Fáiltíonn an tAire Daly roimh an infheistíocht bheartaithe €220m i dTithe Altranas Pobail
- Foilsithe: 2 Meán Fómhair 2019
- An t-eolas is déanaí: 3 Meán Fómhair 2019
D’fháiltigh Jim Daly TD, an tAire Stáit le freagracht as Meabhairshláinte agus Daoine Scothaosta, roimh an infheistíocht shuntasach atá le déanamh in aonaid altranas pobail, mar a fógraíodh i bPlean Caipitil Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS).
Tá daonra na hÉireann ag maireachtáil níos faide anois ná am ar bith riamh agus is fianaise é sin ar éachtaí na sochaí i gcoitinne. Is fianaise shonrach é freisin go bhfuil ag éirí linne, mar chóras cúram sláinte agus cúraim shóisialta, blianta a chur leis an mbeatha.
Ag labhairt dó inniu, dúirt an tAire Daly,
“Tá sé ríthábhachtach go leanfaí le hinfheistíocht a dhéanamh inár seirbhísí do dhaoine scothaosta chun a chinntiú gur féidir lenár saoránaigh aosú go dearfach i dtimpeallacht sheascair ar dhea-chaighdeán.
“Cé go bhfuil sé mar phríomhaidhm againn daoine a choinneáil ina dteach féin ar feadh na tréimhse is faide is féidir, aithnímid freisin an gá atá ann le dea-chúram teach altranais a sholáthar, áit a mbíonn daoine ar a gcompord. Is é sin an fáth a bhfuilimid tiomanta don Chlár um Aonaid Altranas Pobail a sholáthar ina iomláine. Léiriú ar an tiomantas sin is ea an €220m atá á leithdháileadh faoin bplean caipitil.”
Tá aonaid altranas pobail ina gcuid riachtanach dár mbonneagar náisiúnta. Mar sin féin, tá a lán aonad suite i bhfoirgnimh nach bhfuil maith go leor don saol nua-aimseartha. Seoladh an Clár um Aonaid Altranas Pobail sa bhliain 2016 agus is é an aidhm atá leis suas le 90 ceann d’ionaid phoiblí a athsholáthar, a uasghrádú nó a athchóiriú ar fud na tíre agus, ar an mbealach sin, iad a chur i gcomhréir le rialacháin nua a thiocfaidh i bhfeidhm sa bhliain 2022. Sa phlean caipitil ó FSS, leithdháiltear €220m chun leanúint leis an gClár a chur chun feidhme idir na blianta 2019 agus 2021.
Faoi dheireadh na bliana 2019, táthar ag súil leis go mbeidh an obair thógála críochnaithe ar aon ionad is tríocha agus go mbeidh cuid mhór ionad eile ag céimeanna éagsúla den phróiseas deartha agus pleanála. Bunaithe ar theagmháil leanúnach idir an Roinn Sláinte agus FSS, meastar go mbeidh 80% de na tionscadail críochnaithe nó ag céim na tógála faoi dheireadh na bliana 2021. Cé go léiríonn sé sin an dul chun cinn suntasach atá á dhéanamh faoin gClár, glactar leis nach dóigh go mbeidh gach ionad críochnaithe laistigh den tréimhse ama a beartaíodh ar dtús.
Maidir leis sin, dúirt an tAire,
“Is Clár substaintiúil forbartha é an Clár seo, a bhfuil suas le 90 tionscadal aonair i gceist leis. Ina theannta sin, rinneadh plean agus raon feidhme a lán tionscadal a leathnú agus a fheabhsú i gcomparáid leis na pleananna bunaidh. Is é an rud is tábhachtaí anseo ná na foirgnimh a chur i gcrích i gceart toisc gurb iad sin na háiteanna a gcónaíonn, agus a gcónóidh, daoine scothaosta. Tugadh neamhaird ar ospidéil phobail na hÉireann le blianta fada anuas. Mar sin, tá an Rialtas seo ag cinntiú go mbeidh ag pobail ar fud na tíre saoráidí úrscothacha dá saoránaigh scothaosta. Cé go gcríochnófar tionscadail áirithe níos déanaí ná a ceapadh, tá an Rialtas lántiomanta do na tionscadail uile a sholáthar.”
Tháinig feabhas soiléir ar cháilíocht san earnáil ó tugadh caighdeáin agus rialáil isteach do sheirbhísí cónaithe. Tá gach ionad ainmnithe cláraithe leis an Údarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte (HIQA) faoi láthair. Tiocfaidh tuilleadh athruithe rialála i bhfeidhm sa bhliain 2022. Beidh feidhm ag na hathruithe rialála sin i gceann 2.5 bliain, beagnach, agus tá an Roinn agus FSS i luath-theagmháil lena chéile ina leith. Cumasaíonn an teagmháil sin dóibh breithniú a dhéanamh ar na nithe atá le sárú ar mhaithe le teacht ar an gcur chuige is fearr agus plé a dhéanamh ar na costais bhreise a bheidh i gceist. Chuir FSS tús le pacáiste comhtháite oibre le déanaí chun scrúdú a dhéanamh ar gach ceann de na tionscadail um Aonaid Altranas Pobail. Mar chuid den obair sin, féachtar ar a stádas reatha, ar na chéad chéimeanna forbartha eile, ar amlínte, ar chostais bhreise, agus ar aon bhearta a d’fhéadfaí a ghlacadh chun maolú a dhéanamh ar dhúshláin a thagann chun cinn.
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
Ón mbliain 2009 amach, tá freagracht reachtúil ar an Údarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte (HIQA) as clárú agus cigireacht neamhspleách a dhéanamh ar gach ionad ainmnithe do dhaoine scothaosta, idir ionaid phríobháideacha agus ionaid phoiblí. Sula gclárófar iad, ní mór do gach ionad ainmnithe na Rialacháin arna ndéanamh faoin Acht Sláinte, 2007, a chomhlíonadh ina n-iomláine agus gníomhú ar aon dul le Caighdeáin Náisiúnta.
Gealladh sa Phlean Caipitil ‘Cur le Téarnamh: Infheistíocht Bhonneagair agus Chaipitil 2016-2021’ ón Rialtas go seolfaí mórchlár ilbhliantúil infheistíochta caipitil i saoráidí poiblí agus deonacha cúraim shóisialta. Mar thoradh air sin, tugadh beartas agus reachtaíocht athbhreithnithe ar aghaidh sa bhliain 2016 chun go leanfaí le leapacha poiblí a chur ar fáil suas go dtí an bhliain 2021.
Fógraíodh an clár infheistíochta chun suas le 90 ionad a athsholáthar, a uasghrádú agus a athchóiriú ar fud na tíre thar an tréimhse 2016-2021. Ar mhaithe leis an leibhéal reatha leapacha poiblí a chothabháil agus ar mhaithe le hacmhainn bhreise a sholáthar, leithdháileadh cistiú chun 33 shaoráid a athsholáthar agus chun 57 gcinn eile a athchóiriú agus a shíneadh. Mar aon le saoráidí poiblí a áirithiú i mórionaid uirbeacha, coinneofar soláthar poiblí ar bun i mbailte agus sráidbhailte beaga freisin. De réir sceidealú an Chláir, tá sé beartaithe tabhairt faoi na tionscadail is mó agus is casta sna céimeanna deiridh de thimthriall an Chláir agus na hacmhainní a theastaíonn chun déanamh amhlaidh a chur ar fáil ag an am sin.
Tionscadail a críochnaíodh go dtí seo
Limistéar FSS | Contae | Saoráid | Cur Síos Achomair |
CHO1 | Muineachán | Ionad Cónaithe Naomh Muire, Baile na Lorgan Ceanglais | HIQA a chomhlíonadh |
CHO1 | Muineachán | Teach Oriel, Baile na Lorgan/Muineachán | Ceanglais HIQA a chomhlíonadh (i gcomhar le PCC) |
CHO1 | An Cabhán | Aonad Lios Dorráin do Dhaoine Scothaosta, Ospidéal Ginearálta an Chabháin | Athchóiriú |
CHO1 | Dún na nGall | Aonad Altranas Pobail na gCealla Beaga | Mion-athchóiriú |
CHO2 | Maigh Eo | Ospidéal an Chroí Rónaofa, Caisleán an Bharraigh | Aonad altranas pobail 74 leaba a athsholáthar cóngarach don tsaoráid atá ann cheana agus na saoráidí Lónadóireachta agus Neachtlainne atá ann cheana a uasghrádú agus a athchóiriú |
CHO2 | Maigh Eo | Aonad Altranas Pobail Naomh Agaistín, Béal an Átha | Ceanglais HIQA a chomhlíonadh |
CHO2 | Maigh Eo | Teach Altranais McBride, Cathair na Mart | Ceanglais HIQA a chomhlíonadh |
CHO2 | Maigh Eo | Teach Altranais Dalton, Clár Chlainne Mhuiris | Ceanglais HIQA a chomhlíonadh |
CHO2 | Gaillimh | Áras McDara, an Cheathrú Rua | Ceanglais HIQA a chomhlíonadh |
CHO2 | Ros Comáin | Aonad Altranas Pobail Phluincéid, Mainistir na Búille | Ceanglais HIQA a chomhlíonadh |
CHO2 | Maigh Eo | Arus Deirbhile, Béal an Mhuirthead | Ceanglais HIQA a chomhlíonadh |
CHO2 | Maigh Eo | Aonad Altranas Pobail Naomh Fionnán, Acaill | Ceanglais HIQA a chomhlíonadh |
CHO2 | Ros Comáin | Aonad Altranas Pobail Áras Máthair Pól | Ceanglais HIQA a chomhlíonadh |
CHO3 | An Clár | Teach Regina, Cill Rois, Céim 2 | Ceanglais HIQA a chomhlíonadh |
CHO3 | An Clár | Na Ráithíní | Ceanglais HIQA a chomhlíonadh |
CHO3 | An Clár | Inis Díomáin | Ceanglais HIQA a chomhlíonadh |
CHO3 | Tiobraid Árann Thuaidh | Aonad Altranas Pobail Dean Maxwell, Ros Cré | Athchóiriú |
CHO4 | Corcaigh | Ospidéal Pobail Dhroichead na Bandan | Síneadh agus athchóiriú - Uasghrádú Chéim 1 ar na leapacha atá ann cheana |
CHO4 | Corcaigh | Ospidéal Ginearálta Bheanntraí | Ceanglais HIQA a chomhlíonadh |
CHO7 | Baile Átha Cliath | Aonad Altranas Pobail Bellvilla, an Cuarbhóthar Theas | Ceanglais HIQA a chomhlíonadh |
CHO7 | Cill Mhantáin | Ospidéal Pobail Bhealach Conglais | Uasghrádú agus Athchóiriú |
CHO8 | Lú | Aonad Pobail Oilibhéir Pluincéid, Dún Dealgan | Ceanglais HIQA a chomhlíonadh |
CHO8 | Uíbh Fhailí | Aonad Altranas Pobail Theach Ofalia | Athchóiriú |
CHO8 | Uíbh Fhailí | Teach Riada, Tulach Mhór | Athchóiriú |