English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Cuireann an tAire Sláinte an Rialtas ar an eolas faoin dul chun cinn atá déanta maidir le liosta feithimh d’obráidí Dromlaigh Péidiatracha a laghdú

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 22 Deireadh Fómhair 2024
  • An t-eolas is déanaí: 25 Deireadh Fómhair 2024

Chuir an tAire Sláinte Stephen Donnelly an Rialtas ar an eolas inniu go bhfuiltear ag súil go dtitfidh líon na bpáistí atá ar an liosta feithimh gníomhach d’obráidí dromlaigh ó 129 síos go 87 faoi dheireadh na bliana.

Táthar ag súil freisin go dtitfidh líon na leanaí atá ag fanacht níos mó ná ceithre mhí le haghaidh obráide ó 72 go 20, de réir réamh-mheastacháin mhionsonraithe arna dtáirgeadh ag Aonad Bainistíochta Máinliacht Dromlaigh Péidiatrach i Sláinte Leanaí Éireann (CHI). Fágfaidh sin go mbeidh laghdú 77% ar an 86 páiste a bheidh ag fanacht os cionn ceithre mhí ag tús na bliana.

Tá na laghduithe seo ar amanna feithimh máinliachta á mbaint amach in ainneoin méadaithe ar bhreiseanna curtha leis an liosta máinliachta mar gheall ar líon i bhfad níos airde clinicí othar seachtrach a bheith i bhfeidhm.

Tá roinnt tionscnamh ar bun chun a chinntiú go mbeidh rochtain níos tapúla ag leanaí ar chúram, lena n-áirítear socruithe le hospidéil thar lear, obráidí a mhéadú ag ospidéil in Éirinn, clinicí othar seachtrach breise agus earcú sainfhoirne chun tacú leis na seirbhísí dromlaigh seo.

D'iarr an tAire Donnelly freisin ar CHI tús a chur le foilsiú sonraí faoi líon na leanaí atá ag fanacht, ailínithe le bandaí ama de chuid an Chiste Náisiúnta um Cheannach Cóireála (NTPF).

Dúirt an tAire Donnelly:

“Tá áthas orm a thuairisciú go bhfuil dul chun cinn láidir á dhéanamh againn maidir le dul i ngleic le liostaí feithimh d’obráidí dromlaigh péidiatracha, agus tá rochtain níos tapúla ag leanaí anois ar chúram mar thoradh ar an leibhéal suntasach infheistíochta seo.

“Tuigim go maith go bhfuil roinnt leanaí fós ag fanacht rófhada le haghaidh cúraim, rud atá do-ghlactha, agus táim ag obair go dlúth le FSS agus CHI chun a chinntiú go bhfuil gach rud is féidir á dhéanamh chun cóireáil thráthúil a chur ar fáil, a chuirfidh feabhas mór ar chaighdeán na beatha.

“D'iarr mé ar CHI a chinntiú, tar éis na Nollag, go dtairgfear obráid thar lear d'aon pháiste atá ag fanacht níos faide ná ceithre mhí, má tá sé oiriúnach go cliniciúil, agus i gcomhairle lena gcliniceoir cóireála.

“Tá sé ráite ag CHI go gcinnteoidh na comhairleoirí breise atá á n-earcú, mar aon le hinfheistíocht bhreise atá déanta cheana féin, go mbeidh dóthain acmhainní máinliachta acu chun freastal ar riachtanais den tseirbhís dromlaigh phéidiatrach amach anseo."


Nótaí:

  • In 2022, gealladh €19 milliún de mhaoiniú reatha agus caipitil chun dul i ngleic le liostaí feithimh d’obráidí dromlaigh trí acmhainn bhreise a chruthú. Áirítear leis seo foireann bhreise a fhostú; an cúigiú hobrádlann i Sráid Temple a osclaíodh i mí Dheireadh Fómhair 2023, scanóir MRI breise a cuireadh isteach i mí Dheireadh Fómhair 2023, 24 leaba atá ar fad oscailte agus ag feidhmiú; agus liostaí breise gníomhaíochta agus obrádlann phéidiatrach ag Ospidéal Náisiúnta Ortaipéideach Cheapach (NOHC).
  • Bhí méadú suntasach i méid na ngnáthamh dromlaigh péidiatrach a rinneadh in 2022 agus 2023. Faoi 18 Deireadh Fómhair na bliana seo, rinneadh os cionn 400 gnáthamh dromlaigh péidiatrach, atá chun tosaigh ar an ngníomhaíocht uilig a rinneadh ag an am céanna in 2023.
  • Táthar ag tuar go ndéanfaidh CHI agus NOHC 557 gnáthamh in 2024, méadú 93 gnáthamh i gcomparáid le 2023. Tá tionscnaimh ar bun freisin in Ospidéal Ollscoile Mater Misericordiae agus i gClinic na Carraige Duibhe.
  • Tá méadú suntasach tagtha ar líon na n-othar seachtrach atá le feiceáil, agus tá 335 othar sceidealaithe i seacht gclinic ó Aibreán 2024, chomh maith leis na hothair atá le feiceáil ag clinicí reatha. Tá triúr Máinlianna Ortaipéideacha Comhairleacha breise, Péidiatraí Comhairleach a bhfuil spéis ar leith acu i néaramhíchumas, agus ainéistéisí comhairleacha á n-earcú chun tacú leis na seirbhísí dromlaigh seo.
  • Tá cóir leighis á dtairiscint d'othair atá oiriúnach thar lear in Ospidéal Leanaí Morgan Stanley i Nua-Eabhrac, Ospidéal Shráid Great Ormond i Londain, agus Ospidéal Portland sa Ríocht Aontaithe. Amhail Meán Fómhair, deimhníodh go raibh cóir leighis á cur ar 20 othar thar lear.
  • Tá an tAonad tiomnaithe Bainistíochta Máinliacht Dromlaigh Péidiatrach a bunaíodh i CHI ag comhordú seirbhísí dromlaigh ar fud na n-ospidéal chun feabhsú leanúnach a chur chun cinn; aghaidh a thabhairt ar dhúshláin ar fud na seirbhíse; seachadadh d’obráidí dromlaigh a bhainistiú; an plean oibriúcháin a chur i bhfeidhm; monatóireacht, bainistiú agus tuairisciú a dhéanamh ar liostaí feithimh d’obráidí dromlaigh; bainistiú réamhghníomhach a dhéanamh ar gach foinsiú allamuigh agus seachfhoinsiú; agus rannpháirtíocht chomhordaithe agus láidir geallsealbhóirí a chinntiú.
  • Leithdháileadh maoiniú breise ar luach €1.34m níos luaithe i mbliana chun seirbhísí dromlaigh a fheabhsú ar iarratas ó cheannaire cliniciúil nua. Áirítear leis seo foireann bhreise, clinicí othar seachtrach ar an Satharn, agus scanadh MRI breise a bheith déanta faoi ainéistéiseach ginearálta. Tá 14 ball foirne breise á dtabhairt ar bord chun tacú le seirbhísí dromlaigh, lena n-áirítear cúigear comhairleoirí, cúigear altraí, beirt ghairmithe sláinte agus cúraim shóisialta, agus beirt bhall foirne riaracháin. Tá seachtar den fhoireann bhreise sin tosaithe sa phost cheana agus seachtar á lionadh acu.