Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fáiltíonn an tAire McGrath roimh Lá Domhanda Shiondróm Down

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 21 Márta 2019
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Rinne Finian McGrath TD, an tAire Stáit le freagracht speisialta as Míchumas, Lá Domhanda Shiondróm Down a cheiliúradh inniu.

Tá Lá Domhanda Shiondróm Down ina lá feasachta domhanda atá á cheiliúradh ar fud an domhain ón mbliain 2006 i leith.

Ag fáiltiú dó roimh an lá, dúirt an tAire gurb é aidhm an Lae guth domhanda aonair a chruthú tuilleadh le haghaidh obair ar son cearta, cuimsiú agus folláine na ndaoine a bhfuil Siondróm Down orthu a áirithiú. Dúirt an tAire:

“Tá ócáidí ceiliúrtha ar siúl i mbreis agus céad tír ar domhan inniu. Chomh maith leis sin, tá comhdháil bhliantúil ar siúl sna Náisiúin Aontaithe i Nua-Eabhrac agus sa Ghinéiv i gcomhar leis an gComhairle um Chearta an Duine. Is é teachtaireacht an Lae i mbliana ná “Gan Aon Duine a Fhágáil inár nDiaidh”.

Freastalóidh an tAire ar dhá imeacht inniu mar chuid den cheiliúradh. Tabharfaidh sé an t-aitheasc tosaigh ag comhdháil atá á heagrú ag Ionad na Tríonóide um Aosú agus Míchumas Intleachta ar maidin, áit a labhróidh sé faoin néaltrú i measc daoine a bhfuil Siondróm Down orthu. Níos déanaí, seolfaidh sé leabhrán nua dar teideal “More than Medical” ó Chumann Shiondróm Down.

Dúirt an tAire freisin,

“Tá súil agam go méadóidh an lá inniu feasacht an phobail i gcoitinne ar Shiondróm Down, ar a bhfuil i gceist le Siondróm Down do dhaoine a bhfuil an siondróm orthu agus ar an ról ríthábhachtach inár saol agus inár bpobal ar féidir le daoine a bhfuil Siondróm Down orthu a imirt agus a imríonn siad i ndáiríre.”

CRÍOCH