Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Déanann an tAire McGrath Lá Idirnáisiúnta na nDaoine faoi Mhíchumas a cheiliúradh

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 3 Nollaig 2018
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Rinne an tAire Stáit le freagracht speisialta as míchumais, Finian McGrath TD, Lá Idirnáisiúnta na nDaoine faoi Mhíchumas a cheiliúradh inniu.

Ó 1992, breathnaíodh go bliantúil an 3 Nollaig mar Lá Idirnáisiúnta na nDaoine faoi Mhíchumas. Is é téama lá na bliana seo “Cumhacht a thabhairt do dhaoine faoi mhíchumas agus cuimsitheacht agus comhionannas a chinntiú”.

Dúirt an tAire:

“Tá téama an lae ag teacht le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta Daoine faoi Mhíchumas."

Dúirt sé:

“Bhí an daingniú ina phríomhthiomantas sa Chlár Rialtais agus bhí áthas orm a bheith in ann an tiomantas sin a chomhlíonadh níos luaithe i mbliana."

Tá lá an cheiliúrtha á mharcáil ag an dath corcra agus casfaidh go leor foirgneamh poiblí agus sainchomharthaí corcra inniu. Déanfaidh an tAire McGrath an lá a cheiliúradh trí fhreastal ar imeachtaí sa Lár-Chlinic Feabhais i Firhouse áit a lainseálfaidh sé ribín corcra chun an lá a cheiliúradh chomh maith le freastal ar imeachtaí in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus i gColáiste na Tríonóide.

Chríochnaigh an tAire:

“Is lá iontach é an lá inniu agus spreagaim gach duine a bheith páirteach agus an lá a mholadh le bród corcra."

CRÍOCH

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat