English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Déanann an tAire Stáit le freagracht as Meabhairshláinte agus Daoine Scothaosta ceiliúradh ar ár ndaonra níos sine ar Lá Idirnáisiúnta Daoine Scothaosta na Náisiún Aontaithe 2021

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 1 Deireadh Fómhair 2021
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Inniu, ar Lá Idirnáisiúnta Daoine Scothaosta na Náisiún Aontaithe 2021, déanann an tAire Stáit le freagracht as Meabhairshláinte agus Daoine Scothaosta, Mary Butler TD, ceiliúradh ar dhaoine scothaosta i bpobail ar fud na tíre.

Dúirt an tAire Butler

“mar shochaí, déanaimid iarracht a chinntiú go mbeidh tacaíochtaí ar fáil do dhaoine scothaosta a dteastaíonn siad uathu, chun cabhrú le daoine maireachtáil níos faide ina bpobail agus chun dianchúram a sholáthar nuair nach féidir maireachtáil go neamhspleách a thuilleadh."

"Tá feabhsuithe suntasacha bainte amach cheana féin i seirbhísí do dhaoine scothaosta i mbliana. I bpobail ar fud na tíre, tá méadú tagtha ar líon na n-uaireanta tacaíochta baile, agus tá líon na ndaoine atá ag fanacht orthu laghdaithe. Tugann na sonraí sealadacha is déanaí de chuid FSS le fios gur soláthraíodh thart ar 13.2 milliún uair tacaíochta baile do 53,905 duine faoi dheireadh mhí Lúnasa. Is léiriú é seo ar an infheistíocht shuntasach i dtacaíocht baile in 2021 agus tá sé thart ar 2 mhilliún uair an chloig níos mó i gcomparáid leis an tréimhse chéanna anuraidh. Rud atá tábhachtach, léiríonn na sonraí sealadacha seo go raibh thart ar 478 duine ag fanacht le cead cistithe le haghaidh tacaíochta baile, rud a léiríonn laghdú 88% i gcomparáid leis an tréimhse chéanna in 2020."

Cé go mbíonn moilleanna ann uaireanta idir cistiú a cheadú agus uaireanta tacaíochta bhaile a sholáthar i réigiúin áirithe, tá obair shuntasach ar siúl chun dul i ngleic leis na dúshláin seo. Áirítear leis seo Grúpa Comhairleach Straitéiseach an Fhórsa Saothair a bhunú chun breathnú go mion ar shaincheisteanna earcaíochta, coinneála, forbairt scileanna, pá agus coinníollacha, agus fostaíocht inbhuanaithe cúramóirí baile sa todhchaí.

Dúirt an tAire Butler

“mar aitheantas ar thionchar suntasach COVID-19 ar dhaoine scothaosta agus an gá atá ann leanúint de gach beart cosanta a sholáthar don ghrúpa seo, tá tosaíocht á tabhairt do chónaitheoirí 65 bliana d’aois agus níos sine a chónaíonn in áiseanna cúraim chónaithe fadtéarmacha agus do dhaoine 80 bliain d'aois agus níos sine atá ina gcónaí sa phobal le haghaidh teanndáileog den vacsaín. Táim an-sásta go bhfuiltear ag súil go dtosóidh an clár teanndáileoige an tseachtain seo chugainn i dtithe altranais agus go mbeidh sé i gcríoch laistigh de thrí seachtaine”.

Ar deireadh, dúirt an tAire Butler

“go bhfuil sé an-tráthúil gur ghlac Lá Idirnáisiúnta Daoine Scothaosta na Náisiún Aontaithe i mbliana téama an Chothromais Dhigitigh do Gach Aois. Seo ag am nuair a rinneadh nascacht agus ceangal a threisiú go láidir inár bhfreagairt ar an bpaindéim. Tá grúpaí ar fud na tíre tar éis rochtain ar theicneolaíocht agus litearthacht dhigiteach a chur chun cinn. Ní mór dúinn, áfach, an scóip le haghaidh feabhsúcháin a aithint, go háirithe maidir le rochtain ar thacaíochtaí ar líne i ngach pobal, uirbeach agus tuaithe, do dhaoine scothaosta de gach aois”.

“Tuigim go maith an fhreagracht a bhaineann le bheith i mo Aire do Dhaoine Scothaosta, chomh maith le Meabhairshláinte. Cuireann sé ionadh orm i gcónaí an obair dhearfach a dhéanann daoine scothaosta agus ar mhaithe leo chun cáilíocht na beatha a fheabhsú don ghrúpa daoine seo. Táim tiomanta tacú leis an earnáil seo agus oibriú leis na páirtithe leasmhara go léir chun torthaí a fheabhsú dár ndaonra níos sine ionas go mbeidh Éire ar cheann de na háiteanna is fearr ar domhan le dul in aois”.