Deimhníonn an tAire Sláinte go n-osclófar Clár Vacsaínithe COVID-19 na hÉireann do dhaoine 12-15 bliana d’aois
- Foilsithe: 27 Iúil 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Dheimhnigh an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD, inniu, bunaithe ar chomhairle a fuair an Príomhoifigeach Leighis (CMO) ón gCoiste Comhairleach Náisiúnta Imdhíonta (NIAC), go dtairgfear vacsaín mRNA dóibh siúd atá 12-15 bliana d’aois chun iad féin a chosaint ó COVID-19.
Go dtí seo, cheadaigh an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA) dhá vacsaín mRNA le húsáid san aoisghrúpa seo - Comirnaty® (Pfizer/BioNTech) agus Spikevax® (Moderna). Le linn trialacha cliniciúla tuairiscíodh go raibh an meastachán ar éifeachtúlacht an dá vacsaín 100% sna haoisghrúpaí seo.
Dúirt an tAire Donnelly:
"Tá an-áthas orm a bheith in ann a dhearbhú go dtabharfar deis dár ndaoine óga iad féin a chosaint ó COVID-19. Inné, d’fhógair mé go raibh an tairseach clárúcháin vacsaíní ag oscailt dóibh siúd go léir atá 16 agus 17 mbliana d’aois agus is céim thábhachtach í fógra an lae inniu chun an chosaint chéanna a thairiscint dár ndaonra níos óige.
"Feicimid fós méadú i gcásanna COVID-19 i measc ár ndaoine óga agus is é an vacsaíniú, chomh maith le cloí go leanúnach leis an gcomhairle sláinte poiblí, an chosaint is fearr is féidir linn a thairiscint i dtéarmaí an riosca a bhaineann le galar trom a laghdú, rochtain a choinneáil ar dheiseanna oideachais agus an raon gníomhaíochtaí sóisialta a thuigimid go léir a chaill an t-aoisghrúpa seo go háirithe mar gheall ar an bpaindéim seo. Cuirfear tacaíocht do thuismitheoirí agus do dhaoine óga ar fáil chun cabhrú leo an cinneadh is fearr a dhéanamh dóibh.
"Tá dul chun cinn den scoth ár gclár vacsaínithe COVID-19 ag dul ar aghaidh. Go dtí seo, tá 5.55 milliún dáileog tugtha againn. Mar thoradh air seo, tháinig laghdú suntasach ar leibhéil na ngalar trom agus ar dhaoine á gcur san ospidéal agus chuir sé ar ár gcumas leanúint ar aghaidh le hathoscailt shábháilte shochaí na hÉireann."
Dheimhnigh an tAire Donnelly freisin go bhfuil an Roinn Sláinte agus an Roinn Gnóthaí Eachtracha ag plé le hábhair a bhaineann le deonú vacsaín COVID-19 nach mbeidh ag teastáil in Éirinn sa ghearrthéarma agus sa mheántéarma ar a laghad:
"Is fianaise bhreise í an bhaint atá ag Éirinn le COVAX den mothú láidir dlúthpháirtíochta domhanda a bhraitheann muintir na hÉireann go léir agus is leathnú é den tacaíocht idirnáisiúnta leanúnach a thairg muid do thíortha atá ag fulaingt ó thionchar COVID-19. Tá Éire tiomanta don iarracht chomhordaithe dhomhanda rochtain chothrom ar vacsaíní COVID-19 a chothú.
"Agus muid ag tabhairt aghaidh ar riachtanais ár ndaonra féin, ní mór dúinn ár bhfreagrachtaí daonnúla idirnáisiúnta a chomhlíonadh freisin. Ó cuireadh tús le Clár Vacsaínithe na hÉireann go déanach anuraidh, tá prionsabail an chomhionannais mhorálta, na cothroime agus na dlúthpháirtíochta mar threoir againn. Is leathnú nádúrtha ar an gcuspóir sin rannpháirtíocht na hÉireann in iarracht idirnáisiúnta COVAX."
Nótaí
Molann comhairle NIAC go láidir dóibh siúd atá idir 12-15 bliana d’aois a bhfuil bunghalair acu, iad siúd a chónaíonn le leanbh níos óige a bhfuil riachtanais mhíochaine chasta acu, nó le duine fásta imdhíon-lagaithe chun glacadh le vacsaíniú a luaithe is féidir.