Cuireann an tAire Sláinte fáilte roimh phlean Choimisiún an AE maidir le bearta nua COVID-19 agus lorgaíonn sé comhoibriú níos fearr sa chomhrac in aghaidh COVID-19
- Foilsithe: 30 Deireadh Fómhair 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Chuir an tAire Sláinte Stephen Donnelly fáilte roimh phlean Choimisiún an AE maidir le COVID-19 agus d’iarr sé ar Bhallstáit an AE chun an comhoibriú a mhéadú sa troid in aghaidh na paindéime.
Ag labhairt ar maidin ag cruinniú Airí Sláinte an AE, phléigh an tAire Donnelly an tábhacht a bhaineann le feabhas a chur ar eolas a roinnt i limistéir ríthábhachtacha lena chontrapháirteanna ar fud na hEorpa.
Tar éis an chruinnithe, dúirt an tAire Donnelly:
"Tá Airí Sláinte an AE ag oibriú as lámh a chéile ó thús na paindéime. Nuair a chuirtear an cur i láthair faiteach san áireamh a rinne an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (an ECDC) ag cruinniú an lae inniu, tá níos mó gá anois ná mar a bhí riamh roimhe seo le comhoibriú breise an AE. Tá scrúdú á dhéanamh ag saineolaithe ar gach gné de COVID-19 i ngach tír ar fud na hEorpa, agus tá an t-eolas coiteann sin fíorthábhachtach dúinn i rith na paindéime seo. D’iarr mé inniu ar mo chomh-Airí AE a chinntiú go n-oibrímid le chéile chun an t-eolas seo a roinnt. Cuirfidh é seo leis an eolas atá á mhalartú cheana féin i gCoiste Slándála Sláinte an AE."
Dúirt sé freisin:
"Cuimseofar réimse saincheisteanna san eolas seo a bhfuilimid go léir ag déileáil leo ar fud an AE. Áirítear leis seo a éifeachtaí atá bearta chun stop a chur leis an ngalar a iompórtáil thar theorainneacha, na rátaí ratha a bhíonn ag freagairtí beartais chun scaipeadh an víris a shrianadh, na rátaí agus na saghsanna tástála atá á gcur chun feidhme, chomh maith le heolas atá á mhalartú maidir le teicneolaíochtaí mearthástála a bhailíochtú."
Thug an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (an ECDC) nuashonrú faiteach d’Airí Sláinte an AE i rith an chruinnithe maidir leis an méadú atá ag teacht ar Covid-19 ar fud na hEorpa ag an tráth seo. Tá méadú tagtha ar ráta na dteagmhas 14 lá don AE/an LEE agus an RA aníos ó 249.8 in aghaidh gach 100,000 duine den daonra (14 lá a fhad leis an 18 Deireadh Fómhair) go dtí 360.2 an tseachtain seo caite (14 lá a fhad leis an 25 Deireadh Fómhair). Tá méadú ag teacht ar an ráta le 98 lá anuas.
Phléigh Airí Sláinte an AE ról an AE freisin maidir leis an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (an EDS) a neartú.
Chuir an tAire Donnelly in iúl arís go dtacaíonn Éire leis an EDS, a bhfuil ról lárnach ceannaireachta á ghlacadh aige maidir leis an comhrac domhanda a chomhordú in aghaidh COVID-19. Luaigh sé an méadú faoi cheathair atá tagtha ar an gcistiú a sholáthair Éire don EDS i mbliana agus mhol sé cur chuige an AE chun an eagraíocht a threisiú. Dúirt an tAire Donnelly chomh maith go nglacfaidh an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (an ECDC) atá neartaithe le ról ríthábhachtach i gcás ráigeanna amach anseo agus go gcuireann Éire fáilte roimh aon bheart agus gach beart chun comhoibriú níos fearr a fhiosrú idir an ECDC agus an EDS.
CRÍOCH