amháin, i dtreo staid níos gnáiche.
“Tabharfaidh cur i bhfeidhm na treorach nua ón 4 Bealtaine deis do sholáthraithe seirbhíse tithe altranais cumarsáid a dhéanamh le teaghlaigh, cuairteanna a chur in áirithe agus ullmhú le haghaidh cuairteanna breise. Táim ag súil go n-éascóidh gach soláthróir tithe altranais na cuairteanna, a mhéid is féidir, de réir na treorach nua a fógraíodh inniu. "
CRÍOCH
Nóta d'Eagarthóirí
- Cur chuige tras-rialtais is ea plean athbhreithnithe an Rialtais ‘COVID-19 Athléimneacht agus Athshlánú 2021 - An Bóthar Amach Romhainn' maidir leis an víreas a bhainistiú chun an paindéim a bhainistiú sna míonna amach romhainn agus foilsíodh é an 23 Feabhra 2021. Leagtar amach ann an cur chuige maidir leis an gcéad Chéim eile.
- Is galar an-tógálach é COVID-19 agus nuair a bhíonn sé ag scaipeadh ar leibhéil arda sa phobal, tá riosca méadaithe ann go rachadh sé isteach i dtithe altranais agus in áiseanna cúraim chónaithe fadtéarmacha eile. Is minic go mbíonn daoine sna suíomhanna seo an-leochaileach don víreas seo agus dá éifeachtaí, chomh maith leis na suíomhanna féin ina mbaineann rioscaí leo ó thaobh rialú agus cosc ionfhabhtaithe de.
- D’fhonn an riosca go dtarchuirfear COVID-19 chuig daonraí leochaileacha a laghdú, b’fhéidir go mbeidh sé riachtanach líon na gcuairteoirí ar shaoráidí cúraim chónaithe fadtéarmacha a laghdú ag amanna criticiúla áirithe.
- Cuirtear srianta ar chuairteanna go forleathan ar bhonn idirnáisiúnta mar bheart cosanta le roinnt athruithe ar an gcaoi a gcuirtear i bhfeidhm iad. Mar sin féin, de réir na gceanglas rialála, tá cuairt mar chuid de ghnáthfheidhmiú laethúil tithe altranais. Dá bhrí sin, tá oibleagáid dhlíthiúil ar sholáthraí an tí altranais gach a bhfuil praiticiúil a dhéanamh chun tacú le cuairt shábháilte. Ba cheart go mbeadh an inniúlacht agus na tacair scileanna ábhartha ag an teach altranais laistigh dá chomhlánú foirne chun é seo a bhainistiú go cuí.
- Meabhraíonn an méadú ar chásanna COVID-19 in Eanáir 2021 agus an dochar a rinne sé d’áitritheoirí agus don fhoireann an gá leanúnach atá le faireachas chun cosc a chur ar COVID-19 a thabhairt isteach i dtithe altranais. Cé go bhfuil feabhas mór tagtha ar an scéal tá riosca leanúnach ann fós maidir le hionfhabhtú a thabhairt isteach. Tá imní ar leith ann faoin bhféidearthacht d’athraitheach nua a thabhairt isteach, nach gcosnaíonn an vacsaín ina choinne.
- D’fhorbair Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte FSS (HPSC) an treoir nua seo, a chuireann buntáistí an vacsaínithe san áireamh, chun tacú le soláthraithe cúraim chónaithe fadtéarmacha a gcuid freagrachtaí a chomhlíonadh agus chun tacú le cuairteanna sábháilte, a mhéid is féidir, ag féachaint do chothromú a dhéanamh ar phrionsabal an chur chuige aireach maidir le hathoscailt agus na sonraí luatha ar thionchair dhearfacha an vacsaín a aithint.
- Aithníonn an treoir an tionchar dearfach agus leanúnach atá ag rolladh amach na vacsaíne, go háirithe i dtithe altranais, agus is féidir ceithre chuairt in aghaidh na seachtaine a dhéanamh anois ar gach leibhéal de chreat na mbeart sriantach, ina bhfuil vacsaín tugtar do 8 as gach 10 gcónaitheoir sa teach altranais. Seachas riachtanais oibríochta, ceadaítear solúbthacht maidir le fad na gcuairteanna agus i gcás ina bhfuil na riachtanais oibríochta sin ann, ba cheart cuairteanna uair an chloig ar a laghad a éascú. Moltar sa treoir go bhforbródh soláthraithe plean cuairte aonair do gach cónaitheoir mar chuid de phlean cúraim foriomlán an chónaitheora agus ba cheart go mbeadh fad na gcuairteanna oiriúnach do riachtanais an chónaitheora.
- Tá Cúinsí Sonracha Criticiúla agus Atruacha breise ann, nuair nach bhfuil aon uasteorainn ar mhinicíocht nó ar fhad na cuairte atá inghlactha, faoi réir chumas an tí altranais an chuairt a bhainistiú ar bhealach sábháilte. Ina measc seo tá, mar shampla, imthosca ina bhfuil deireadh a saoil ar tí tarlú agus nuair a bhíonn eachtra saoil thar a bheith tábhachtach don chónaitheoir (mar shampla bás céile nó lá breithe).
- Athdhearbhaítear sa treoir freisin an seasamh atá ann go bhfuil cúinsí an-teoranta, más ann dóibh, lena n-áirítear ráigeanna, inar cheart cuairteanna lasmuigh nó fuinneoga a chur ar fionraí ar fhorais um chosc agus rialú ionfhabhtaithe.
- Tugann an treoir dá haire na rioscaí agus na dúshláin ar leith a thagann chun cinn i gcomhthéacs ráige oscailte i dteach altranais. Sa chás go bhfuil ráig oscailte ann, teastaíonn tuilleadh bearta sláinte poiblí, lena n-áirítear teorainneacha ar chuairt. Tugtar breac-chuntas ar na bearta seo sa treoir. Sa treoir cuirtear béim freisin ar na bearta leanúnacha sláinte poiblí atá riachtanach d’fhonn a chinntiú go ndéantar cuairt ar an mbealach is sábháilte. Forbraíodh an treoir athbhreithnithe i gcomhairle le príomhpháirtithe leasmhara náisiúnta.
- Tacaíonn foilsiú na treorach seo le cur chun feidhme mholadh 12.1 de Thuarascáil Phainéal Saineolaithe Tithe Altranais COVID-19.
- Ag aithint na cúinsí deacra atá curtha i láthair ag COVID-19 do shuíomhanna cúraim chónaithe fhadtéarmaigh, chomhaontaigh an NPHET ar shraith beart feabhsaithe chun tacaíocht a sholáthar do na suíomhanna seo agus tá siad seo á gcur i bhfeidhm faoi láthair ag FSS, HIQA agus soláthraithe seirbhíse. Sa phacáiste substaintiúil, cuimsítear beart tacaíochta do thithe altranais bearta chun tacú leo siúd a bhfuil ráigeanna de COVID-19 acu agus bearta atá dírithe ar shlabhra tarchuir an víris a bhriseadh. I measc na dtacaíochtaí sin tá rannpháirtíocht fheabhsaithe FSS; tacaíochtaí cliniciúla ildisciplíneacha ar leibhéal CHO trí 23 Fhoireann Freagartha COVID-19; TCP réamhchúraim agus feabhsaithe a sholáthar, saor in aisce; clár tástála sraitheach d’fhoireann uile na dtithe altranais; nuair is féidir, rochtain ar bhaill foirne ó ospidéil phobail agus ospidéil ghéarmhíochaine; sraith threoracha sláinte phoiblí spriocdhírithe agus acmhainní oiliúna; scéim tacaíochta airgeadais sealadaí do thithe altranais príobháideacha agus deonacha le breis agus €86.4m i dtacaíocht mhaoinithe bhreise curtha ar fáil go dtí seo (lena n-áirítear deontas aonuaire breise le haghaidh bonneagair chuairte) - Tá an Scéim oscailte go dtí an 30 Meitheamh 2021; Cóiríocht shealadach d’fhoireann tithe altranais chun tacú le bearta chun an slabhra tarchuir a bhriseadh; Creat rialála dearbhaithe cáilíochta HIQA COVID-19.