D’fhoilsigh an tAire Sláinte an tAthbhreithniú Seachtrach ar an iasacht atá molta don iar- Phríomhoifigeach Leighis.
- Foilsithe: 18 Aibreán 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Iarradh ar athbhreithnitheoir neamhspleách, Maura Quinn, an t-athbhreithniú seo a dhéanamh i mí Aibreáin seo caite.
Ba iad seo Téarmaí Tagartha an Athbhreithnithe:
- Rudaí a leagan síos ar féidir a fhoghlaim ón bpróiseas a bhain leis an iasacht a bhí molta don iar-Phríomhoifigeach Leighis mar aon le togra taighde bainteach.
- Moltaí a dhéanamh a d’fhéadfaí a úsáid le haghaidh tionscnamh eile amach anseo.
Chuir an tUasal Quinn a Tuarascáil Deiridh faoi bhráid an Aire i mí Dheireadh Fómhair seo caite.
Dúirt an tAire:
“Gabhaim buíochas leis an Uasal Quinn a rinne an obair seo ar bhonn pro bono i mí Aibreáin seo caite. Tá roinnt barúlacha agus conclúidí tábhachtacha sa Tuarascáil mhionsonraithe seo. Is iomaí ceacht shoiléir atá le foghlaim ag mo roinn. Mar shampla, is léir on Tuarascáil go gcaithfidh a leithéid de chinneadh amach anseo a bheith bunaithe ar chomhairliúchán agus ar chumarsáid chuí leis na hAirí ábhartha.
“Sa tuarascáil deimhnítear nach ndearnadh aon iarracht an comhaontú le Coláiste na Tríonóide maidir leis an iasacht a bhí molta a cheilt, ná aon rud a bhí istigh ann. Mar a deirtear sa Tuarascáil, is í mo roinn a chuir na sonraí sin isteach san fhearann poiblí go hindíreach, agus chuir mo roinn ábhar ar fáil chun cuidiú le freagairt a thabhairt ar fhiosrúchán ó na meáin.”
Sa Tuarascáil déantar roinn moltaí sa chás go mbeidh daoine ag dul ar iasacht sa todhchaí agus luaitear ann go bhfuil gá le tuilleadh soiléire maidir le polasaithe a bhaineann le dul ar iasacht agus cé chomh fada is a mhaireann na hiasachtaí sin.
Dúirt an tAire:
“Scríobh mé chuig mo chomhghleacaí, an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe agus d’iarr mé air go ndéanfadh a roinn scrúdú ar na saincheisteanna ar leagadh béim orthu sa Tuarascáil. Tá roinnt rudaí le foghlaim freisin ag mo roinn féin. D’iarr mé ar m’oifigigh freisin an bhfuil gá staidéar a dhéanamh ar threoirlínte a dhréachtú chun déileáil le maoiniú don taighde sláinte amach anseo.
Dúirt an tAire:
“Aithním go raibh sé mar chuspóir ag gach duine a bhí bainteach sa phróiseas seo ná saineolas uathúil an iar-Phríomhoifigigh Leighis a choimeád laistigh den tseirbhís phoiblí, duine a chuidigh go mór leis an bhfreagairt sláinte poiblí a threorú i rith na paindéime.”