Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Cuireann an tAire Sláinte fáilte roimh chistiú breise €5.1 milliún do thacaíochtaí do dhaoine gan dídean

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 16 Deireadh Fómhair 2020
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Chuir an tAire Sláinte, Aire Sláinte, Stephen Donnelly, T.D., fáilte roimh €5.1 milliún sa bhreis a sholáthar do thacaíochtaí sláinte do dhaoine gan dídean.

Dúirt an tAire:

“Ceaptar go mbeidh an geimhreadh seo an-dúshlánach dár seirbhísí sláinte mar gheall ar phaindéim COVID-19. Tá baol níos airde roimh dhaoine atá gan dídean go dtiocfaidh COVID-19 orthu agus is dóchúla go dteastóidh seirbhísí cúram sláinte éigeandála uathu i rith an gheimhridh. Chun tacú leo siúd atá gan dídean i mBaile Átha Cliath, tá €2.4 milliún sa bhreis á chur ar fáil ag an rialtas do sheirbhísí sláinte mar chuid de phlean geimhridh FSS. Cuirfear €2.7 milliún sa bhreis ar fáil i réigiúin eile.”

Leanfar leis an gcistiú breise a chur ar fáil agus cuirfidh sé feabhas ar na bearta sláinte seo a leanas do dhaoine gan dídean i mBaile Átha Cliath i rith mhíonna an gheimhridh:

  • Aonad aonraithe 110 leaba a oibriú do theaghlaigh agus daoine singil gan dídean, tacaíocht altranais, DG agus cúraim shóisialta san áireamh
  • Foireann tacaíochtaí sláinte a chur ar fáil ina bhfuil altraí agus oibrithe cúraim shóisialta meabhairshláinte chun cúram a thabhairt do 250 duine a bhfuil cocúnú á dhéanamh acu agus na daoine atá i gcóiríocht éigeandála phríobháideach
  • Aonad 18 leaba a oibriú do dhaoine singil gan dídean a bhfuil riachtanais chasta acu
  • Áiseanna soghluaiste tástála, rianaithe agus féinaonraithe a sholáthar do dhaoine gan dídean a bhfuil cásanna amhrasta COVID-19 ina measc
  • Leanúint leis an bhfoireann thiomnaithe freagartha 7 lá do dhaoine gan dídean a chur ar fáil

Bhí an tAire Sláinte ag labhairt i rith cuairt a thug sé ar áis féinaonraithe atá á reáchtáil ag FSS do dhaoine gan dídean i gcathair Bhaile Átha Cliath. Chas sé le foireann freagartha COVID-19 do dhaoine gan dídean i rith na cuairte.

D’éirigh leis an bhfreagairt chomhordaithe faoi stiúir FSS, i gcomhar le Feidhmeannacht Réigiún Bhaile Átha Cliath do Dhaoine gan Dídean agus seirbhísí deonacha do dhaoine gan dídean, iad siúd a chosaint atá gan dídean i rith phaindéim COVID-19 i mBaile Átha Cliath.

Dúirt sé:

“Is mian liom na hoibrithe sláinte agus cúraim shóisialta túslíne go léir a mholadh atá i seirbhísí do dhaoine gan dídean a d’oibrigh chomh dian dícheallach sin chun daoine atá gan dídean a chosaint. Is cinnte gur thug bhur gcuid gníomhartha saol go leor daoine slán.”

Dúirt an tAire:

“Is é plean an gheimhridh an chéad chéim chun aghaidh a thabhairt ar an ngealltanas a thugtar i gClár an Rialtais chun cistiú FSS a mhéadú d’idirghabháil spriocdhírithe do dhaoine gan dídean agus a bhfuil andúil acu.”

Cuirtear cistiú breise €11 milliún ar fáil i mBuiséad 2021 do bhearta aonuaire chun daoine leochaileacha a chosaint atá i mbaol bheith gan dídean faoi phleananna an Gheimhridh agus na Paindéime.

Dúirt an tAire Stáit le freagracht as Sláinte Poiblí, Folláine agus an Straitéis Náisiúnta Frithdhrugaí, Frank Feighan:

“Tarlaíonn go mbíonn daoine atá gan dídean agus a bhfuil andúil acu an-leochaileach agus go mbíonn riachtanais an-chasta acu. Mar chuid dár bhfreagairt do COVID-19, cuireadh roinnt beart i bhfeidhm chun daoine atá gan dídean a chosaint. Rinne seo an méid cásanna dearfacha a íoslaghdú go mór agus choimeád sé an méid básanna an-íseal. Tá sé ríthábhachtach go leanaimid leis na daoine is leochailí a chosaint ó COVID-19.”

Dúirt an tAire freisin,

“Déanfaidh an cistiú €11 milliún i mBuiséad 2021 soláthar freisin chun plean cúraim sláinte saincheaptha a fhorbairt do bhreis agus 1,000 duine singil a chónaíonn i gcóiríocht éigeandála. Cinnteoidh an t-airgead seo go leantar le bearta cosanta agus freagrúla COVID-19 do dhaoine gan dídean a chur ar siúl i gcaitheamh na bliana 2021 go léir.”

CRÍOCH

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat