Déanann Airí Sláinte Lá Domhanda SEIF a mharcáil - clár PrEP le tabhairt isteach in 2019
- Foilsithe: 3 Nollaig 2018
- An t-eolas is déanaí: 29 Nollaig 2020
Tá an tAire Sláinte, Simon Harris TD, agus an tAire um Chur Chun Cinn Sláinte, Catherine Byrne TD, tar éis Lá Domhanda SEIF a cheiliúradh trí athdhearbhú a dhéanamh ar a dtiomantas do chlár PrEP a thabhairt isteach an bhliain seo chugainn.
D’fháiltigh an dá Aire roimh an dul chun cinn suntasach atá déanta le roinnt blianta anuas ach d’admhaigh siad go gcaithfear níos mó a dhéanamh chun líon na ndaoine a ndearnadh diagnóis VEID orthu a laghdú.
Ag labhairt dó ar Lá Domhanda SEIF, dúirt an tAire Harris:
“Is fócas tosaíochta domsa mar Aire Sláinte laghdú a dhéanamh ar líon na ndiagnóisí nua VEID in Éirinn. Táim lántiomanta don chlár PrEP a rolladh amach in 2019. "
“Bhí titim i líon na ndiagnóisí VEID in 2017. Mar sin féin, caithfimid fanacht ar an airdeall agus gach céim a dhéanamh chun ráta an ghalair a laghdú agus chun iad siúd a bhfuil VEID acu a chosaint."
Maidir le ceist PrEP, dúirt an tAire Harris:
“D'iarr an rialtas ar an Údarás um Cháilíocht Faisnéise Sláinte Measúnú Teicneolaíochta Sláinte a dhéanamh chun clár Próifiolacsas Réamh-Nochta (PrEP) a thabhairt isteach in Éirinn."
“Is í an aidhm ná éifeachtúlacht chliniciúil agus chostéifeachtach clár PrEP a sholáthar in Éirinn a bhunú. Táim tiomanta an clár PrEP a rolladh amach in 2019, mar atá mínithe sa Straitéis Náisiúnta Sláinte Gnéis 2015-2020, agus tá obair mhór curtha i gcrích cheana féin ag FSS chun ullmhú do chlár PrEP a thabhairt isteach a chomhlíonann na caighdeáin iomchuí. "
Dúirt an tAire Byrne:
“Fáiltím roimh an dul chun cinn atá déanta i gcóireáil daoine atá ina gcónaí le VEID in Éirinn, ach tá sé tábhachtach a aithint go bhfuil an-eagla ar go leor daoine tástáil a dhéanamh agus stiogma diagnóis VEID. Táimid tiomanta an stiogma seo a bhriseadh síos trí fheasacht a ardú agus daoine a spreagadh chun tástáil a dhéanamh ionas go mbeidh a fhios acu a stádas VEID, go bhféadann siad rochtain a fháil ar chóireáil, agus go gcuirfear cosc ar tharchur chuig comhpháirtithe. Is cloch choirnéil na Straitéise Náisiúnta Sláinte Gnéis (2015-2020) tacú le sláinte agus folláine ghnéasach dearfach agus í a chur chun cinn. "
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir:
Tá faisnéis faoi VEID ar fáil ar shuíomh Gréasáin nua, www.sexualwellbeing.ie a seoladh níos luaithe i mbliana chun a chinntiú go bhfuil muinín ag an bpobal as foinsí faisnéise ar gach gné de shláinte agus folláine ghnéis.