English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fáiltíonn an tAire Donnelly roimh oscailt an chéad cheann de cheithre chlinic speisialaithe meanapáis d’othair

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 1 Nollaig 2021
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Cloch mhíle thábhachtach is ea an lá inniu d’fhócas nua ar chúram meanapáis in Éirinn de réir mar a théann othair chuig an gcéad cheann de cheithre Chlinic Meanapáis speisialaithe atá beartaithe arna mhaoiniú go poiblí. Tá sé beartaithe go ndéanfar trí chlinic speisialaithe eile a cheadú, a mhaoiniú agus a fhorbairt in 2022.

D’fhógair an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD, maoiniú don chlinic seo i mí Mheán Fómhair, le tacaíocht trí infheistíocht imfhálaithe trí Chiste Sláinte na mBan. Ag tagairt dó d’oscailt an chlinic, dúirt an tAire:

“De réir mar a thosaíonn mná ag úsáid na sainseirbhíse seo ón lá inniu i leith, fáiltíonn an Roinn Sláinte agus Tascfhórsa Sláinte na mBan roimh chéim thábhachtach eile ar an mbóthar chun cúram meanapáis níos fearr a sholáthar do mhná in Éirinn."

In Éirinn, cuirfear an chuid is mó den chúram meanapáis ar fáil do mhná ina bpobal faoi stiúir a ndochtúir teaghlaigh nó a n-altra cleachtais. Is sraith eile tacaíochta é an Clinic meanapáis ildisciplíneach seo do mhná a bhfuil siomptóim chasta meanapáis orthu. Gheobhaidh an clinic seo tacaíocht ó Dhochtúirí Teaghlaigh a bhfuil spéis speisialta deimhnithe acu i réimse an mheanapáis agus speisialtóirí altranais/cnáimhseachais cliniciúla.

Chomh maith le mná a chomhlíonann na critéir chliniciúla maidir le hatreorú chuig an tseirbhís a fheiceáil, soláthróidh an fhoireann chliniciúil comhairle agus treoir do Dhochtúirí Teaghlaigh sa phobal agus iad ag tacú le bainistíocht éifeachtach siomptóim an mheanapáis do mhná níos gaire don bhaile laistigh de chúram príomhúil.

Tá Tascfhórsa Sláinte na mBan ag méadú na tacaíochta atá ar fáil do mhná i gcúram príomhúil trí thacú le Coláiste Dhochtúirí Teaghlaigh Éireann treoir mear-thagartha meanapáis a fhorbairt do gach dochtúir teaghlaigh agus altra cleachtais ionas go mbeidh rochtain ag gach cliniceoir ar an bhfaisnéis cháilíochta chéanna. D'fhonn freagra a thabhairt ar na cleachtaí Éisteachta Radacacha inar iarr mná go gcuirfí faisnéis níos fearr ar meanapás ar fáil ó fhoinsí iontaofa, tá an Tascfhórsa ag tacú le sraith tionscnamh eile mar shampla, seimineár gréasáin poiblí ar fhreastail 200 bean air, agus oiliúint HR meanapáis a rolladh amach don fhostóir is mó sa stát, an Státseirbhís.

Chuir Buiséad 2022 tiomantas breise ar fáil do chur chuige fócasaithe i gcúram meanapáis le maoiniú do thrí chlinic speisialaithe meanapáis eile, chun líon na gclinicí a thabhairt go náisiúnta go ceithre cinn. Nuair a bheidh siad i bhfeidhm, cuirfear sainchlinicí meanapáis ar fáil i mBaile Átha Cliath, Luimneach, Gaillimh agus Corcaigh ag obair chun an tacaíocht mheanapáis atá ar fáil do mhná ina bpobal a chomhlánú.


NÓTAÍ D'EAGARTHÓIRÍ

Meanapás: cur chuige nua

I mí Mheán Fómhair 2021 d’fhógair an tAire Sláinte Stephen Donnelly TD, a thiomantas sainchlinicí tiomnaithe meanapáis a bhunú ar fud na hÉireann. Beidh na clinicí seo ina gcuid lárnach de chur chuige nua i leith cúram meanapáis do mhná in Éirinn agus tacóidh tacaíochtaí feabhsaithe cúraim phobail agus phríomhúil leo chomh maith le foilsiú foinsí faisnéise spriocdhírithe agus iontaofa do mhná atá ag dul tríd an meanapás. Leanann an fhorbairt comhairle Thascfhórsa Sláinte na mBan agus infheistíocht imfhálaithe trí Chiste Sláinte na mBan.

Cuimseoidh an chéad chéim den athrú sainchlinic tiomnaithe meanapáis a fhorbairt san Ospidéal Náisiúnta Máithreachais, Sráid Holles i mbliana.

Ar dtús, glacfar atreoruithe ó dhobharcheantar an Ospidéil Náisiúnte Mháithreachais, agus ansin pleananna chun é seo a leathnú amach d'oirthear na hÉireann. Cé gur féidir le liachleachtóir ginearálta tacaíocht éifeachtach a thabhairt do thromlach na mban a lorgaíonn tacaíocht dá meanapás laistigh de chúram príomhúil, beidh saineolas míochaine speisialaithe sa mheanapás ag teastáil ó thart ar 25% de mhná síntómacha.

Go sonrach, beidh an cohórt ban seo faoi cheithre chatagóir leathana:

  • ní fheabhsaíonn cóireáil a gcuid siomptóim mheanapáis
  • tá fo-iarsmaí trioblóideacha leanúnacha acu, mar shampla: fuiliú
  • tá fritásca acu chuig HRT; agus
  • tá éiginnteacht ann maidir leis an rogha cóireála is oiriúnaí dá siomptóim, mar shampla: stair mhíochaine chasta

Glacfaidh an clinic seo le hatreoruithe ó Dhochtúirí Teaghlaigh bunaithe ar na ceithre chritéar a sainaithníodh thuas, d’fhonn sainchomhairle leighis agus bainistíocht a sholáthar don chohórt seo de mhná maidir lena mbainistíocht ar an meanapás. Beidh tuilleadh sonraí atreoraithe ar fáil ar an láithreán gréasáin sna cúpla lá amach romhainn.In éineacht leis na sainchlinicí seo, tá obair shuntasach ar siúl chun cúram agus tuiscint meanapáis a chur chun cinn i gcoitinne:

  • Cuireadh maoiniú ar fáil trí Chiste Sláinte na mBan do Choláiste Dhochtúirí Teaghlaigh Éireann (ICGP) chun ‘treoir thagartha thapa’ a fhorbairt do Dhochtúirí Teaghlaigh agus altraí cleachtais maidir leis an meanapás. Cuideoidh an treoir seo le tuiscint ar bhainistíocht an mheanapáis a fheabhsú agus tacú le soláthar cúraim phríomhúil sa réimse seo.
  • Mar chuid den tsraith seimineár sláinte na mban “Inis dom níos mó faoi…” arna stiúradh ag Tascfhórsa Sláinte na mBan, tionóladh seimineár gréasáin poiblí maidir leis an meanapás inné an 29 Samhain. I measc na gcainteoirí ag an ócáid bhí an Dr Deirdre Lundy, speisialtóir agus traenálaí meanapáis agus Sally Anne Brady, bunaitheoir phobal Meanapás na hÉireann. Bhí thart ar 200 duine i láthair ag an seimineár gréasáin seo agus cuirfear taifeadadh de seo ar fáil go poiblí sna seachtainí amach romhainn.
  • Tionóladh seisiún oiliúna ‘Feasacht ar an Meanapás do Bhainisteoirí’ inniu an 30 Samhain d’fhoireann AD na státseirbhíse agus do bhainisteoirí na státseirbhíse araon. Leanann sé seo ó sheimineár gréasáin uile na státseirbhíse maidir leis an meanapás ag an obair an 18 Deireadh Fómhair, a raibh beagnach 500 duine i láthair ann. Tá sé beartaithe go dtarraingeofar grúpa oibre ó Ranna agus go dtiocfaidh siad le chéile chun plé a dhéanamh ar an gcuma atá ar thacaíochtaí agus ar mhachnamh níos fearr don mheanapás ar fud na státseirbhíse.
  • Táthar ag súil le tuilleadh forbairtí in 2022 de réir mar a thiocfaidh riachtanais chun cinn.

Tuilleadh eolais faoin gcur chuige nua i leith cúram meanapáis do mhná in Éirinn.

Tascfhórsa Sláinte na mBan

Tá Sláinte na mBan mar thosaíocht ag an rialtas seo mar atá mínithe i ngealltanais Chlár an Rialtas chun ‘Sláinte na mBan a Chur Chun Cinn’. Bhunaigh an Roinn Sláinte Tascfhórsa Sláinte na mBan in 2019 chun torthaí agus eispéiris sláinte na mban ar chúram sláinte a fheabhsú agus tar éis moladh ón bhFiosrúchán Scóipe ar an gClár Scagthástála Ceirbheacs go dtabharfadh an Roinn seo aird níos comhsheasmhaí, níos saineolaí agus níos díograisí ar shaincheisteanna sláinte na mban.

Níos mó a fhoghlaim faoi Sláinte na mBan.

Imeacht maidir leis an 'Meanapás ag an Obair’ sa Státseirbhís

Chun Lá Domhanda an Mheanapáis a cheiliúradh, thionóil Tascfhórsa Sláinte na mBan, i gcomhar le Seirbhís Cúnaimh d’Fhostaithe na Státseirbhíse (CSEAS), seimineár ar fud na státseirbhíse ‘Let's Talk: Menopause at Work’ agus bhí beagnach 500 duine i láthair.

Le beagnach 60% d’fhórsa saothair na Státseirbhíse comhdhéanta de mhná, bhí sé mar aidhm ag an ócáid plé maidir leis an meanapás a normalú le fócas ar leith ar mheanapás i gcomhthéacs oibre.

An tAire Sláinte roimh sheimineár gréasáin ar fud na státseirbhíse maidir leis an meanapás ag an obair