Cuireann an tAire Sláinte agus an tAire um Meabhairshláinte agus Daoine Scothaosta fáilte roimh cheadú na Comh-Aireachta don foilsiú an Bhille um Scéim Tacaíochta Tithe Altranais (Leasú) 2021 d’fheirmeacha agus do ghnólachtaí teaghlaigh
- Foilsithe: 11 Bealtaine 2021
- An t-eolas is déanaí: 8 Meitheamh 2021
Inniu, chuir an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD an Bille um Scéim Tacaíochta Tithe Altranais (Leasú), 2021 os comhair na Comh-Aireachta lena formheas, thar ceann Mary Butler TD, an tAire Stáit um Meabhairshláinte agus Daoine Scothaosta.
Leis an leasú seo ar an Scéim Tacaíochta do Thithe Altranais, cuirfear teorainn trí bliana ar ranníocaíochtaí airgeadais ó fheirmeacha nó gnólachtaí faoi úinéireacht teaghlaigh agus á n-oibriú ag an teaghlach agus an costas do chúram tí altranais á ríomh. Tarlóidh sé seo nuair a thugann comharba teaghlaigh gealltanas d’oibriú ar an bhfeirm nó ar an ngnó.
Is éard atá sa Scéim Tacaíochta do Thithe Altranais, ar a dtugtar Cothrom na Féinne de ghnáth, córas tacaíochta airgeadais dóibh siúd a dteastaíonn cúram fadtéarmach tí altranais uathu. Tá sé mar aidhm ag an Scéim a chinntiú go bhfuil cúram inrochtana agus inacmhainne do gach duine agus go dtugtar cúram do dhaoine sna suíomhanna is oiriúnaí.
Faoi Chothrom na Féinne, déanann cónaitheoirí ranníocaíochtaí lena gcúram bunaithe ar mheasúnú airgeadais ar a n-ioncam agus a sócmhainní. Sa mheasúnú seo, ní chuirtear luach caipitil phríomháit chónaithe phríobháideach an duine san áireamh ach don chéad 3 bliana d’am cónaitheora i gcúram. Tugtar an teorainn trí bliana air seo.
Dúirt an tAire Donnelly:
"Tá an Scéim Tacaíochta do Thithe Altranais i bhfeidhm le breis agus 10 mbliana agus tá comhaontú ann i gcoitinne go bhfuil ag éirí go maith leis an Scéim agus go leanann sí ag soláthar cúnaimh airgeadais iomchuí nuair is gá.
"Aithníonn an Rialtas, áfach, nach mbaineann an teorainn trí bliana ar mheasúnú airgeadais ar ioncam agus sócmhainní duine le feirmeacha nó le gnóthaí teaghlaigh ach amháin i gcás breoiteachta tobainne nó míchumais. D’fhéadfadh go gcuirfeadh an cás seo brúnna airgeadais gan ghá ar na teaghlaigh seo agus d’fhéadfaí go mbeadh dúshlán ann d’inmharthanacht na feirme nó an ghnó sa todhchaí.
"Sa Bhille a tugadh chuig an gComh-Aireacht inniu, seachadtar tiomantas an Chlár Rialtais maidir le haghaidh a thabhairt ar an gceist seo trí chosaintí breise a thabhairt isteach sa scéim chun inbhuanaitheacht feirmeacha agus gnóthaí teaghlaigh a chur chun cinn agus a chosaint ionas go bhféadfar iad a chur ar aghaidh chuig an gcéad ghlúin eile."
Dúirt an tAire Butler:
"Tá paindéim COVID-19 tar éis béim a chur ar na leochaileachtaí atá ag a lán daoine scothaosta, go háirithe iad siúd atá ina gcónaí i gcúram cónaithe fadtéarmach. Tá sé ríthábhachtach go gcoinneofar infheistíocht phoiblí i seirbhísí cúraim fadtéarmacha dóibh siúd a bhfuil sé de dhíth orthu. Caithfidh cúram fanacht inrochtana agus inacmhainne, lena n-áirítear do na teaghlaigh sin a bhfuil feirm nó gnó acu.
"Bhí sé mar thosaíocht iomlán domsa reachtaíocht na Scéime Tacaíochta do Thithe Altranais a nuashonrú chun cosaintí d’fheirmeoirí agus d’úinéirí gnó a fheabhsú. Nuair a ceapadh mé mar Aire le freagracht as Meabhairshláinte agus Daoine Scothaosta i mí Iúil 2020, gheall mé don reachtaíocht seo agus chuir mé chun cinn í chomh tapa agus ab’fhéidir liom.
"Táim an-sásta go bhfuil foilsiú an Bhille ceadaithe ag an gComh-Aireacht anois, agus táim ag tnúth leis an reachtaíocht seo a thabhairt os comhair mo chomhghleacaithe sa dá Theach a luaithe is féidir. Táim ag súil go bhfaighidh an Bille tacaíocht leathan, traspháirtí."
Nótaí
Tá an Scéim Tacaíochta do Thithe Altranais i bhfeidhm ó 2009 i leith. Amhail an 31 Nollaig 2020, bhí 22,755 duine rannpháirteach sa Scéim ar chostas bliantúil díreach os cionn €1 billiún. Ranníocann rannpháirtithe sa Scéim suas le 80% dá n-ioncam inmheasúnaithe agus uasmhéid de 7.5% in aghaidh na bliana de luach na sócmhainní a choinnítear. I gcás lánúine, déantar acmhainn an iarratasóra a mheas mar 50% d’ioncam agus de shócmhainní comhcheangailte na lánúine. Ní áirítear an chéad €36,000 de shócmhainní duine aonair, nó €72,000 i gcás lánúine, sa mheasúnú airgeadais ar chor ar bith.
Is é aidhm fhoriomlán na Scéime Tacaíochta do Thithe Altranais go ranníocann rannpháirtithe le costas a gcúraim de réir a n-acmhainne, agus go n-íocann an Stát iarmhéid an chostais. Sa chás go bhfuil ranníocaíocht sheachtainiúil mheasúnaithe duine níos mó ná costas an chúraim, ní cháilíonn siad le haghaidh tacaíochta airgeadais. Dá bhrí sin, ní dócha go gcáileoidh iarratasóirí ar an Scéim a bhfuil sócmhainní nó ioncaim shubstaintiúla acu le haghaidh tacaíochta airgeadais.
Ní chuirtear luach caipitil phríomháit chónaithe phríobháideach an duine san áireamh sa mheasúnú airgeadais don scéim don chéad 3 bliana dá thréimhse i gcúram. Tugtar an teorainn 3 bliana air seo. Faoi láthair, ní bhaineann an teorainn neamhcháilithe de 3 bliana seo le sócmhainní táirgiúla ar nós feirmeacha agus gnóthaí, ach amháin i gcás go dtagann breoiteacht nó míchumas tobann ar fheirmeoir nó ar úinéir gnó agus mar thoradh air sin go dteastaíonn cúram tí altranais uaidh.
Féachann an Bille seo le dul i ngleic leis an tsaincheist seo trí chosaintí breise a thabhairt isteach sa Scéim chun inmharthanacht agus inbhuanaitheacht feirmeacha agus gnóthaí teaghlaigh a chosaint ionas go bhféadfar iad a chur ar aghaidh chuig an gcéad ghlúin eile den teaghlach.
Is é an t-athrú atá beartaithe ná ranníocaíochtaí airgeadais a theorannú bunaithe ar shócmhainní feirme agus gnó ag trí bliana, i gcás ina dtugann comharba teaghlaigh ainmnithe gealltanas d’oibriú ar an tsócmhainn tháirgiúil laistigh den chéad trí bliana ó thréimhse an chónaitheora i gcúram.