Fáiltíonn an tAire Feighan roimh fhoilsiú Sonraí Náisiúnta Cóireála maidir le fadhbúsáid alcóil
- Foilsithe: 28 Iúil 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Inniu (Dé Máirt an 28 Iúil), fáiltíonn an tAire Stáit atá freagrach as Sláinte Poiblí, Folláine agus an Straitéis Náisiúnta Frithdhrugaí, Frank Feighan TD, roimh fhoilsiú ‘Sonraí Náisiúnta Cóireála maidir le fadhbúsáid alcóil’ 2019 ón mBord Taighde Sláinte. Nochtann na sonraí gur déileáladh le breis agus 7,500 cás maidir le fadhbúsáid alcóil in 2019.
Dúirt an tAire Feighan;
“Cuireann na sonraí seo béim ar thábhacht an Chórais Tuairiscithe Náisiúnta ar Chóireáil Drugaí. Ceanglaítear ar gach seirbhís drugaí agus alcóil a fhaigheann maoiniú poiblí cóireáil a thuairisciú don chóras. Tá sé tábhachtach go mbeadh sonraí maithe againn chun monatóireacht a dhéanamh ar fhreagairtí ar mhí-úsáid drugaí agus alcóil mar chuid den straitéis náisiúnta, [external-link https://www.gov.ie/en/policy/c75aa0-health/#drugs-and-alcohol-policy | "Reducing Harm, Supporting Recovery” ].
“Príomhghníomhaíocht sa straitéis is ea infhaighteacht agus leathadh geografach seirbhísí ardchaighdeáin drugaí agus alcóil a leathnú agus raon na seirbhísí atá ar fáil a fheabhsú. Sa chomhthéacs seo, tá áthas orm a dhearbhú go bhfuil maoiniú os cionn €220,000 don chéad bhliain á chur ar fáil chun seirbhís thiomnaithe alcóil pobalbhunaithe a bhunú i gcathair na Gaillimhe. Is tiomantas sa Chlár Rialtais an tseirbhís nua seo. Tionscnamh comhpháirtíochta a bheidh sa tseirbhís idir Roinn Éigeandála Ospidéal Ollscoile na Gaillimhe agus seirbhísí andúile FSS. Beidh altra idirchaidrimh alcóil a bhíonn i dteagmháil idir an dá sheirbhís in éineacht le cliniceoirí foirne FSS ag a bhfuil cáilíochtaí cliniciúla iomchuí."
Thug an tAire ar aird go raibh dúshláin níos mó roimh dhaoine le fadhbanna a bhaineann le halcól le linn na paindéime COVID-19.
Dúirt an tAire Feighan:
“Le déanaí, d’fhoilsigh an Roinn Sláinte agus FSS [external-link https://twitter.com/roinnslainte/status/1260906962126020615 | Póstaer COVID-19 ] le príomhtheachtaireachtaí chun na díobhálacha a bhaineann le halcól a laghdú agus chun tacú le téarnamh. Tá sé tábhachtach go mbeadh a fhios ag daoine go bhfuil seirbhísí agus tacaíochtaí ar fáil dóibh, mar Líne Chabhrach Drugaí agus Alcóil FSS agus seirbhísí comhairleoireachta agus cóireála alcóil. Tá sonraí ar fáil ar [external-link http://www.drugs.ie/ | www.drugs.ie. ]"
CRÍOCH