English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fáiltíonn an tAire Donnelly roimh áiseanna nua máithreachais agus gínéiceolaíochta ag Ospidéal an Rotunda

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 13 Nollaig 2021
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Inniu, sheol an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD áiseanna nua go foirmiúil in Ospidéal an Rotunda, lena n-áirítear dhá obrádlann nua, seomraí seachadta breise, chomh maith le haonad gínéiceolaíochta siúlach.

Forbraíodh na háiseanna seo mar chuid den síneadh nua trí stór ar champas Chearnóg Parnell, d'ainneoin brú an phaindéim COVID-19 le 20 mí anuas. Ina theannta sin, bunaíodh Mol Torthúlachta Réigiúnach nua ag an Rotunda ag an am céanna mar chuid de rolladh amach an tSamhail Chúraim um Neamhthorthúlacht.

Dúirt an tAire Donnelly:

“Táimid ag feiceáil anois rolladh amach samhlacha nua cúraim do ghínéiceolaíocht agus neamhthorthúlacht shiúlach, a thosaigh anuraidh agus a leanfaidh ar aghaidh sna blianta beaga amach romhainn. Cuideoidh forbairtí le déanaí, go háirithe maidir le rolladh amach clinicí gínéiceolaíochta siúlacha, lena n-áirítear anseo ag an Rotunda, chun seirbhís gínéiceolaíochta a chinntiú le rochtain fheabhsaithe agus liostaí feithimh laghdaithe”.

Cuideoidh forbairt clinicí “féach agus cóireáil” gínéiceolaíochta siúlacha le rochtain ar sheirbhísí gínéiceolaíochta a fheabhsú; an riachtanas maidir le coinní iolracha gínéiceolaíochta a laghdú; inbhuanaitheacht an tsoláthair seirbhíse a chinntiú sa todhchaí i bhfianaise na liostaí feithimh an-suntasacha don speisialtacht seo; agus go tábhachtach, cuideoidh sé le torthaí cliniciúla do mhná a fheabhsú.

Dúirt an tAire Donnelly:

“Tá an Rialtas seo tiomanta do Shláinte na mBan a chur chun cinn agus is léiriú inláimhsithe ar an ngealltanas seo forbairtí seirbhíse mar iad siúd a fheicimid anseo inniu sa Rotunda. Is fianaise bhreise é an maoiniú breise suntasach do Shláinte na mBan a fógraíodh i mBuiséad 2022 dár dtacaíocht chun seirbhísí Sláinte na mBan a fheabhsú, i dtéarmaí leanúint ar aghaidh ag feabhsú na seirbhísí atá ann cheana, mar mháithreachas, agus maidir le seirbhísí nua a fhorbairt mar gínéiceolaíocht shiúlach, inmheatróis agus sainchlinicí meanapáis."

CRÍOCH