Fáiltíonn an tAire Donnelly roimh an Dul Chun Cinn Suntasach atá déanta maidir le Moltaí Scally a Chur i bhFeidhm
- Foilsithe: 3 Márta 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D’fháiltigh an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD, inniu roimh an dul chun cinn suntasach atá déanta maidir le cur i bhfeidhm mholtaí Fiosrúchán Scóipe an Dr Scally ar an gclár scagthástála CervicalCheck.
Léiríonn an tuarascáil ráithiúil ar dhul chun cinn is déanaí a foilsíodh inniu nach raibh ach ceithre cinn de 170 gníomh, a d’eascair as moltaí an Dr Scally, fós le críochnú ag deireadh 2021.
Thug an tAire aitheantas don iarracht agus don tiomantas suntasach a rinne a Roinn, FSS agus Clárlann Náisiúnta Ailse na hÉireann, ag obair go dlúth le páirtithe leasmhara lena n-áirítear ionadaithe othar, chun na moltaí a chur i bhfeidhm. Tá ról maoirseachta ag Coiste Stiúrtha CervicalCheck, a bhfuil an tOllamh Anne Scott ina cathaoirleach air, agus a chuimsíonn an Grúpa 221+ agus ionadaithe othar, i gcur i bhfeidhm na moltaí.
Dúirt an tAire Donnelly:
“Tá sé soiléir ón tuarascáil a foilsíodh inniu, go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta maidir le moltaí an Dr Scally a chur i bhfeidhm. Níl ach ceithre cinn de na 170 gníomh a tháinig chun cinn fós le cur i gcrích, agus tá siad seo ar fad idir lámha. Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt don obair shuntasach atá déanta go dtí seo ag gach duine a bhfuil baint aige lena cur i bhfeidhm, lena n-áirítear Coiste Stiúrtha CervicalCheck, agus an tiomantas leanúnach do na gníomhaíochtaí seo a chur chun cinn, muinín an phobail as ár seirbhísí scagthástála a chur chun cinn agus athruithe dearfacha a bhaint amach inár gcóras sláinte."
Lean an tAire ar aghaidh:
“D’iarr mé ar an Dr Gabriel Scally le déanaí athbhreithniú deiridh dul chun cinn a dhéanamh ar chur i bhfeidhm a mholtaí, agus tá an obair seo ar siúl anois. Tá dul chun cinn an athbhreithnithe deiridh seo ag teacht lenár ngealltanais i gClár an Rialtais, lena n-áirítear cur chun cinn chlár oibre sláinte na mban. Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt do thiomantas leanúnach an Dr Scally don obair thábhachtach seo, a chuir go mór le forbairtí inár gcóras sláinte cheana féin agus a chinntigh go bhfuil seirbhís scagthástála láidir ag Éirinn, a chuirfidh ar ár gcumas dul chun cinn a dhéanamh i dtreo na sprice deiridh maidir le deireadh a chur le hailse ceirbheacs."
Tá an tuarascáil ráithiúil ar dhul chun cinn Ráithe 4, 2021 ar chur i bhfeidhm mholtaí an Dr Scally foilsithe ar láithreán gréasáin na Roinne Sláinte. Léirítear sa tuarascáil is déanaí seo go bhfuil 166 gníomh as 170 gníomh curtha i gcrích faoi dheireadh 2021, agus go bhfuil na ceithre ghníomh atá fágtha ‘ar siúl’ agus le cur i gcrích in 2022.
CRÍOCH
NÓTAÍ DON EAGARTHÓIR
Tá tuilleadh faisnéise faoi Fhiosrúchán Scóipe agus faoi chur i bhfeidhm, lena n-áirítear tuarascálacha ráithiúla ar dhul chun cinn arna bhfoilsiú ag an Roinn Sláinte, ar fáil anseo: https://www.gov.ie/en/collection/030b53-scoping-inquiry-into-the-cervicalcheck-screening-programme/
Tá tuilleadh eolais faoin gCoiste Stiúrtha CervicalCheck ar fáil anseo: https://www.gov.ie/en/publication/351eaf-cervicalcheck-steering-committee/