Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fáiltíonn an tAire roimh an gComhaontú leis na hOspidéil Phríobháideacha

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 8 Eanáir 2021
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Tráthnóna inniu d’fháiltigh an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD, roimh an gcomhaontú idir 16 ospidéal príobháideach agus FSS a thabharfaidh acmhainn bhreise do FSS chun déileáil leis an mborradh atá ann i líon na gcásanna Covid-19 agus le haon bhorradh eile a d’fhéadfadh tarlú le linn na paindéime, má thagann a leithéid chun cinn sa bhliain atá romhainn.

Dúirt an tAire Donnelly:

“Tá áthas orm gur thángthas ar an gcomhaontú seo agus tugaim faoi deara go raibh FSS fós i mbun caidrimh tairbhigh leis an ospidéal príobháideach atá fágtha agus atá ag cur seirbhíse ar fáil don chóras poiblí cheana féin.”

Faoin gcomhaontú, tá sé comhaontaithe go gcuirfidh na hospidéil suas le 30 faoin gcéad dá n-acmhainn ar fáil, ag brath ar fhorleithne an ghalair. Fórálann an comhaontú go mbeidh acmhainn bhreise le fáil, le comhaontú ón dá thaobh agus tá sé léirithe cheana féin ag roinnt ospidéal go mbeadh siad sásta a leithéid d’acmhainn a sholáthar más gá.

Dúirt an tAire Donnelly:

“Is maith is eol dom go bhfuil caidreamh ar fheabhas ann cheana féin ag an leibhéal áitiúil idir ospidéil phoiblí agus ospidéil príobháideacha, agus tá a fhios agam go bhfuil roinnt de na hospidéil phríobháideacha tar éis tús a chur cheana féin le socruithe a chur i bhfeidhm chun othair phoiblí a thógáil isteach sna laethanta atá romhainn.

“Cruthaíonn an comhaontú seo acmhainn bhreise agus is rud é seo atá fíorthábhachtach chun a chur ar chumas an chórais sláinte phoiblí déileáil le borradh den ghalar ar scála mór.

"Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na hospidéil phríobháideacha as a gcuid tacaíochta san iarracht náisiúnta dul i ngleic leis an mborradh sa phaindéim atá ann faoi láthair. Ba mhaith liom freisin buíochas a ghabháil le VHI a bhí sásta an scéim a riar d’othair phoiblí ar iarratas ó FSS.”

DEIREADH

Nótaí don Eagarthóir

  • Nuair a tháinig deireadh i Meitheamh leis an gcomhaontú bunaidh a bhí ann leis na hospidéil phríobháideacha, thug an Rialtas sainordú do FSS socrú nua a chomhaontú leis na hospidéil phríobháideacha, tríd a mbeadh rochtain ag FSS ar acmhainn sna hospidéil phríobháideacha chun socrú nua eangach shábhála a chruthú sa chás go mbeidh borradh eile ann i líon na gcásanna Covid-19.
  • Táthar fós i mbun plé leis an ospidéal atá fágtha.
  • Go tábhachtach, foghlaimíodh rudaí as an gcomhaontú leis na hospidéil a bhí i bhfeidhm in Aibreán, Bealtaine agus Meitheamh anuraidh.
  • Tá comhaontú uileghabhálach sa socrú a bheidh i bhfeidhm ar feadh 12 mhí. Le linn an ama sin, d’fhéadfaí bearta eangach shábhála a ghairm sa chás go dtarlaíonn borradh i líon na gcásanna Covid-19.
  • Beidh FSS freagrach as an socrú eangach shábhála a ghairm. Bunófar an cinneadh ar mhéadracht a léiríonn go hoibiachtúil go bhfuil borradh Covid-19 ann nó ar tí a bheith ann.
  • Clúdaíonn an mhéadracht leibhéal an tras-seolta phobail, líon na leapacha ospidéil sa chóras poiblí ina bhfuil othair le Covid-19 agus líon na leapacha sna haonaid dhianchúraim sa chóras poiblí ina bhfuil othair le Covid-19.
  • Ar aon dul leis an gcomhaontú, cuirfidh na hospidéil phríobháideacha seirbhís iomlán ar fáil, lena n-áirítear seirbhísí leighis agus aisíocfar na costais leo ag an ráta tráchtála caighdeánach.
  • De réir an chomhaontaithe, dhéanfaí othair phríobháideacha a chóireáil i gcónaí agus leanfaí leis an margadh traidisiúnta maidir le cúram sláinte príobháideach, ag an am céanna is a bheidh forálacha an tsocraithe seo i bhfeidhm, ag teacht le riachtanais na freagartha iomlán náisiúnta ar an bpaindéim.
  • Cumasóidh an comhaontú caidreamh áitiúil idir na hospidéil phríobháideacha agus na hospidéil phoiblí i ngach ceantar agus ba chóir go mbeidh mar thoradh air seo ná go gcuifear seirbhísí níos cuíchóirithe ar fáil do na hospidéil agus d’othair araon.