Fáiltíonn Airí Sláinte roimh cheapachán Ollúna Cairdeolaíochta Péidiatraice ag an Líonra uile-oileáin um Ghalar Croí ón mBroinn
- Foilsithe: 25 Márta 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D'fháiltigh na hAirí Sláinte Stephen Donnelly TD agus Robin Swann MLA i gcomhpháirt roimh cheapachán an Líonra uile-oileáin um Ghalar Croí ón mBroinn (CHD) ag beirt Ollúna Cairdeolaíochta Péidiatraice ar oileán na hÉireann.
Ceapadh an tOllamh Colin McMahon sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (UCD) agus i Sláinte Leanaí Éireann (CHI), agus ceapadh an tOllamh Frank Casey i gcomhphost idir Ollscoil na Banríona, Béal Feirste agus Ollscoil Uladh.
Soláthraíonn an Líonra Uile-Oileáin CHD, a bhunaigh na hAirí Sláinte in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann ag an am, rochtain ardchaighdeáin agus thráthúil ar shainseirbhísí cairdiacha do gach leanbh agus duine óg ar oileán na hÉireann. Go dtí seo, rinne an Líonra maoirseacht ar athrú bunathraitheach lena n-áirítear gach máinliacht éigeandála, práinneach agus roghnach nua ón mBreatain Mhór a aistriú chuig CHI i gCromghlinn, agus oscailt Ionad Croí na Leanaí nua-athchóirithe in Ospidéal Ríoga Bhéal Feirste do Leanaí Breoite in 2019. Is céim shuntasach chun tosaigh anois iad an dá cheapachán seo i dtreo príomhchuspóir eile de chuid an Líonra, forbairt chomhoibríoch an taighde agus na nuálaíochta.
Dúirt an tAire Stephen Donnelly:
“Tá obair chomhoibritheach agus chomh-mhaoinithe Líonra Uile-Oileáin um Ghalar Croí ón mBroinn bunathraithe, tógtha ar obair chrua agus ar dhíograis gach duine laistigh den Líonra. Tá taighde ríthábhachtach chun tacú le sármhaitheas i gcúram sláinte, agus is céim shuntasach chun cinn iad na ceapacháin seo sa chlár oibre taighde agus léiríonn siad cloch mhíle eile san obair leanúnach maidir leis na torthaí is fearr a bhaint amach ar mhaithe le leanaí agus teaghlaigh ar fud an oileáin."
Dúirt an tAire Robin Swann:
“Is é Líonra Cliniciúil uile-oileáin CHD an eiseamláir den fhíor-chomhpháirtíocht atá ag obair i seirbhís sláinte an lae inniu. Táim muiníneach go bhfuil teacht ag leanbh ar bith a rugadh le galar croí ón mbroinn i dTuaisceart Éireann anois ar leibhéal cúraim atá inchomparáide le háit ar bith ar domhan, rud a léiríonn tiomantas leanúnach gach duine lena mbaineann. Cuirim fáilte roimh an dá cheapachán seo, ag obair i gcomhar ar an gclár taighde, is ionann é agus tús na “céime den chéad scoth” den Líonra uile-oileáin CHD, a chuir tús le seirbhísí cliniciúla ar bhonn uile-oileáin in 2015, agus a thugann buntáistí breise do leanaí ar an oileán seo a bhfuil riocht croí ón mbroinn orthu."
Dúirt an Dr Len O’Hagan, Cathaoirleach Líonra Uile-Oileáin CHD:
“Bíonn sainchúram cliniciúil ar leanaí ar oileán na hÉireann a bhfuil galar croí ón mbroinn orthu tríd an Líonra Uile-Oileáin CHD. Cinnteoidh bunú an tionscnaimh taighde chomhoibrithigh thábhachtaigh seo go gcuirfimid cúram atá ann cheana ar fáil ar an mbealach is fearr is féidir agus go mbeidh ról tábhachtach aige i roghanna cóireála nua a aimsiú.”
Cuideoidh forbairt straitéis taighde CHD uile-oileáin leis an gcaighdeán is airde foirne a mhealladh, tacóidh sé le foghlaim barrchleachtais agus forbróidh sé cláir oiliúna ardcháilíochta do gach ball foirne atá ag tabhairt aire do leanaí agus teaghlaigh ag a bhfuil CHD. Beidh ról tábhachtach ag an dá ollamh nua freisin i bhforbairt leanúnach Líonra Eolaíochta Sláinte Acadúla Péidiatraice, ar comhpháirtíocht é idir CHI agus comhpháirtithe ollscoile, chun líonra taighde agus oideachais acadúil uile-oileáin a chruthú.