Fáiltíonn an tAire Anne Rabbitte roimh Líne Ghutháin Uathachais FSS nua a fhorbairt

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fáiltíonn an tAire Anne Rabbitte roimh Líne Ghutháin Uathachais FSS nua a fhorbairt

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 30 Aibreán 2021
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

D’fháiltigh an tAire Stáit le freagracht as Míchumas, Anne Rabbitte, T.D., inniu roimh sheirbhís tacaíochta gutháin a d’fhorbair FSS don phobal uathach.

Dúirt an tAire Rabbitte: “Cuirim fearadh na fáilte inniu roimh an nuacht go bhfuil Líne Chabhrach Gutháin Uathachais á forbairt ag FSS ar bhonn píolótach. Ó rinneadh Aire díom, tá tús áite á thabhairt agam do chasadh le teaghlaigh leanaí a bhfuil riachtanais speisialta acu chun éisteacht lena mbuarthaí. Is eol dom go mbíonn roinnt díobh thíos le frustrachas agus iarrachtaí á ndéanamh acu teacht ar sheirbhísí.

"Níl sé i gceist go mbeidh an líne chabhrach ina seirbhís comhairleoireachta ná ina seirbhís géarchéime/éigeandála, ach tá súil agam go gcuirfidh an tseirbhís tacaíochta breise gutháin seo cúnamh agus treoir ar fáil dóibh siúd a bhfuil ceisteanna acu agus a dteastaíonn eolas uathu faoi sheirbhísí.

“Anuas ar bheith in ann eolas agus acmhainní soiléire gonta a sholáthar faoi uathachas, táim daingean faoin tuairim go gcabhróidh seo na tacaíochtaí atá i bhfeidhm a thabhairt le fios níos mó chun cabhrú le daoine, cosúil le seirbhísí leasa agus cúram sláinte pobail, agus i limistéir ar nós fostaíochta. Tá go leor eolais ar fáil ar líne ach d’fhéadfadh an líne chabhrach teacht go mór i gcabhair orthu siúd a bhféadfadh nach bhfuil dóthain teachta acu air, nó a mb’fhéidir gur fearr leo caint le duine éigin.

“I ndiaidh gur foilsíodh an tAthbhreithniú ar Sheirbhísí Sláinte na hÉireann do Dhaoine Aonair a bhfuil Neamhoird Speictrim Uathachais orthu in 2018, bhunaigh FSS Bord Cláir NSU. Thosaigh FSS le clár múscailte feasachta a chur i bhfeidhm, a chuireann acmhainní eolais ar fáil do leanaí agus tuismitheoirí, chun feachtas a sholáthar a chabhróidh le feasacht a mhúscailt ar riachtanais agus eispéiris daoine a bhfuil uathachas orthu agus ar na dúshláin a bhíonn rompu agus acmhainn agus inniúlacht a fhorbairt i measc príomhghairmithe a oibríonn le huathachas.

“Fógróidh FSS sna míonna amach romhainn léiriú spéise ó Eagraíochtaí a bhfuil na croí-inniúlachtaí agus an taithí ábhartha acu ar spéis leo tairiscint a chur isteach chun oibriú le FSS chun líne chabhrach gutháin phíolótach a fhorbairt a mb’fhéidir go gcuirfear i bhfeidhm níos fairsinge é ar deireadh thiar i measc na Seirbhísí Míchumais go léir. Cuirim fáilte roimh an bhforbairt seo agus táim ag tnúth leis an líne chabhrach a bheith i mbun feidhme níos déanaí i mbliana.”

Nótaí don Eagarthóir:

Tá moltaí “An tAthbhreithniú ar Sheirbhísí Sláinte na hÉireann do Dhaoine Aonair a bhfuil Neamhoird Speictrim Uathachais orthu 2017” á chur i bhfeidhm ag FSS faoi láthair. Príomh-mholadh sa Tuarascáil seo is ea feasacht a mhúscailt ar Uathachas agus seirbhísí/tacaíochtaí atá ar fáil do Dhaoine Uathacha.

Mar chuid den obair seo, beartaíonn FSS Líne Chabhrach Gutháin Uathachais a fhorbairt ar bhonn píolótach a dhéanfaidh an méid seo a leanas:

  • Ceisteanna ginearálta faoi uathachas a fhreagairt.
  • A thabhairt chun solais cá dtiocfaidh agus conas a thiocfaidh tú ar sheirbhísí tacaíochta i gceantar áitiúil duine aonair.
  • Acmhainní scríofa a sholáthar a d’fhéadfadh bheith áisiúil.
  • Eolas a sholáthar ar Eagraíochtaí eile a d’fhéadfadh bheith in ann cabhair a sholáthar.
  • Míniú a thabhairt ar agus labhairt faoi conas iarracht a dhéanamh uathachas a mhíniú do dhaoine agus seirbhísí eile.
  • Eolas a sholáthar ar conas teacht ar Sheirbhísí Leasa, Cúram Sláinte Pobail, Fostaíocht etc.

Níl sé i gceist go mbeidh an Líne Chabhrach ina Seirbhís Comhairleoireachta ná ina Seirbhís Géarchéime/Éigeandála.

Fógróidh FSS sna míonna amach romhainn léiriú spéise ó Eagraíochtaí a bhfuil na croí-inniúlachtaí agus an taithí ábhartha acu ar spéis leo dul i gcomhar le FSS chun líne chabhrach gutháin phíolótach a fhorbairt a mb’fhéidir go gcuirfear i bhfeidhm níos fairsinge é ar deireadh thiar i measc na Seirbhísí Míchumais go léir.

Tá critéir á bhforbairt ag FSS faoi láthair chun an líne chabhrach gutháin a fhorbairt agus fógróidh siad léiriú spéise i measc soláthraithe seirbhíse inniúla faoi dheireadh na Bealtaine 2021. Tá súil leis go mbeidh an líne chabhrach ar fáil i Ráithe 4 2021.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat