Díobháil a Laghdú agus Tacaíocht don Téarnamh faoi lán seoil – cáilíochtaí bronnta ar oiliúnóirí nua téarnaimh drugaí agus alcóil. An tAire atá freagrach as an Straitéis Náisiúnta Frithdhrugaí i mbun shearmanas bronnta na gcáilíochtaí
- Foilsithe: 15 Deireadh Fómhair 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Bhí an tAire Stáit atá freagrach as Sláinte Phoiblí, Folláine agus an Straitéis Náisiúnta Frithdhrugaí, Frank Feighan TD, i mbun shearmanas bronnta na gcáilíochtaí do chúigear atá oilte anois mar oiliúnóirí téarnaimh a bhfuil taithí saoil acu ar andúil i ndrugaí agus san alcól.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Feighan,
“Cúis áthais dom a bheith i láthair ag an searmanas bronnta seo chun tacú leis an obair atá ar bun ag an Acadamh Téarnaimh agus chun a gcáilíochtaí in oiliúint téarnaimh a bhronnadh ar chúigear. Tacaíonn an tAcadamh Téarnaimh le cuspóir na Straitéise Náisiúnta Frithdhrugaí, is é sin cur le caipiteal téarnaimh na ndaoine a bhfuil tionchar ag mí-úsáid substaintí orthu agus tabhairt faoi thuras téarnaimh a bheidh feiceálach do dhaoine eile atá ag déileáil le handúil.”
Chomh maith leis sin, tharraing an tAire aird ar an treoir nua atá ar fáil do ghrúpa tacaíochta agus do chláir chóireála drugaí agus alcóil i rith COVID-19. Bhí an méid seo a leanas le rá aige:
“Tuigim an ról ríthábhachtach atá ag grúpaí tacaíochtaí agus cláir chóireála drugaí agus alcóil i ndáil leis na díobhálacha a bhaineann le húsáid substaintí agus tacú le hathshlánúchán agus le téarnamh. Cabhraíonn siad le daoine a chinntiú nach bhfilleann siad ar úsáid a bhaint as substaintí an athuair. Cinnteoidh an treoir seo gur féidir leo a gcuid oibre a chur i gcrích go sábháilte, lena n-áirítear ag leibhéal 3 agus 4 de chreat an rialtais.’’
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Ollamh Joe Barry, Cathaoirleach an Acadaimh Téarnaimh agus Tascfhórsa um Dhrugaí & Alcól Thuaisceart Lár na Cathrach:
“Tá Acadamh Téarnaimh na hÉireann bunaithe chun tacú le téarnamh ó andúil in aon substaint shícighníomhach. Tá sé mar aidhm leis caipiteal téarnaimh a chur chun cinn, arb éard atá i gceist leis sin tacú le daoine ar mian leo smacht a ghlacadh ar a saol an athuair. Oibrímid i gcomhpháirt le gníomhaireachtaí stáit, go príomha le hAonad um Beartas Frithdhrugaí na Roinne Sláinte agus ár maoinitheoir, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, ach chomh maith leis sin oibrímid le comhlachtaí oideachais agus oiliúna, agus le raon leathan eagraíochtaí neamhrialtasacha a sholáthraíonn tacaíocht do dhaoine aonair, teaghlaigh agus pobail atá ag streachailt le handúil.
“Oibríonn an tAcadamh Téarnaimh le tascfhórsaí drugaí agus alcóil, eagraíochtaí forbartha pobail agus tacaíochta. Reáchtálaimid cúrsaí oiliúna d’oibrithe piarthacaíochta, ar a dtugtar oiliúnóirí téarnaimh. Tá an cur chuige seo an-éifeachtach chomh fada is a bhaineann le treoir a chur ar fáil do dhaoine a bhfuil tús curtha acu lena n-aistear téarnaimh. Táimid buíoch de Bhord Feidhmiúcháin Cláir Oirthuaisceart Lár Chathair Bhaile Átha Cliath as maoiniú a chur ar fáil do chlár reatha oiliúna na n-oiliúnóirí téarnaimh.”
Bhí an méid seo a leanas le rá ag Paul Duff, comhordaitheoir tionscadail Acadamh Téarnaimh na hÉireann:
"Cúis áthais dom aird a tharraingt ar an obair atá ar bun ag an Acadamh Téarnaimh agus béim ar leith a leagan ar oiliúint na n-oiliúnóirí téarnaimh. Is áiseanna feiceálacha athraithe iad na hoiliúnóirí téarnaimh laistigh de na seirbhísí agus de na pobail ina n-oibríonn siad.
“Lena chinntiú go mbíonn rath ar an téarnamh baineann na hoiliúnóirí téarnaimh tairbhe as a dtaithí saoil féin mar bhealach lena léiriú do dhaoine eile gur féidir tabhairt faoi aistear téarnaimh. Fiú amháin i rith mhíonna tosaigh phaindéim COVID-19, d’éirigh leo solas a chaitheamh ar an dóchas i rith ré an éadóchais agus chuir siad doiciméad i dtoll a chéile a chabhraigh le daoine atá ag tabhairt faoina n-aistear téarnaimh féin. Is é sin croílár ról an oiliúnóra téarnaimh - cabhrú le daoine eile bealach a aimsiú chun déileáil leis na bacainní a d’fhéadfadh a bheith amach rompu agus bóthar an téarnaimh á thaisteal acu.”
CRÍOCH
Nótaí do na hEagarthóirí
Caipiteal Téarnaimh
Nuair a bhíonn daoine i mbun téarnaimh ó andúil i nDrugaí & san Alcól, bíonn deacrachtaí ag daoine áirithe teacht ar chóireáil mar gheall ar a gcúinsí saoil féin nó de bhrí go mbaineann siad le grúpa nó le pobal ar leith. Lena chois sin, ní bhíonn na hacmhainní inmheánacha agus seachtracha ag daoine áirithe lena chinntiú go n-éiríonn lena n-iarrachtaí téarnaimh agus go n-éiríonn leo fanacht ar an mbóthar ceart agus glan ar mhí-úsáid substaintí, agus athruithe iompraíochta a dhéanamh. D’fhéadfaí go n-áireofaí i measc na n-acmhainní inmheánacha an teacht aniar atá sa duine, agus d’fhéadfaí go n-áireofaí sna hacmhainní seachtracha líonraí sóisialta, tacaíochtaí teaghlaigh nó pobail. “Caipiteal téarnaimh” a thugtar ar na hacmhainní seo freisin.
An tAcadamh Téarnaimh
Is fóram é an tAcadamh Téarnaimh a bhfuil sé mar aidhm leis:
- tacú le téarnamh
- tacaíocht a sholáthar do dhaoine a bhfuil iarrachtaí téarnaimh á ndéanamh acu agus lena dteaghlaigh
- gníomhaíochtaí téarnaimh a eagrú
- aird a tharraingt ar théarnamh
- ceardlanna agus oiliúint maidir le téarnamh a sholáthar
- taighde a reáchtáil
- tacú le beartas
Cinntíonn sé go mbíonn guth ag daoine a bhfuil iarrachtaí téarnaimh á ndéanamh acu, a dteaghlaigh agus a gcairde, agus is tuar dóchais é. Ba cheart go mbeadh an t-acadamh ag cabhrú le daoine foghlaim faoi théarnamh ó dhaoine atá sásta labhairt amach faoina n-aistear téarnaimh féin. I ndeireadh na dála, tá an t-acadamh ag iarraidh go mbeidh seirbhísí andúile á n-athrú agus go mbeidh úsáid á baint as samhail téarnaimh (seachas díriú go simplí ar laghdú díobhála) mar a dhéantar i dtíortha eile.
Naisc
An Straitéis Náisiúnta Frithdhrugaí
Treoir do ghrúpaí agus do chláir chóireála drugaí agus alcóil i rith leibhéal 3 & 4