English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Déanann an tAire Finian McGrath Teach Faoisimh nua do Leanaí faoi Mhíchumas a oscailt go hoifigiúil i gCill Dhéagláin, Co. na Mí

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 13 Feabhra 2019
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Rinne Finian McGrath TD, an tAire Stáit le freagracht speisialta as Míchumas, teach faoisimh nua a oscailt go hoifigiúil i gCill Dhéagláin, Co. na Mí, inniu chun tacú le leanaí faoi mhíchumas agus lena dteaghlach.

Dúirt an tAire,

“Tá an Rialtas seo tiomanta do raon tacaí inrochtana cúraim faoisimh a chur ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas agus dá dteaghlach.

“Is maith is eol dom an brú atá ar chúramóirí do dhaoine faoi mhíchumas, a bhíonn faoi bhrú ollmhór go minic leanúint ar aghaidh. Is é sin an fáth ar iarr mé agus a bhfuair mé €10m sa bhreis an bhliain seo caite, a úsáideadh go háirithe chun feabhas a chur ar sheirbhísí faoisimh”.

Thug an tAire faoi deara go bhfuil deich dteach faoisimh nua ar oscailt ar fud na tíre anois agus go bhfuil dhá cheann eile le hoscailt sna seachtainí atá romhainn. “Is é an toradh a bheidh ar na tithe nua go gcuirfear ar chumas cúramóirí sos dea-thuillte a ghlacadh agus a sláinte agus a bhfolláine féin a chothabháil”, a dúirt an tAire freisin.

Dúirt an tAire go bhfuil na seirbhísí faoisimh ina gcuid thábhachtach den raon seirbhísí a thacaíonn le daoine faoi mhíchumas agus lena dteaghlach.

Dúirt sé freisin,

“Is féidir le sosanna beaga deis a thabhairt do dhaoine aonair bualadh le daoine nua, a gciorcal sóisialta a leathnú agus triail a bhaint as nithe nua chomh maith. Imríonn cúram faoisimh ról ríthábhachtach i gcabhrú le strus teaghlaigh a mhaolú, san aonad teaghlaigh a chaomhnú agus i gcobhsaíocht a sholáthar.”

Agus é ag tagairt don chistiú breise a thugtar sa Phlean Seirbhíse Náisiúnta ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte don bhliain 2019, dúirt an tAire go ndíreofaí an cistiú ar roinnt réimsí tosaíochta i seirbhísí míchumais, bunaithe ar athruithe déimeagrafacha leanúnacha. Áirítear leis na réimsí sin seirbhísí míchumais sa phobal a leathnú chun freastal ar na riachtanais atá ag fágálaithe scoile, 100 ceann nua de phoist teiripe a chruthú chun dul i ngleic le liostaí feithimh le haghaidh measúnuithe ar riachtanas do leanaí faoi mhíchumas, agus uaireanta Cúnaimh Phearsanta agus Tacaíochta Baile, áiteanna cónaithe agus áiteanna faoisimh a chur ar fáil.

CRÍOCH