Déanann an tAire Sláinte Bord Clárúcháin na gComhairleoirí agus na Síciteiripeoirí a cheapadh

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Déanann an tAire Sláinte Bord Clárúcháin na gComhairleoirí agus na Síciteiripeoirí a cheapadh

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 28 Feabhra 2019
  • An t-eolas is déanaí: 7 Meitheamh 2019

Rinne Simon Harris TD, an tAire Sláinte, na trí chomhalta dhéag de Bhord Clárúcháin na gComhairleoirí agus na Síciteiripeoirí a cheapadh faoin Acht um Ghairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh, 2005.

Tá éifeacht leis na ceapacháin ón 25 Feabhra 2019.

Féachfaidh Bord Clárúcháin na gComhairleoirí agus na Síciteiripeoirí leis an bpobal a chosaint trí ardchaighdeáin iompair ghairmiúil, oideachais ghairmiúil, oiliúna gairmiúla agus inniúlachta gairmiúla a chothú i measc comhairleoirí agus síciteiripeoirí.

Tabharfaidh an Bord comhairle don Aire maidir leis na teidil ghairmiúla ba cheart a chosaint freisin.

Dúirt an tAire Harris,

“Tá sé ríthábhachtach go mbeadh muinín ag úsáideoirí as an tseirbhís a fhaigheann siad. Chonaiceamar cheana féin gur féidir le hoibríochtaí bradacha an bonn a bhaint ó mhuinín as an ngairm. Tá sé ríthábhachtach go ndéanfaí rialáil ar an réimse seo chun a chinntiú go ndéanfar maoirseacht leordhóthanach ar an ngairm agus go dtabharfar cosaint dá cuid úsáideoirí.”

Socróidh an Chomhairle um Ghairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh (CORU) go dtionólfaí an chéad chruinniú de chuid an Bhoird sna míonna atá romhainn.

Cuirfidh an Bord tús ansin leis an mórchorp oibre nach mór a dhéanamh sula mbeidh sé in ann a chuid clár a oscailt.

Meastar go dtógfaidh an próiseas sin dhá bhliain ar a laghad.

Nuair a bheidh na cláir oscailte ag an mBord agus a bheidh an idirthréimhse ina gcumasófar do chleachtóirí reatha clárú curtha i gcrích, ní bheidh aon duine nach gcomhlíonann na caighdeáin atá riachtanach in ann clárú le CORU.

Beidh sé ina chion do dhuine nach bhfuil cláraithe úsáid a bhaint as aon cheann de na teidil atá faoi chosaint, amhail ‘comhairleoir’ nó ‘síciteiripeoir’. Beidh an cion sin inphionóis le fíneáil d’Aicme A nó le príosúnacht ar feadh suas le sé mhí.

CRÍOCH

Nótaí don Eagarthóir

Is iad seo a leanas na daoine a ceapadh:

Patrick Benson

Ann Delaney

An Dr Marcella Finnerty

Brian Gillen

Jennifer Griffin

An Dr Brian Hallahan

Patricia Jordan

Oliver A. Kelly

Jean Manahan

Rachel Mooney

An Dr Gillian O’Brien

An Dr Colin O’Driscoll

Fidelma Twomey

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat