Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

D'fhógair an tAire Butler €750,000 i maoiniú ar son tionscnaíocht chun Áiteanna Traenála Síceolaíocht Comhairleoireachta a chistiú

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 27 Iúil 2023
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Soláthróidh €750,000 i dtacaíocht airgeadais:

  • Íocaíocht ar 60% de tháillí (a chomhionann le Síceolaithe Cliniciúla) ar son 10 scoláire ar feadh na dtrí bliana den chlár dochtúireachta ar fad
  • Cúrsa oiliúna do deichniúr sa chéad bhliain gach bliain
  • Gheobhaidh deichniúr sa dara agus sa tríú bliain €3,500 an duine in urraíocht gach bliain

Tá sonraí de thionscnaíocht nua chun tacaíocht a thabhairt d'áiteanna traenála sa síceolaíocht chomhairleoireachta fógartha ag an tAire Meabhairshláinte agus Daoine Aosta, Mary Butler. Soláthrófar tacaíocht airgeadais do scoláirí atá cláraithe don bhliain acadúil 2023/2024 ar aghaidh, mar thoradh ar an leithdháileadh de €750,000 ón mBúiséad 2023.

Tabharfar an cistiú isteach i gcéimeanna agus gheobhaidh scoláirí atá cláraithe ón mbliain seo ar aghaidh pacáiste tacaíochta airgeadais de €75,000 le linn na dtrí bliana dá gclár dochtúrachta.

Dúirt an tAire Butler:

"Is idirghabháil riachtanach í an síceolaíocht chomhairleoireachta i réimse leathan de shuíomhanna cúram sláinte. Ach go háirithe, tá ról ar leith ag síceolaithe comhairleora i seirbhisí meabhairshláinte a sholáthar, do dhaoine fásta agus páistí, i gcúram príomhúil agus sain-seirbhisí meabhairshláinte agus foirne ildisciplíneacha ar nós Seirbhísí Meabhairshláinte do Leanaí agus d'Ógánaigh (SMLO). "

Soláthróidh an €750,000 i maoiniú réimse leathan tacaíochta airgeadais ar feadh na dtrí bliana den chlár dochtúireachta ar fad

  • Gheobhaidh deichniúr intofa ón gcéad bhliain, roghnaithe i ndiaidh próiséas iomaíoch, 60% dá dtáillí chomh maith le conradh do chúrsa oiliúna aon-bhliain leis an bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS), le luach díreach os cionn €40,000. Beidh ar gach scoláire a chláraíonn do chonradh ag baint le cúrsa oiliúna aon-bhliain, agus atá tar éis pacáiste airgeadais a fháil ar feadh na dtrí bliana, tiomantas don FSS a dhéanamh a mhaireann trí bliana nuair a cháilítear iad, chun an íocaíocht faighte a aithint.
  • Chomh maith leis sin, íocfar 60% de tháillí ar son deichniúr sa dara bliain agus deichniúr sa tríú bliain agus gheobhaidh siad íochtaíocht urraíochta de €3,500 an duine in aghaidh na bliana.

Dúirt an tAire Butler:

"Léiríonn an maoiniú seo tiomantas an Rialtais i leith rochtain ar thraenáil shíceolaíochta a neartú agus tá sé comhionann le tacaíocht airgeadais de €75,000 le linn na dtrí bliana de staidéar an scoláire. Íocfar 60% de tháillí ar son scoláirí atá sa dara agus sa tríú bhliain den síceolaíocht chomhairleoireachta, chomh maith le híocaíocht urraíochta a fháil a chomhróidh le costais, ar nós taisteal agus cóiríocht.

"Déanann an Rialtas seo tiomantas ar bhonn leanúnach i dtaobh forbairt a dhéanamh i leith gach gnéith de sheirbhisí meabhairshláinte go náisiúnta, agus príomh aidhm is ea feabhas a chur ar an rochtain atá ar ár seirbhisí agus aga feithimh a laghdú. Mar thoradh ar na tacaíochtaí airgeadais seo, feicfear síceolaithe comhairleora faoi oiliúint agus síceolaithe comhairleora nua-cháilithe ag obair in ár seirbhisí meabhairshláinte, ag éascú feabhas i dtaobh na dúshláin a bhaineann le earcaíocht agus coinneáil. "

Oibríonn an Roinn Sláinte ar bhonn leanúnach leis FSS chun cláracha a fhorbairt do phleanáil d’fhórsa saothair, le béim ar leith ar áiteanna traenála a bheith ar fáil agus go bhfuil deiseanna ann do chéimithe a bheith ag obair san FSS.

Nótaí

  • Beidh cúrsa oiliúna de bhliain amháin le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) cuimsithe sa phacáiste tacaíochta airgeadais a bheidh ar fáil do deichniúr sa chéad bhliain (intofa nuair atá próiséas iomaíoch do mhaoiniú curtha i gcrích atá sainithe ag an FSS agus CT). Beidh sé seo don chéad bhliain acadúil, íocfar iad ag an gcéad phointe de thuarastal shíceolaí faoi oiliúint (€40,673), chomh maith le 60% dá dtáillí íoctha (€9,162) ar feadh na dtrí bliana dá gcúrsa (€27,486), agus íocaíocht tacaíochta bliantúil de €3,500 sa dara agus sa tríú bliain (€7,000) a thugann luach iomlán de €75,159 don phacáiste trí bliana a gheobhaidh deichniúr ón gcéad bhliain.
  • Íocfar 60% de tháillí gach bliain acadúil atá fágtha ar an gclár ag deichniúr roghnaithe ó scoláirí atá cláraithe sa dara agus sa tríú bliain faoi láthair (intofa nuair atá an próiséas iomaíoch do mhaoiniú sainithe ag an FSS agus CT curtha i gcrích). Soláthrófar íocaíocht tacaíochta bhliantúil de €3,500 in aghaidh na bliana, a thugann luach €25,324 an duine don phacáiste dhá-bhliain do scoláirí ón dara bliain, agus luach €12,662 an duine don phacáiste aon-bhliain do scoláirí ón tríú bliain.
  • Déanfaidh an Roinn Sláinte athbhreithniú leanúnach ar an samhail mhaoiniúcháin. Cuirfear athraithe don scéim san áireamh de réir aon athraithe do ghairm na síeolaíochta déanta ag RGSCS.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat