Cuireann an tAire Sláinte fáilte roimh thuarascáil nua ina léirítear méadú ar rátaí marthanais le haghaidh ailse

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Cuireann an tAire Sláinte fáilte roimh thuarascáil nua ina léirítear méadú ar rátaí marthanais le haghaidh ailse

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 12 Meán Fómhair 2019
  • An t-eolas is déanaí: 12 Meán Fómhair 2019

Chuir Simon Harris TD, an tAire Sláinte, fáilte inniu roimh thuarascáil nua maidir le rátaí marthanais ailse i seacht dtír ardioncaim (an Astráil, Ceanada, an Danmhairg, Éire, an Nua-Shéalainn, an Iorua agus an Ríocht Aontaithe).

Fuarthas amach sa tuarascáil gur tháinig méadú os cionn 13 phointe chéatadánacha ar an ráta marthanais cúig bliana le haghaidh ailse reicteach agus gur tháinig méadú suas le 11 phointe chéatadánacha ar an ráta marthanais le haghaidh ailse éasafagais.

Dúirt an tAire Harris:

“Léirítear sa tuarascáil gur tháinig méadú suntasach ar an líon daoine a bhíonn ag teacht slán as an ailse.

“Aithnítear inti freisin, ar ndóigh, na dúshláin atá romhainn go fóill. Tá réimsí ann inar gá dúinn feabhsuithe a bhaint amach, go háirithe i réimse na hailse ubhagáin.

“Cruthaíonn an méadú ar rátaí marthanais dúshláin dhifriúla don tseirbhís sláinte freisin. Ós rud é go mbíonn níos mó agus níos mó daoine ag teacht slán as an ailse, ar an dea-uair, tá sé riachtanach go gcinnteoimis go mbíonn dea-chaighdeán saoil acu. Sheol mé an Measúnú Riachtanas Náisiúnta ar Mharthanas Ailse le déanaí, rud a bheidh ina uirlis ríthábhachtach maidir lena chinneadh cé na nithe is gá dúinn a dhéanamh chun a chinntiú go mbeidh saol sona iomlán ag daoine agus iad ag déileáil le hailse agus tar éis dóibh teacht slán aisti.”

Foilsíodh an tuarascáil san irisleabhar The Lancet Oncology agus scrúdaíodh inti rátaí marthanais aon bhliana agus rátaí marthanais cúig bliana in dhá thréimhse idir 1995-99 agus 2010-2014, bunaithe ar fhigiúirí ón nGníomhaireacht Idirnáisiúnta um Thaighde ar Ailse.

Léirítear sa tuarascáil go ndearnadh dul chun cinn suntasach ar rátaí marthanais le haghaidh ailse ghoile, ailse dhrólainne agus ailse scamhóg i measc na bhfear agus le haghaidh ailse ubhagáin i measc na mban i ngach ceann de na seacht dtír a scrúdaíodh.

Léirítear inti freisin go mbíonn dul chun cinn á dhéanamh ar rátaí marthanais a mhéadú in Éirinn. Is in Éirinn a chonacthas na feabhsuithe is mó ar mharthanas ó ailse éasafagais agus ó ailse ghoile sna seacht dtír lena mbaineann. Bhain sí an dara feabhas is airde amach i leith ailse reicteach agus ailse ubhagáin agus bhain sí an tríú feabhas is airde amach i leith ailse dhrólainne agus ailse ubhagáin chomh maith.

Dúirt an tAire Harris:

“Leagtar spriocanna uaillmhianacha amach sa Straitéis Náisiúnta Ailse agus deimhnítear inti an aidhm atá againn bheith sa cheathairíl is airde san Eoraip ó thaobh rátaí marthanais ailse de faoi dheireadh na bliana 2026.

“Léirítear sa staidéar seo na réimsí inar gá dúinn feabhsuithe a dhéanamh.

“Is le bearta um ailse a chosc a thairgtear an cur chuige fadtéarmach is costéifeachtaí i leith rialú ailse. Mar a tharlaíonn, is féidir 30-40% de chásanna ailse a sheachaint trí fheabhas a chur ar aiste bia, trí thuilleadh aclaíochta a dhéanamh, trí úsáid alcóil a laghdú, trí nochtadh do radaíocht ultraivialait a íoslaghdú agus, ar ndóigh, trí thobac a sheachaint.

“Rinneamar roinnt cinntí reachtacha agus beartais ina leith sin. Thugamar an tAcht Sláinte Poiblí (Alcól) isteach, agus aitheantas á thabhairt againn don dochar a dhéanann alcól don tsláinte phoiblí. Leathnaíomar an clár vacsaínithe HPV (papalómaivíreas daonna) agus chuireamar an chéad Straitéis Náisiúnta um Murtall uainn le chéile freisin. An mhí seo chugainn, tabharfaimid tograí nua ar aghaidh chun tuilleadh rialuithe a chur ar thobac.

“Níor cheart dúinn bheith réchúiseach, ar ndóigh, agus is gá dúinn leanúint le hoiriúnú d’aon dúshláin a thagann chun cinn.”

CRÍOCH

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat